Spórt |
|
|
Cúlra iontach í tíreolaíocht Réigiún an Iarthair faoi choinne mórán gníomhaíochtaí dúshlánacha spóirt.
Sa Chonamaratón, nó Maratón Idirnáisiúnta Chonamara, tá Leathmharatón, Maratón Iomlán agus an t-aon Ollmharatón in Éirinn (39.3 míle) ar bhóthar a tharlaíonn in aon lá amháin. Beidh imeacht 2010 ar siúl an 11 Aibreán 2010 agus tá tuilleadh faisnéise ar fáil ar an suíomh gréasáin oifigiúil.
Arna eagrú ag Run Ireland, tá 14 mharatón iomlána 26.2 míle i Sraith Maratón Iarthar na hÉireann ag láithreacha éagsúla in Iarthar na hÉireann. Meallann mionmharatón ban bliantúil Luimnigh, atá suite go háisiúil do reathaithe agus siúlóirí atá bunaithe san Iarthar, os cionn 4,000 reathaí agus siúlóir gach bliain chun an 7km a dhéanamh. Tá sé ar cheann de na mionmharatóin is mó sa tír agus bailíonn sé go leor airgid do charthanacht gach bliain.
Ardaíonn tonn Aileen idir 20 agus 30 troigh agus caitear tú a tharraingt isteach. Ní raibh ach roinnt bheag tonnmharcach á úsáid go dtí gur ‘aimsíodh’ é agus nuair a chuaigh tonnmharcaigh idirnáisiúnta ag tonnmharcaíocht air ag deireadh 2005. Tá cur síos déanta air mar cheann de "mhórthonnta an domhain seo". Ní gá duit dul i ngleic le tonnta móra mar sin chun taitneamh a bhaint as an tonnmharcaíocht, áfach. Is spórt é ar féidir taitneamh a bhaint as ag gach leibhéal agus ag aon aois, agus tá tonnmharcaíocht iontach le fáil suas síos imeallbhord an Iarthair. Tá scoileanna tonnmharcaíochta i mBun Dobhráin, sa Leathros, i Leacht Uí Chonchubhair agus in áiteanna eile a chuideoidh leat tosú nó feabhas a chur ar do scileanna. Tá ról lárnach ag an spórt san Iarthar agus tá an oiread sin spóirt ann go mbaineann gach duine sa teaghlach taitneamh as spórt de shaghas éigin. |





Tá rogha shármhaith againn de ghalfchúrsaí (machaire gailf agus fearann páirce), iascaireacht, spóirt uisce, áiseanna eachaíochta, bealaí siúil, spóirt raicéid,
Tá Réigiún an Iarthair tagtha chun cinn mar áit ina dtarlaíonn go leor imeachtaí fulangachta cosúil le Trí-atlain agus Trí-atlain Ráibe le blianta beaga anuas. Áirítear le himeachtaí suntasacha Ifreann an Iarthair i gCill Chaoi, an Conamaratón agus Sraith Maratón Iarthar na hÉireann. Ritear líon mór rásaí níos giorra ar bhóithre i rith na bliana agus tá clubanna spóirt gníomhach sa réigiún.
Is imeacht bliantúil samhraidh é Ifreann an Iarthair agus is é an trí-atlan is faide atá ar siúl sa tír é. Mar a thuigfeá ón ainm, tá sé ar cheann de na trí-atlain is mó agus is deacra i sceideal Thrí-atlan Éireann agus bíonn os cionn 600 lúthchleasaí páirteach i snámh 1,500 méadar, rothaíocht 45km agus rás crua bóthair 10km dá n-éis.
Tagann bá agus cuaisíní Réigiún an Iarthair chomh maith le suaill an Atlantaigh Thuaidh le chéile chun ionad tonnmharcaíochta den chéad scoth a chur ar fáil i Réigiún Iarthar na hÉireann. Sainaithnítear tonn Aileen amach ón gClár anois mar cheann de na tonnta móra is mó aitheantas ar domhan, mar aon le Mavericks in California thuaidh, Teahupoo i dTaihítí agus Dungeons amach ón Afraic Theas.