Bí inár dTeannta » YouTube Logo Facebook Logo LinkedIn Logo Twitter Logo RSS icon

Fuinneamh

Priontáil

Tá nuashonrú de shíor á dhéanamh ar an mbonneagar leictreachais i Réigiún an Iarthair. Is ann do líon mórthionscadal atá á gcur le chéile nó atá sa chéim phleanála a chuirfidh le treise an chórais tarchuir leictreachais sa réigiún.

Leictreachas agus Gás

Cuireann EirGrid léarscáil mhionsonraithe ar fáil den chóras tarchuir leictreachais sa réigiún.

Tá fáil faoi láthair ar naisc le gás nádúrtha i mbailte i gcontaetha an Chláir, na Gaillimhe agus Mhaigh Eo, lena n-áirítear Caisleán an Bharraigh, Cathair na Mart, Béal Átha na Sluaighe agus Baile Chláir. Cathair na Gaillimhe, Creachmhaoil, Áth Cinn, Bun Raite, Droichead an Chláir, an Chreatalach, Inis, Cill Dálua, Míleac, an tSionna agus Droichead Abhann Uí gCearnaigh. Feic Léarscáil Bhord Gáis le haghaidh sonraí faoin teacht ar ghás nádúrtha san Iarthar.

Tá flúirse acmhainní nádúrtha ag Réigiún an Iarthair le cumas suntasach forbairt na hearnála fuinneamh in-athnuaite a lonnú ann, go háirithe acmhainní gaoithe, toinne agus adhmaid. Tá cumas suntasach sa réigiún ag breosla adhmaid, mar fhoinse fuinnimh, de bharr gur foinse fhéideartha shuntasach de bhreosla adhmaid é tanúchán agus iarmhair, agus go bhfuil 40% de thalamh choilltithe na hÉireann sa réigiún.

Tá Coimisiúin Forbartha an Iarthair (WDC) ag oibriú d’fhonn a dhéanamh amach conas is féidir linn leas a bhaint as luach na n-acmhainní seo le dul i ngleic le riachtanais réigiúnacha agus náisiúnta fuinnimh le béim nach beag ar fhuinneamh adhmaid.  Is féidir tuarascáil ar chumas fuinneamh adhmaid a íoslódáil ag www.wdc.ie

Leanann an réigiún le bheith ina mhórtháirgeoir d’fhuinneamh gaoithe agus an acmhainn is mó ghaoithe suite ar bhord farraige an iarthair.