Sláinte agus Cúram |
|
|
Tá ospidéil réigiúnacha le fáil i Sligeach agus i nGaillimh agus faightear ospidéil ghinearálta i Leitir Ceanainn, i gCaisleán an Bharraigh, i Ros Comáin, in Inis agus i mBéal Átha na Sluaighe. Sa mhullach air sin, tá mórán áiseanna eile leighis ann, lena n-áirítear cuid mhór ospidéil pobail agus ospidéil phríobháideacha.
Téigh ar líne chuig WhatClinic.com chun faisnéis bhreise a fháil faoi Chleachtaí Ginearálta agus faoi Chlinicí. |





Má bhaineann cúram do dhaoine aosta leatsa, moltar tú a chur ar an eolas go bhfuil rogha mhór tithe altranais, idir phoiblí agus phríobháideach, chomh maith le réimse cuimsitheach seirbhísí tacaíochta agus cúraim do dhaoine scothaosta le fáil san Iarthar.