|
Cruthaíonn an tírdhreach fíor-álainn nádúrtha, an cultúr, an traidisiún agus nós maireachtála le chéile ceann scríbe saoire den scoth.
Bhí baint ag turasóireacht le beatha na hÉireann agus an Iarthair leis na cianta anuas. Le blianta beaga anuas, sonraíodh borradh ar limistéir ar nós saoirí gníomhaíochta uiscebhunaithe chomh maith le fíoreispéireas tuaithe turasóireachta ina bhfuil oidhreacht agus cultúr i dtimpeallacht ghlas agus bia d’ardchaighdeán. Tá éileamh ann ar shaoirí téamabhunaithe, ar nós siúil, gailf, marcaíochta ar chapall agus cócaireachta.- Cuireann spóirt nua agus spóirt atá ag teacht chun cinn deiseanna breise ar fáil don tionscal turasóireachta.
- Cuireann an tonnmharcaíocht den scoth atá san iarthar, mar aon le teacht chun cinn imeachtaí comórtas fulangachta spóirt ar nós Connemarathon go mór le turasóireacht iasachta agus intíre.
- Cruthaíodh ar stáitse an domhain in 2009 gur ionad iontach agus fáilteach agastad le haghaidh Aigéanrás Domhanda Volvo í Gaillimh.
Líon Turasóirí Iasachta agus Intíre in 2008 | Réigiún | Contaetha | Turasóirí Thar lear | Turasóirí Intíre | | Iarthar na hÉireann | Gaillimh, Maigh Eo, Ros Comáin | 1,458,000 | 1,296,000 | | Iarthuaisceart na hÉireann | Dún na nGall, Liatroim, an Cabhán, Muineachán | 784,000 | 812,000 | | Réigiún na Sionainne | An Clár, Luimneach, Tiobraid Árann Thuaidh | 1,110 | 888,000 | | Iomlán | - | 2,243,110 | 2,996,000 | Foinse: Fíricí Turasóireachta Fháilte Éireann 2008 Tig le fiontair nua thurasóireachta teacht ar réimse tacaíochta ó Fháilte Éireann agus ó Chlár Leader an AE. Roinnt cuideachtaí atá sa limistéar seo cheana Ard-Mhúsaem na hÉireann, Brian McEniff Hotels, Caisleán Bhun Raite, Hodson Bay Watersports, Lahinch Surf School
|