Bóithre agus Iompar Poiblí |
|
|
Bóithre Bhí feabhsúcháin shuntasacha le sonrú ar na bóithre san iarthar le blianta beaga anuas agus tá líon príomhthionscadail fós ar siúl. Leanfaidh iad seo ar aghaidh agus amanna aistir chuig ceantair eile sa tír a laghdú.
Iompar Poiblí Tá go leor seirbhísí ar fáil i gcóras iompair phoiblí Réigiún an Iarthair – bus agus iarnród, iompar poiblí agus príobháideach. Cuireann Bus Éireann agus oibreoirí príobháideacha seirbhísí rialta bus ar fud an iarthair. Tairgeann go leor oibreoirí príobháideacha seirbhísí speisialta deireadh seachtaine le haghaidh mic léinn ollscoile – a thaistealaíonn ó áiteanna laistigh agus taobh amuigh den réigiún. Sa bhreis air sin, is ann do cheithre líne iarnróid go dtí Baile Átha Cliath:
Beidh amanna laghdaithe turais agus níos mó carráistí agus carráistí níos fearr ann go luath. Tá Bealach Iarnróid an Iarthair le hathoscailt i gcéimeanna. Seoladh Céim 1 de Bhealach Iarnróid an Iarthair go hoifigiúil an 29 Márta 2010 agus tá sceidil iomlána ag feidhmiú. Táthar tar éis seirbhís dhíreach traenach a oscailt idir Cathair na Gaillimhe agus Cathair Luimnigh dá thoradh seo. Tá feabhas leanúnach ag teacht ar Lasta Iarnróid tar éis gur fhógair International Warehousing and Transport Ltd (IWT) i mBealtaine 2010 go mbeidh tríú himeacht sa tseachtain ar a seirbhís rathúil lasta iarnróid idir Calafort Bhaile Átha Cliath agus Béal an Átha in Iarthuaisceart na hÉireann. Cuireadh tús leis an oibríocht i dtosach báire i mí Lúnasa 2009 agus bhí dhá imeacht sa tseachtain ann idir Port Bhaile Átha Cliath agus Béal an Átha agus cuireadh an tríú himeacht leis seo Dé Luain an 24 Bealtaine 2010. Cuirfidh an tseirbhís seirbhísí traenach ilchliant ar fáil le haghaidh custaiméirí nua agus reatha agus is féidir freastal ar an réimse iomlán de choimeádáin ISO. Le haghaidh tuilleadh faisnéise faoi réimse seirbhísí IWT, caith súil ar IWT nó cuir glaoch ar +35318801800. |




