Bí inár dTeannta » YouTube Logo Facebook Logo LinkedIn Logo Twitter Logo RSS icon
Baile Cónaí san Iarthar Costas Maireachtála

Costas Maireachtála

Priontáil

Tá costas níos ísle maireachtála, praghsanna níos ísle réadmhaoine agus sár-roghanna gairme againn.

Íomhá de theaghlach i mbun siopadóireachta le haghaidh earraí grósaeireachta

Tá an réadmhaoin níos saoire, agus mar sin de, is saoire na morgáistí i Réigiún an Iarthair, tá na costais chúram leanaí níos inacmhainne agus faigheann tú níos mó ar do euro faoi choinne nithe ríthábhachtacha eile, fearacht gnáthearraí grósaeireachta.

  • Idir €242,000 i gCathair na Gaillimhe agus €154,000 i gContae Ros Comáin is ea an meánphraghas ar réadmhaoin nua in Iarthar na hÉireann. Is ionann é agus €306,000 i gCathair Bhaile Átha Cliath.
  • €144 sa tseachtain iad meánchostais chúram leanaí lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, i gcomórtas le €192 sa tseachtain don tseirbhís chéanna i mBaile Átha Cliath.
  • Ar an meán, bíonn an mheánsiopadóireacht faoi choinne earraí grósaeireachta in aghaidh na seachtaine 14% níos saoire taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath dar le figiúirí na Príomh-Oifige Staidrimh.

Bia agus DeochAg brath ar an gcineál earnála atá faoi thrácht, is féidir le tuarastail san Iarthar bheith níos ísle ná tuarastail i mBaile Átha Cliath corruair as na feidhmeanna céanna.  Ar a shon sin, is saoire an bunchostas san Iarthar agus gabhann anrud tairbhí nós maireachtála leis as saol in Iarthar na hÉireann. 

Cuireann staitisticí in iúl gur saoire bia agus deoch anseo ná mar atá siad i mBaile Átha Cliath – 24% níos saoire é pacáiste de na slisíní droma is fearr le haghaidh bricfeasta friochta maidin Dé Domhnaigh agus tá mála 10kg prátaí breis agus 6% níos saoire. Fiú cosnaíonn pionta leanna duibhe 9% níos lú. Tá tú in ann airgead a spáráil nuair a thugann tú cuairt ar an ngruagaire – cosnaíonn ní, gearradh agus séidtriomú do mhná 23% níos saoire agus tig le fir a oiread suntasach agus 47% a shábháil chun bearradh cúil agus taobhanna gearra a fháil.

  Meánphraghsanna de réir Ceantair (€)
 
Meánphraghsanna Tomhaltóra a Roghnaíodh: Baile Átha Cliath agus Lasmuigh de Bhaile Átha Cliath (Bealtaine 2009)
 TáirgeAonaidBaile Átha CliathLasmuigh de Bhaile Átha Cliath
Baile Átha Cliath v
Lasmuigh de Bhaile Átha Cliath (%)
 Slisíní Droma is Fearr1kg
 13.78 11.11 +24.0
 Stéig
 1kg 12.93 10.44+23.8
 Ní, gearradh agus séidtriomú do mhná
 táille45.15 36.71 +23.0
 Lágar BairillePionta amháin
 4.84 4.33 +12.0
 Pictiúrlann
táille
 9.38 8.42

 +11.4

 Filléid Troisc
1kg
18.18
 16.36 +11.2
 Leann Dubh Bairille
Pionta amháin
4.33
 3.97 +9.1
 Ceirtlis i mBuidéal330ml
4.87
 4.49 +8.5
 Prátaí
10kg
7.26 
 6.85 +6.0

 Foinse: Anailís Dhébhliantúil Mheánphraghais an CSO ar Phraghsanna Tomhaltóra: Baile Átha Cliath agus Lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, Bealtaine 2009.