Bí inár dTeannta » YouTube Logo Facebook Logo LinkedIn Logo Twitter Logo RSS icon
Baile Fiontar an Iarthair Earnálacha Seirbhísí Idirnáisiúnta

Seirbhísí Idirnáisiúnta

Priontáil

Tá tréanláithreacht de chuideachtaí idirnáisiúnta seirbhísí ag an Iarthar

  • I measc na gcuideachtaí seirbhíse atá sa limistéar seo tá réimse fairsing de sholáthróirí móra agus beaga.
  • Tá go leor de na cuideachtaí i mbun feidhme ag leibhéal domhanda.
  • Cuireann Réigiún an Iarthair líon mór oibrithe seirbhíse ar fáil d’fhostóirí.

Bíonn cuideachtaí páirteach i ngníomhaíochtaí ar nós ionaid seirbhísí comhroinnte, lárionaid ghlaonna, comhairliúcháin, próiseáil sonraí, seirbhísí ar líne, seirbhísí innealtóireachta, bainistíocht slabhra soláthair, seirbhísí comhlíonta, óstáil lárionad sonraí, seirbhísí áirithinte, díolacháin agus margaíochta, forbairt bhogearraí, logánú bogearraí, seirbhísí tacaíochta teicniúla, seirbhísí comhdhála, seirbhísí HR, bainistíocht IP, Tionscadal Ríomhsholáthair, ríomhfhoghlama agus bainistíocht ábhar.

Foirgneamh MBNA, Cora Droma Rúisc

Mar shampla, tá lárionad iontach mór teagmhála do chustaiméirí ag Bank of America/MBNA i Liatroim. Feidhmíonn IDT Toucan ó Shligeach agus tá bunáiteanna ag Fidelity Investments agus GE Capital anseo leis.

Roinnt cuideachtaí atá sa limistéar seo cheana

Bank of America/MBNA, IDT Toucan, Fidelity Investments, GE Capital, UnitedHealth, Symantec, Thermo-King Europe, UPS, Fedex, Merrill Brink International, Pacific Network Services