Bí inár dTeannta » YouTube Logo Facebook Logo LinkedIn Logo Twitter Logo RSS icon

Coimisiún Forbartha an Iarthair (WDC)

Priontáil

Foinse leithleach airgeadais a chuireann caipiteal ar fáil do ghnólachtaí agus d’fhiontair phobail é Ciste Infheistíochta Choimisiún Forbartha an Iarthair (WDCIF).

Lógó an WDCIs éard a d’fhéadfadh bheith i gceist tionscadail nua nó tionscadail ar a bhfuil fairsingiú ag teacht. Déanann Ciste Infheistíochta an WDC infheistíocht i dtionscadail atá slán i dtaobh cúrsaí tráchtála a shíleann an WDC go bhfuil dea-chumas borrtha acu.

  • Déanann an WDC infheistíocht ar bhonn tráchtála trí mheán gnáthchaipiteal scaire, caipiteal scair thosaíochta, agus iasachtaí (nó trí mheascán díobh). 
  • Ní chuireann sé cúnamh deontais ar fáil.
  • Téimid sa tóir ar thoradh infheistíochta airgeadais chomh maith le tairbhe shóisialta a rachaidh chun leasa an réigiúin, ar nós cáilíocht fheabhsaithe beatha trí sheirbhísí agus trí thaitneamhachtaí a sholáthar, agus trí phoist nua a chruthú nó trí phoist reatha a inbhuanú.

Tá fáil ar na sonraí uile agus ar fhoirm iarratais ag www.wdc.ie

Bainisteoir Infheistíochta
Coimisiún Forbartha an Iarthair
Teach Dhiolúin, Bealach an Doirín, Contae Ros Comáin

Teil.: 094 9861441
Ríomhphost:  Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbat turscair, teastaíonn JavaScript le hé a fheiceáil