Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide (ICT) |
|
|
Áirítear san earnáil ghnó ICT déanamh crua-earraí agus bogearraí, chomh maith le seirbhísí lena mbaineann ICT. Crua-earraí ICT
Is gné thábhachtach den earnáil é líonrú agus cuireann Comhlachas Teicneolaíocht Faisnéise na Gaillimhe (ITAG) ceangail idir gnólachtaí ag a bhfuil baint san earnáil IT, idir chrua-earraí agus bhogearraí, chun cinn i nGaillimh agus sna ceantair máguaird. Toradh inmhianta de seo is ea go gcruthaítear líon mór de chuideachtaí Éireannacha níos lú, agus bhunaigh iarfhostaithe de chuideachtaí ilnáisiúnta sa cheantar go leor díobh seo. Roinnt cuideachtaí atá sa limistéar seo cheana Hewlett Packard, IBM, Cisco Systems, Nortel Networks, American Power Conversion Corp., Celestica, FotoNation Ireland Ltd., General Monitors Inc., Microsemi Ireland, Monster Cable Products, NetIQ Europe Ltd., Pulse Engineering Ireland, RSA Security, Buffalo Technology Bogearraí ICT
I measc na samplaí ceannródaíocha tá Cora Systems (bogearraí bainistíochta tionscadal), Nooked (gnólacht bunaithe ar Ghréasáin 2.0 an idirlín) agus Instinct Technology (meánearraí le haghaidh an tionscail chluichíochta). Tá cuideachtaí beaga bogearraí scaipthe ar fud na seacht gcontae uile den Iarthar, agus is gnách go mbíonn rogha nós maireachtála an úinéara ina cúis lena láithreacha. Roinnt cuideachtaí atá sa limistéar seo cheana SAP SSC Ltd., Pramerica Systems Ireland Ltd., SITA PTS, Infacta Ltd., Avocent, Attachmate, Mentor Graphics, Bustec, eflexes, Cora Systems, Eointec, Instinct Technology, Nooked |





Tá dlúthnasc idir an réigiún agus an margadh domhanda ICT agus is iad ceantair na Gaillimhe agus na Sionainne na cinn is treise i dtaobh táirgeadh crua-earraí ICT.
Is éard atá i dtionscal bogearraí an réigiúin cuideachtaí ceannródaíocha domhanda bogearraí.