Bí inár dTeannta » YouTube Logo Facebook Logo LinkedIn Logo Twitter Logo RSS icon

Rochtain Aeir

Priontáil

Maidir le rochtain aeir san Iarthar, tá gréasán aerfort le fáil ann – dhá aerfort idirnáisiúnta sa tSionna agus in Aerfort Iarthar na hÉireann, Cnoc Mhuire, chomh maith le trí aerfort réigiúnacha i nDún na nGall, i Sligeach agus i nGaillimh.

Téann eitiltí ón tSionna go Meiriceá agus go dtí an Eoraip. Déanann Aerfort Iarthar na hÉireann, Cnoc Mhuire freastal ar 20 ceann scríbe in Éirinn, sa RA, san Eoraip agus níos faide i gcéin. Tá méadú ag teacht ar líon na mbealaí i rith an ama.

Aerárthach ag tuirlingt ar rúidbhealach

Is luach maith na trí aerfort réigiúnacha i nDún na nGall, i Sligeach agus i nGaillimh faoi choinne aistir bheaga go Baile Átha Cliath, go dtí an RA agus do dtí an Eoraip. Tá aerfort eile trasna na teorann i nDoire ar ndóigh.

Is sciobtha, is éifeachtúla agus is éifeachtaí ó thaobh costais de an taisteal ó aerfoirt níos lú ná bheith ag streachailt trí na haerfoirt mhóra ghnóthacha sna cathracha. Is fusa i bhfad an pháirceáil leis.