|
Is iomaí gníomhaíocht spóirt, chruthaitheach agus shóisialta san Iarthar. Tig le daoine níos mó rudaí a dhéanamh lena gcuid ama nuair nach mbíonn siad i mbun comaitéireacht fhada gach lá. Níl ganntanas gníomhaíochtaí san Iarthar agus tá cáilíocht beatha ann nach bhfuil a sárú le fáil áit ar bith! Réimse rathúil gníomhach ealaíon- Earnáil fhuinniúil spóirt agus gníomhaíochtaí atá ag teacht chun cinn
- An dúrud féilte spraoi
- Siopadóireacht ar fónamh ina bhfaightear brandaí áitiúla agus idirnáisiúnta
- Sár-roghanna ithe le fáil ar gach praghas
Chomh maith leis na galfchúrsaí, an mharcaíocht ar chapall agus na sárbhealaí siúil a fhaightear i Réigiún an Iarthair, tá tonnmharcaíocht, trí-atlan, cumainn rothaíochta, rugbaí, sacar, cluichí Gaelacha, lúthchleasaíocht, faoileoireacht chrochta agus clársheoltóireacht den scoth ann leis. Tagtar ar Pháirceanna Náisiúnta, ar aibhneacha, ar lochanna, ar shléibhte agus ar an aigéan i ngaireacht dá chéile agus is áit iontach é an réigiún le cónaí ann dá bharr.
Is é an tIarthar an áit ina bhfaightear rogha mhór ionaid oíche agus siamsaíochta, idir sheisiúin áitiúla agus an chraic agus ionaid mhóra cheoil agus siamsaíochta. Tá an iomad gníomhaíochtaí ceoil, damhsa, ealaíon, amharclannaíochta agus cultúrtha le fáil sa réigiún. Tá an tIarthar ag mealladh ealaíontóirí de gach cineál le blianta fada. Is breá le daoine cruthaitheacha soiléireacht an tsolais, agus an timpeallacht fháilteach a chothaíonn inspioráid. Is é atá mar thoradh air seo réimse rathúil ealaíon ina sonraítear amharclanna, na healaíona agus an ceol traidisiúnta, amharclannaíocht sráide, litríocht agus na hamharcealaíona. Earnáil fháilteach í atá ar fáil do chách agus is furasta páirt a ghlacadh inti.
Bainfidh siopadóirí súp as an iliomad siopaí ceardaí agus búitíc atá taobh leis na siopaí cáiliúla agus na siopaí mórshráide. Tá a lán roghanna ann idir shiopaí sofaisticiúla ardfhaisin agus shiopaí inacmhainne neamhfhoirmiúla. Slí an-taitneamhach chun an t-am a chur thart é ceannach bianna ardchaighdeáin a táirgeadh go háitiúil ag margaí feirmeoirí. Nuair a bhíonn do dhóthain ceannaithe agat, níl áit ar bith níos fearr le do shuaimhneas a ghlacadh ná i siopa caife nó i mbialann. Tá an dúrud roghanna ithe ann, idir bhialanna saora croíúla agus bhialanna a bhfuil duaiseanna bainte amach acu as a gcuid cócaireachta. Tig leat sult a bhaint as bia mara úr áitiúil den scoth le traidhfil Guinness b’fhéidir ag Féile na nOisrí a bhfuil clú uirthi timpeall na cruinne. Bíonn pobail an Iarthair níos lú agus níos dlúithe de ghnáth. Is iondúil go mbíonn gníomhaíochtaí pobail i gcroílár an phobail nuair a thagann bunadh na háite le chéile le freastal orthu. Tá spiorad pobail beo beathach i Réigiún an Iarthair. Bíonn imeachtaí agus féilte ar siúl gach mí den bhliain san Iarthar agus bíonn go leor díobh saor in aisce. Díríonn siad ar gach rud idir pháistí agus daoine os cionn 55 bliain, agus cheol traidisiúnta, cheol comhaimseartha, dhamhsa agus litríocht. Tig leis an saol in Iarthar na hÉireann bheith a shíochánta agus a fhuinniúla agus arb áil leat é!
|