Teileachumarsáid |
|
|
Tá leathanbhanda á thabhairt isteach ar fud an iarthair faoi láthair, agus is ann do rogha soláthróirí seirbhíse ar a bhfuil méadú ag teacht i gcónaí. Tá nasc idir gach príomhbhaile. In ionaid níos lú agus i gceantair thuaithe níos lú tá feabhas á chur ag scéimeanna speisialta agus ag nuálaíocht teicneolaíochta ar infhaighteacht. Beidh leathanbhanda i sprioc-cheantair áirithe in Éirinn nach bhfuil fáil ar sheirbhísí leathanbhanda iontu a bhuíochas leis an Scéim Náisiúnta Leathanbhanda (NBS). Faoin gconradh, a bronnadh ar 3, beidh orthu seirbhísí a chur ar fáil don uile áitreabh i limistéar an NBS óna bhfuil seirbhís ag teastáil. D’fhonn comórtas a éascú sa limistéar, beidh ar 3 rochtain mhórdhíola a chur ar fáil d’aon oibreoir eile údaraithe ar mian leo seirbhísí a chur ar fáil d’áitribh i limistéar an NBS. Más mian leat teacht ar láithreacha i limistéar clúdaigh na Scéime Náisiúnta Leathanbhanda tabhair cuairt ar an léarscáil chlúdaigh ar shuíomh gréasáin three.ie. |




