Bí inár dTeannta » YouTube Logo Facebook Logo LinkedIn Logo Twitter Logo RSS icon

Fostaíocht

Priontáil

Bíonn réimse leathan post agus scileanna de dhíth sa réigiún toisc réimse fairsing na gcuideachtaí atá suite i Réigiún an Iarthair agus roinnt braislí tionscail den chéad scoth.

Eolaí i mbun oibreClúdaítear cóir a bheith gach earnáil sa réigiún, go háirithe braislí móra fearacht Eolaíochtaí Beatha, ICT, Earnáil na Cruthaitheachta, Bia agus Dí, Seirbhísí Trádála Idirnáisiúnta agus na Turasóireachta. Meastar go mbeidh earnáil na hÉiceolaíochta agus Nithe In-athnuaite atá ag teacht chun cinn ina fostóir mór sa réigiún faoin mbliain 2020.

Bradáin á leasúIs féidir le tuarastail san Iarthar bheith níos ísle ná tuarastail i mBaile Átha Cliath corruair as na feidhmeanna céanna. Ach is saoire na costais mhaireachtála sa réigiún ó thaobh tithíochta, siopadóireachta agus cúram leanaí de agus scoireann sé seo ceist na dtuarastal de ghnáth.

Suirbhé Brightwater ar Thuarastail
Teideal an Phoist Baile Átha Cliath Réigiúnach
Feidhm Cheannasaí IT €70,000-€110,000 €65,000-€90,000
Forbróir C++ €30,000-€55,000 €28,000-€50,000
Sainchomhairleoir Ollstórála Sonraí €45,000-€80,000 €40,000-€65,000
Riarthóir Unix/Linux €30,000-€70,000 €30,000-€65,000
Bainisteoir Tionscadail Logánaithe €30,000-€55,000 €30,000-€45,000

 

táthúIdir 2000 agus 2007, tháinig fás níos gasta faoin bhfostaíocht i Réigiún an Iarthair ná áit ar bith eile sa tír. Ar a shon sin, mar gheall ar staid an gheilleagair faoi láthair, tháinig fás faoin dífhostaíocht i Réigiún an Iarthair ó 37,312 i mí Feabhra 2008 aníos go 82,079 i mí Eanáir 2010.

Gheobhaidh na daoine féinfhostaithe agus na daoine sin ar spéis leo gnólacht a lonnú sa réigiún amach go bhfuil go leor cabhrach le fáil.  Tá tuilleadh faisnéise le fáil faoi na tacaíochtaí atá ar fáil sa réigiún i bhFiontar LookWest.ie.

Tabhair cuairt ar Phoist LookWest.ie chun na poist atá sa réigiún a chuardach.