|
Luaigh an tIarthar agus tagann siamsaíocht agus na healaíona chun aigne daoine. A bhuíochas lena áilleacht nádúrtha agus leis an gcáilíocht beatha atá ann, spreagann Réigiún an Iarthair an chruthaitheacht a mheallann daoine cruthaitheacha chuige ó gach cearn den domhan. Ar na féilte a bhfuil clú orthu timpeall na cruinne tá Féile Ealaíon na Gaillimhe a cheiliúir an 30ú féile in 2008, Féile Ealaíon an Earagail a cheiliúir an 21ú féile in 2009 agus Féile Ealaíon Mhainistir na Búille a reáchtáladh go rathúil le scór bliain anuas.
Ar na daoine agus na heagraíochtaí cáiliúla ó Réigiún an Iarthair tá siad seo a leanas: - The Druid Theatre Company ó Ghaillimh – tá siad seo ar cheann de na cuideachtaí amharclannaíochta Béarla is cáiliúla ar domhan. Is iomaí uair ar an mbóthar iad i SAM, lena n-áirítear Berkeley, Champaign-Urbana, Chapel Hill, Chicago, Columbus, Los Angeles, Malvern, Miami, Minneapolis, Nua-Eabhrac agus Washington DC.
- Enya – an ceoltóir Éireannach a dhíol an líon is mó ceirníní agus a bhuaigh ceithre dhámhachtain Grammy. Is as Gaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall di ó dhúchas. Bhíodh sí ina ball den ghrúpa clainne, Clannad, agus tá sí anois i measc na mbancheoltóirí is rathúla ar domhan.
WB Yeats – chaith sé a óige i Sligeach agus tá sé curtha i nDrom Cléibh i gContae Shligigh. Bhí Sligeach mar ábhar spreagtha ag WB agus ag a dheartháir, Jack ina saothar.- Tá an chuideachta léirithe, Telegael, a bhfuil dámhachtain Emmy gnóthaithe acu, lonnaithe sa Spidéal i gContae na Gaillimhe.
- John McGahern – fear dúchais Chontae Liatroma ba ea John atá i measc na scríbhneoirí Éireannacha is fearr agus is urramaí riamh anuas. Ba ghnách leis scríobh faoi shaol traidisiúnta na tuaithe in Éirinn ina gcuid leabhar, ina gcuid drámaí agus ina gcuimhní cinn a bhí an-rathúil ar fad. Cuireadh a shaothar is fearr aithne, Amongst Women, ar ghearrliosta faoi choinne dhuais Booker agus bhuaigh sé duais Ficsin The Irish Times/Aer Lingus.
Matt Molloy – seinnteoir traidisiúnta Éireannach na feadóige móire i gcuideachta na Chieftains agus úinéir an tí tábhairne, Matt Molloy’s i gCathair na Mart, an teach tábhairne is iomráití i gContae Mhaigh Eo.- Dearbhla Walsh – is as Tobar an Choire i gContae Shligigh an stiúrthóir seo a bhuaigh dámhachtain Emmy. Bhain sí an dámhachtain, an Stiúrthóir is Fearr, faoi choinne ‘Little Dorrit’ le Charles Dickens.
- Royal Theatre & Event Centre – meallann an t-ionad úr seo i gCaisleán an Bharraigh i gContae Mhaigh Eo na taibheoirí idirnáisiúnta is cáiliúla chun Réigiún an Iarthair.
Bliain iontach a bhí in 2009 do Ghaillimh agus do Réigiún an Iarthair nuair a tháinig Aigéanrás Volvo go Gaillimh, agus bhí féile choicíse ar siúl a tharraing 650,000 duine go Gaillimh chun taitneamh a bhaint as seónna aeir, ceolchoirmeacha, siúlóidí ealaíne, comórtais ghrianghraf, seoltóireacht chalafoirt agus spraoi agus fáilteachas Iarthar na hÉireann.
|