Bí inár dTeannta » YouTube Logo Facebook Logo LinkedIn Logo Twitter Logo RSS icon
Baile Fiontar an Iarthair Éiceolaíocht agus Nithe In-athnuaite

Éiceolaíocht agus Nithe In-athnuaite

Priontáil

An acmhainn is sine b’fhéidir, ach is an tionscal is nua

LomáinTá Réigiún an Iarthair ar thús cadhnaíochta maidir le tionscnaimh fuinnimh in-athnuaite agus le cuidiú le hastuithe carbóin na hÉireann a laghdú.

Baineann Réigiún an Iarthair in Éirinn sochar as tírdhreach agus as coinníollacha aeráide; oireann siad go háirithe do chothú chumhacht an dúlra chun riachtanais fuinnimh a sholáthar.

  • Tuirbíní GaoitheRéimse tábhachtach cumais é fuinneamh in-athnuaite i dtaca le borradh geilleagrach.
  • Féadfaidh fuinneamh in-athnuaite acmhainn dhúchasach inbhuanaithe in-athnuaite fuinnimh a sholáthar.
  • Cuireann taighde WDC in iúl go bhféadfadh fuinneamh adhmaid leis féin 11% de riachtanais teasa an réigiúin a sholáthar faoin mbliain 2020.
  • Tá mórán cumas fostaíochta ag fuinneamh glas i Réigiún an Iarthair. Laistigh den earnáil fuinneamh adhmaid amháin (cuid den fhuinneamh glas), d’fhéadfaí de bhreis ar 900 post a chruthú faoin mbliain 2020. 

Ceilp bhithmhaiseSeo a leanas príomhréimsí fócais na hearnála éiceolaíochta agus nithe in-athnuaite sa réigiún:

  • Fuinneamh adhmaid
  • Bithfhuinneamh
  • Fuinneamh gaoithe
  • Fuinneamh na mara

Fuinneamh na maraChinntigh Coimisiún Forbartha an Iarthair maoiniú an AE leis an earnáil fuinneamh adhmaid i Réigiún an Iarthair a fhorbairt.  Is éard atá in RASLRES tionscadal ilnáisiúnta Eorpach bithfhuinnimh dar fiú €3 mhilliún faoi threorú Choimisiún Forbartha an Iarthair (WDC), Éire mar aon le comhpháirtithe sa tSualainn, in Albain agus i dTuaisceart Éireann.  Tá sé á mhaoiniú ag INTERREG IVB – an Clár Forimill Thuaidh.

Tacóidh  an tionscadal seo le feirmeoirí, le fiontair thuaithe agus le pobail tuaithe leis an earnáil teas adhmaid a mhéadú. Is fíorthábhachtach tacaíocht an phobail le go mbainfidh an earnáil fuinnimh in-athnuaite a lánchumas amach mar acmhainn fuinnimh agus le spriocanna beartais an Rialtais a ghnóthú ag an am céanna. Féadfaidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite tairbhí móra a thabhairt chun an gheilleagair thuaithe agus chun an phobail ina bhfuil príomhacmhainní suite. Féadfaidh siad fiontair atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil agus an gheilleagair de a chruthú agus deiseanna fostaíochta a sholáthar i gceantair thuaithe ina bhfuil meath ar chúrsaí talmhaíochta.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, téigh ar líne go  http://www.raslres.eu/