Fuinneamh na Mara |
|
|
Cuireann fuinneamh na mara foinse nár baineadh leas aisti d’fhuinneamh in-athnuaite ar fáil agus is ann dó i dtonnta agus i sruthanna taoide muirí an domhain.
Tugtar le fios i staidéir thaighde a rinneadh le déanaí, go mór mór Fuinneamh na Mara in Éirinn: Straitéis Mara2006 den Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha go bhfuil ollchumas ag Éirinn i dtaobh leibhéil shuntasacha de thonnfhuinneamh agus d’fhuinneamh taoide a chruthú.
Tá saineolas taighde tríú leibhéal ag Éirinn i limistéir dheartha tuirbíní in Ollscoil Luimnigh, i dtástáil samhail tonnumair in Ionad Taighde Hiodrálaice agus Mhuirí de chuid Choláiste na hOllscoile, Corcaigh chomh maith le múnlú tonnfhuinnimh in Ollscoil na Banríona.
De bharr go bhféadfaí 20% den mhargadh easpórtála na hEorpa a fháil, d’fhéadfadh forbróirí tonnfhuinnimh na hÉireann an méid a leanas a dhéanamh:
Bunaíodh an tAonad um Fhorbairt Fhuinneamh na Mara (OEDU) le cinneadh beartais an Rialtais forbairt Fhuinneamh na Mara (Tonnfhuinneamh agus Fuinneamh Taoide) a bhrostú in Éirinn a chur i bhfeidhm. Is iad na cuspóirí Éire a bhunú mar ionad barr feabhais i dteicneolaíocht fhuinneamh na mara chomh maith le braisle thionscail den scoth a mhúscailt. |





Dheonaigh Fuinneamh Inmharthana Éireann (SEI) €4.3 milliún de mhaoiniú forbartha do dheich gcuideachta Éireannacha tonnfhuinnimh in 2009. Idir €20,000 agus €2 mhilliún a bhíonn na deontais, agus i measc na gcuideachtaí a bhaineann tairbhe as seo tá Wavebob agus Ocean Energy, a bhí ag tabhairt faoi thrialacha fréamhshamhaltaithe tonnfhuinnimh i gCuan na Gaillimhe, mar aon le OpenHydro, atá ina gceannródaí lena mbaineann forbairt tonnchumhachta.