Bí inár dTeannta » YouTube Logo Facebook Logo LinkedIn Logo Twitter Logo RSS icon

Skillnets

Priontáil

Is cuideachta thacaíochta fhiontarthreoraithe atá i Skillnets a bhfuil sé mar mhisean acu scileanna daoine atá ag obair a bhreisiú i dtionscal na hÉireann chun tacú le hiomaíochas agus le hinfhostaíocht. 

Lógó SkillnetsSkillnets:

  • Cuideachta a fhaigheann maoiniú ón Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta tríd an gCiste Náisiúnta Oiliúna.
  • Cumasaíonn sé oiliúint le cúnamh deontais don earnáil phríobháideach trí 114 gréasán tionscail agus réigiúnach.
  • Seachadann gach gréasán cláir oiliúna, breisoiliúna agus forbartha gairmiúla dá bhaill atá fiontarthreoraithe agus deartha le riachtanais shonracha an tionscail a shásamh.

Is grúpa atá i ‘Skillnet’ (nó Gréasán Foghlama) de thrí fhiontar nó níos mó a chinneann comhoibriú mar ghrúpa d’fhonn clár oiliúna tionscail a bhunú nó tabhairt faoi thionscnamh tionscail nach mbeadh baill an ghrúpa ábalta tabhairt fúthu ina n-aonair.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Skillnets agus chun liosta de Ghréasáin Skillnets a fheiceáil atá ag feidhmiú i Réigiún an Iarthair, tabhair cuairt ar www.skillnets.ie.