Bí inár dTeannta » YouTube Logo Facebook Logo LinkedIn Logo Twitter Logo RSS icon
Baile Fiontar an Iarthair Earnálacha Earnáil na Cruthaitheachta

Earnáil na Cruthaitheachta

Priontáil

Luach geilleagrach á chruthú ag cruthaitheacht an duine.

ealaíona, ceardaíocht, ceol

Ar na nithe a mheallann  daoine cruthaitheacha chuig Réigiún an Iarthair in Éirinn tá an nós maireachtála, an tírdhreach, an pobal cruthaitheach agus costais níos ísle ghnó.

  • DánlannTá 4,779 gnólacht cruthaitheach i mbun feidhme i Réigiún an Iarthair.
  • Tá 11,000 duine á bhfostú san earnáil sa réigiún faoi láthair.
  • Tá cumas ann 2,000 post sa bhreis a chruthú san Iarthar.
  • Cuimsítear sa Gheilleagar Cruthaitheach réimse gnó, mar shampla: ailtireacht, ealaín, ceardaíocht, dearadh, scannánaíocht, bogearraí, ceol, na taibh-ealaíona, teilifís agus raidió srl.
  • Gnólachtaí beaga a bhíonn i gceist leis na gnólachtaí cruthaitheacha i Réigiún an Iarthair de ghnáth. 
  • Tá 39% díobh féinfhostaithe agus cuireann sé seo ardleibhéal fiontraíochta i measc daoine cruthaitheach in iúl.

Léiriú teilifíseIs láithreacha mealltacha le haghaidh gnólachtaí cruthaitheacha na ceantair iargúlta fiú de bharr bonneagar níos fearr agus modhanna dáilte ar líne. Ar a shon sin, tá bonneagar agus cumarsáid níos fearr ina nithe fíorthábhachtacha má táthar le hearnáil na cruthaitheachta a fhorbairt níos mó sa réigiún. Teastaíonn bandaleithead mór ó ghnólachtaí cruthaitheacha teicneolaíochta.

Tugann tuarascáil WDC a foilsíodh le gairid, An tIarthar Cruthaitheach – Earnáil na Cruthaitheachta i Réigiún an Iarthair (‘Creative West: The Creative Sector in the Western Region’), le fios gurb ionann an geilleagar cruthaitheach san iomlán agus 3% den fhostaíocht i Réigiún an Iarthair.

Fostaíocht in Earnáil na Cruthaitheachta i Réigiún an Iarthair
Contae Fostaíocht Scair den Fhostaíocht Iomlán
Dún na nGall 1,929 3.1%
Sligeach 1,265 4.2%
Gaillimh 3,878 3.4%
Maigh Eo 1,536 2.7%
An Clár 1,303 2.3%
Ros Comáin 478 1.7%
Liatroim 619 4.4%
Réigiún an Iarthair 11,000 3.0%

Foinse: PIMR agus Tuartha Réigiúnacha/Oxford Economics

 

Clúdach na tuarascála, An tIarthar CruthaitheachTá achoimre sa tuarascáil, An tIarthar Cruthaitheach ar thorthaí an taighde, chomh maith le roinnt moltaí mionsonraithe maidir le forbairt na hearnála.

Íoslódáil an tuarascáil anseo (1.9Mb PDF)

Ordaigh cóip chlóite anseo

Cuimsítear sa Gheilleagar Cruthaitheach réimse gnó, mar shampla: ailtireacht, ealaín, ceardaíocht, dearadh, scannánaíocht, bogearraí, ceol, na taibh-ealaíona, teilifís agus raidió srl. Tá an tIarthar go maith chun tosaigh maidir lena aitheantas mar réigiún ceannródaíoch cruthaitheach.

Tá roinnt cuideachtaí sa limistéar seo cheana:

Leitrim Design House, Eo Teilifís, Bridget Beemster, Model Arts Centre, Sligeach, Magma Films, Gaillimh