Rochtain & Bonneagar Iarthar na hÉireann |
|
|
Is í an teachtaireacht ón Iarthar go bhfuil rochtain ar gach áit! Tá sé éasca teacht anseo, éasca taisteal timpeall ann agus éasca dul thar lear ón Iarthar.
Tá laghdú mór tagtha ar amanna taistil sa réigiún agus chuig Baile Átha Cliath agus lárionaid uirbeacha eile le blianta beaga de bharr ardleibhéal infheistíochta i mbonneagar. Tá an brú tráchta i bhfad níos ísle ná mar atá sé san Oirthear, agus gan fadhbanna tráchta ar bith beagnach i mbailte beaga. Oibríonn seirbhísí maithe bus idir an tIarthar agus an chuid eile d’Éirinn. Tá an gnáth-thuras comaitéireachta i bhfad níos giorra san Iarthar ná mar atá san Oirthear.
Tá uasghrádú á dhéanamh ar an gcóras iarnróid agus línte níos fearr agus traenacha díreacha níos tapúla á dtabhairt isteach. Tá amanna turais laghdaithe agus carráistí nua agus níos mó ar an mbealach. Tá Bealach Iarnróid an Iarthair le hoscailt i Márta 2010, a osclóidh nasc díreach iarnróid idir Gaillimh agus Luimneach.
Maidir le rochtain aeir san Iarthar, tá gréasán aerfort le fáil ann – dhá aerfort idirnáisiúnta sa tSionna agus in Aerfort Iarthar na hÉireann, Cnoc Mhuire, chomh maith le trí aerfort réigiúnacha i nDún na nGall, i Sligeach agus i nGaillimh. Téann eitiltí ón tSionna go Meiriceá agus go dtí an Eoraip. In 2009, ba é an tSionna an chéad aerfort san Eoraip a chur áiseanna réamhcheada custaim ar fáil do phaisinéirí ar an mbealach chuig na Stáit Aontaithe. Déanann Aerfort Iarthar na hÉireann, Cnoc Mhuire freastal ar 20 ceann scríbe in Éirinn, sa RA, agus san Eoraip. Freastalaíonn na trí aerfort réigiúnacha ar Bhaile Átha Cliath, ar an RA agus ar an Eoraip. Tá aerfort eile trasna na teorann i nDoire ar ndóigh. Tá feabhas ag teacht ar theileachumarsáid chomh maith. Tá fáil níos fairsinge ar leathanbhanda ar fud an réigiúin, ach níl sé le fáil i ngach áit go fóill. Tá sé i gceist leis an Scéim Náisiúnta Leathanbhanda go mbeadh rochtain leathanbhanda ag gach ceantar faoi Mheán Fómhair 2010. Tá leagan amach rathúil na scéime seo ríthábhachtach le haghaidh ceangaltais agus tráchtála i Réigiún an Iarthair. |





Tá feabhas mór tagtha ar amanna taistil timpeall an réigiúin de bharr uasghráduithe ar rochtain bóthair, iarnróid agus aeir.