Bí inár dTeannta » YouTube Logo Facebook Logo LinkedIn Logo Twitter Logo RSS icon

Bia agus Deoch

Priontáil

Tá cáil ar ‘Éirinn – Oileán an Bhia’ ar fud an domhain as ucht an tionscail bhia agus dí atá inti.

  • Burren SmokehouseD’easpórtáil Éire bia agus deoch de luach breis agus €8.16 billiún in 2008, de réir an Bhoird Bhia.
  • Ba bhunchloch an iarthair thuaithe leis na glúine an earnáil bhia.
  • Bhí 6,000 duine fostaithe san earnáil seo san iarthar in 2002 agus tá sí ar cheann de na fostóirí is mó i nDún na nGall agus i gContae Ros Comáin.

Ionad Orgánach Ros Inbhir, Contae LiatromaAthraíonn gnólachtaí ó thaobh méide agus tá idir Chomharchumainn mhóra éagsúlaithe ar nós Connacht Gold agus táirgeoirí bheaga iomadúla bia ceardaí ar nós Burren Smokehouse agus Noodle House Pasta ann.

Tá earnáil spleodrach táirgthe bia atá an-tréan san iarthuaisceart, agus feidhmíonn an tIonad Náisiúnta Orgánach ag Ros Inbhir mar mhol. Tá an líon táirgeoirí bia ceardaí agus orgánaigh a dhíolann go díreach ag margaí iomadúla na bhfeirmeoirí agus tuaithe ar fud an réigiúin ag dul i méid i gcónaí.

Ciseán de Bhia Orgánach ó Réigiún an IarthairIonad ábhartha taighde

An tIonad Teicneolaíochta Bia (Coláiste Oideachais San Aingeal)

Roinnt cuideachtaí atá sa limistéar seo cheana

Connacht Gold, O'Hara's Bakery, Burren Smokehouse, Blue Bell Falls Goatscheese, Carraig Fada Seaweeds, Noodle House Pasta, McGeough's Butchers, Sheila's Foods, Doolittle's Sandwiches, Filligan's Jams, www.surfseeds.com

Táirgí Bainne Connacht GoldComhlachais Ionadaíocha

Tionscal Bia agus Dí na hÉireann