Fuinneamh Adhmaid |
|
|
Tá 41% den talamh choilltithe i bPoblacht na hÉireann suite i Réigiún an Iarthair. Sa mhullach air sin, baineann próifíl aoise le cuid mhór den fhoraoiseacht seo ina dteastaíonn tanúchán (is mórfhoinse fhéideartha de bhreosla adhmaid iad tanúchán agus iarmhair foraoiseachta). Is é fuinneamh adhmaid an fhoinse is suntasaí d’fhuinneamh in-athnuaite san Aontas Eorpach, áit a bhfuil sé ina earnáil atá aibí i dtaobh cúrsaí teicniúla agus baintear leas fairsing as agus is earnáil é atá inmharthana i dtaobh na tráchtála de.
Bhí baint nach beag ag an WDC i bhforbairt fuinneamh adhmaid mar aon le láimh chúnta a thabhairt d’fhorbairt pobail i bhfuinneamh in-athnuaite. Agus iad mar phríomh-chomhpháirtí sa Chur Chuige nua Réigiúnach i leith Réitigh Áitiúla Fuinnimh In-athnuaite (RASLRES) a mhúscailt, fuair an WDC maoiniú €1 mhilliún ón AE le haghaidh Réigiún Iarthar na hÉireann. Tacóidh an tionscadal trí bliana seo le feirmeoirí, le fiontair thuaithe agus le pobail tuaithe leis an earnáil teas adhmaid a mhéadú.
Tá an WDC tar éis spriocanna réigiúnacha chomh maith le Plean Gníomhaíochta a leagan amach le haghaidh bhorradh/fhorbairt na hearnála fuinneamh adhmaid sa tuarascáil Straitéis Fuinneamh Adhmaid le haghaidh Réigiún an Iarthair.
|






Ar an ábhar go n-úsáideann téamh adhmaid acmhainní reatha nádúrtha, is fostaíocht tuaithe a bhíonn i gceist leis an gcuid is mó den fhostaíocht.
De réir mar a fhorbraíonn an earnáil, áireofar tairbhithe eile ar nós conraitheoirí foraoiseachta, cuideachtaí tarlaithe, pluiméirí, innealtóirí agus conraitheoirí leictreacha.