|
Is cuma cé acu an bhfuil áit chónaithe ar cíos nó á ceannach, is minic gurb ionann an réadmhaoin agus an caiteachas is mó i dteaghlach ar bith. Fiú le linn an choir chun donais eacnamaíoch a shonraítear san am i láthair, tá costas níos saoire ar réadmhaoin a cheannach nó a fháil ar cíos san Iarthar. - Idir €242,000 i gCathair na Gaillimhe agus €154,000 i gContae Ros Comáin is ea an meánphraghas* ar réadmhaoin nua in Iarthar na hÉireann. Is ionann é agus €306,000 i gCathair Bhaile Átha Cliath.
- Sa bhreis air sin, tá praghas níos saoire ar chíos** – cosnóidh árasán dhá sheomra leapa €525 sa mhí i gCúige Chonnacht, i gcomparáid le €1,086 sa mhí i mBaile Átha Cliath 6. Is ionann €786 sa mhí agus costas cíosa i gCathair na Gaillimhe.
*Tuarascáil Réadmhaoine myhome.ie Q4 2009 **Tuarascáil Chíosa Daft Q4 2009
Praghsanna Iarrata Q4 2009| Contae | Meánphraghas Tí 2009 |
|---|
| Contae Dhún na nGall | €177,000
| | Contae Mhaigh Eo | €164,000 | Contae Ros Comáin
| €154,000
| Contae Shligigh
| €174,000
| Contae Liatroma
| €165,000
| Contae an Chláir
| €187,000
| | Contae na Gaillimhe | €219,000
| | Cathair na Gaillimhe | €242,000
| Cathair Bhaile Átha Cliath
| €306,000
| (Foinse: Tuarascáil Daft Q4 2009. Tá na figiúirí bunaithe ar theach leathscoite trí sheomra leapa.) Tig leat réadmhaoin a chuardach nó liosta gníomhairí in Iarthar na hÉireann a fheiceáil ar Chuardach Réadmhaoine LookWest.
|