Bí inár dTeannta » YouTube Logo Facebook Logo LinkedIn Logo Twitter Logo RSS icon

Oideachas san Iarthar

Priontáil

Cóimheasa ísle daltaí/múinteoirí, an rannpháirtíocht is airde in oideachas tríú leibhéal agus gréasán institiúidí tríú leibhéal den scoth. Is doiligh na háiseanna cúram leanaí sa réigiún a shárú freisin.

  • Mic Léinn in OÉ GaillimhIs é 17:1 an meánchóimheas daltaí/múinteoirí i mbunscoileanna i gcomparáid le 19:1 i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath agus le 20:1 i gContae Chill Dara agus i gContae na Mí.
  • Déanann céatadán níos airde de dhaoine óga ón Iarthar freastal ar institiúidí oideachais tríú leibhéal ná daoine ó áit ar bith eile sa tír.
  • Is as Sligeach agus Gaillimh a thagann an céatadán is airde de dhaoine a théann ar choláiste sa tír ar fad – 72% agus 68% faoi seach, i gcomórtas leis an meán náisiúnta arb ionann é agus 56%.

Bunscoileanna agus Meánscoileanna

Go ginearálta, bíonn na ranganna níos lú sna bunscoileanna agus tugann sé seo deis níos fearr do na daltaí ar scoil.  Tá stair shármhaith ag meánscoileanna san Iarthar ó thaobh torthaí agus iontrála i gcoláistí de.  Téann céatadán níos airde de dhaltaí meánscoile ar aghaidh go breisoideachas i gcomparáid leis an meán náisiúnta agus is fórsa óg fuinniúil ardoilte saothair a bhíonn mar thoradh air seo, agus is dea-nuacht é seo do ghnólachtaí ar ndóigh.

I dteannta séipéal agus chumainn áitiúla CLG, is minic a bhíonn scoileanna i gcroílár an phobail i gceantair thuaithe.  Cuidíonn spórt, réimse leathan gníomhaíochtaí iarscoile agus imeachtaí tiomsaithe airgid leis an bpobal teacht le chéile.

Oideachas Tríú Leibhéal

Forhalla IT ShligighTá sárghréasán d’institiúidí tríú leibhéal ar fud an Iarthair agus na gcontaetha máguaird, ina bhfuil ollscoileanna, institiúidí teicneolaíochta agus saincholáistí. I dteannta a chéile, tairgeann siad réimse fairsing de chúrsaí i ngnó, eolaíocht agus innealtóireacht, bogearraí, na meáin, fáilteachas, na daonnachtaí, ealaín agus cúrsaí eile nach iad.

Tá na hollscoileanna agus na coláistí seo tiomanta do chomhoibriú le cuideachtaí áitiúla agus neartaíonn sé seo cúrsaí fiontair sa réigiún. Tá gorlanna gnó, oifigí idirchaidreamh gnó, agus/nó oifigí aistrithe teicneolaíochta i bhformhór na n-institiúidí tríú leibhéal. Cuireann siad seirbhísí ar fáil do chuideachtaí tionscnaimh agus do chuideachtaí bunaithe araon, lena n-áirítear spás cothaithe, oiliúint, éascú comhoibrithe taighde agus comhairle faoi mhaoin intleachtúil.

Ollscoileanna:

  • Ainmníodh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (NUIG/OÉG) mar Ollscoil na hÉireann is Fearr, 2002-2003, 2009-2010 i dTreoir na nOllscoileanna sa Sunday Times. Tá tuairim is 15,000 mac léinn inti agus bíonn saol gníomhach fuinniúil ag na mic léinn. Tá os cionn 60 club spóirt agus de bhreis ar 83 cumann gníomhach san ollscoil.
  • Cé nach bhfuil Ollscoil Luimnigh, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain agus Ollscoil Uladh ag Coláiste Mhig Aoidh sa réigiún, tá sé éasca dul chucu.

Tá trí Institiúid Teicneolaíochta san Iarthar:

  • GMITInstitiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Mhaigh Eo (GMIT)Déantar freastal ar shainréimsí staidéir sa struchtúr ilchampais: Oideachais Allamuigh agus Eolaíocht Sláinte i gCaisleán an Bharraigh; Dearadh agus Déantúsú Troscán i Leitir Fraic; Talmhaíocht sa Chreagán; agus Staidéar Scannán agus Teilifíse agus Ealaín agus Dearadh i gCluain Mhuire i gCathair na Gaillimhe. Cuireann an IiBC in GMIT ar chumas cuideachtaí oibriú i dtimpeallacht shlán nuálach fiontair agus iad ag gabháil ar aghaidh i mbunú cuideachta nua.
  • Tá clú agus cáil bainte amach ag Institiúid Teicneolaíochta Shligigh as oideachas agus taighde comhshaoil.  Bhí sí i measc na gcéad institiúidí san earnáil a rinne Ionad Nuálaíocht Ghnó a fhorbairt ar an gcampas.
  • Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn (LYIT) an-ghníomhach i réimse tionscnaimh thrasteorann i gcomhar le hinstitiúidí oideachais ar fud Thuaisceart Éireann agus tá Ionad Forbartha Gnó gníomhach ann freisin.

Faightear saincholáistí san Iarthar leis:

Tá réimse cúrsaí oideachas aosach ar fáil freisin ó na Coistí Gairmoideachais, chomh maith le heagraíochtaí eile.