|
Tréanmhoil réigiúnacha ghnó Déantar ionadaíocht don uile shaghas mórearnáil ghnó i Réigiún an Iarthair agus tá láidreachtaí áirithe i limistéir shonracha ag an réigiún. - Eolaíochtaí Beatha – Feistí agus Teicneolaíochtaí Leighis (MDT) chomh maith leis na hearnálacha Cógaisíochta.
- ICT – déanamh crua-earraí agus bogearraí, chomh maith le seirbhísí lena mbaineann ICT.
- Innealtóireacht – Baineann traidisiún fada le hInnealtóireacht i Réigiún an Iarthair, agus is é an t-iarthuaisceart ceartlár traidisiúnta earnáil déanta uirlisí na hÉireann.
- Seirbhísí Idirnáisiúnta – lárionaid seirbhísí roinnte, lárionaid ghlaonna, comhairliúchán, próiseáil sonraí agus seirbhísí ar líne.
- Bia agus Deoch – Bhí 6,000 duine fostaithe san earnáil seo san iarthar in 2002 agus tá sí ar cheann de na fostóirí is mó i nDún na nGall agus i gContae Ros Comáin.
- Turasóireacht – Cruthaíonn an tírdhreach fíor-álainn nádúrtha, an cultúr, an traidisiún agus nós maireachtála le chéile ceann scríbe saoire den scoth.
- Earnáil na Cruthaitheachta – is maith a oireann Geilleagar na Cruthaitheachta don iarthar agus tá borradh ag teacht air as féin.
- An Earnáil Phoiblí – Tá 80,000 duine fostaithe san earnáil phoiblí faoi láthair san iarthar agus tiocfaidh breis agus broghadh ar an bhfigiúr seo de thoradh dílárú oifigí rialtais.
Tá réimse fairsing gnólachtaí san iarthar, idir mhicrifhiontair, SMEanna agus chorparáidí móra. Déanann cuideachtaí ionadaíocht don uile shaghas mórearnáil ghnó agus tá láidreachtaí áirithe i limistéir shonracha ag an réigiún. Faisnéis mhionsonraithe faoi earnálacha áirithe, lena n-áirítear faisnéis faoi ionaid ábhartha taighde, institiúidí taighde, comhlachais ionadaíocha agus, gan amhras, gnólachtaí atá bunaithe agus i mbun feidhme cheana san iarthar.
|