Bí inár dTeannta » YouTube Logo Facebook Logo LinkedIn Logo Twitter Logo RSS icon
Baile Burren Smokehouse, an Clár

Cás-staidéar – Burren Smokehouse, an Clár

Priontáil

Bhunaigh Peter Curtin, fear dúchais Lios Dúin Bhearna, agus a bhean chéile ón tSualainn, Birgitta, an Burren Smokehouse i 1989. Táirgeann agus díolann an Smokehouse réimse fairsing d’iasc deataithe ón monarcha shaincheaptha i Lios Dúin Bhearna i gContae an Chláir.

Tháinig borradh ar an ngnólacht ó áith bheag a úsáid nach féidir ach 20 iasc a dheatú ann ag aon tráth amháin, go dtí oibríocht lánscála deataithe a dhéanann 1.3 tona sa lá a dheatú agus déantar os cionn leath de seo a easpórtáil. I dtosach báire, dhíol an Burren Smokehouse táirgí le bialanna agus le tithe áitiúla tábhairne i réigiún Iarthar an Chláir, agus bhain an Smokehouse barr an mhargaidh amach ón tús. Ó shin i leith, cruthaíodh gnólacht fairsing trí shiopaí beadaí.

Agus ráiteas á thabhairt aige ar dhul chun cinn an ghnólachta, dúirt Peter, “I lár na 1990idí chuamar isteach i margadh nua trí ionad cuairteoirí a thógáil i Lios Dúin Bhearna. Cuimsítear ann siopa beadaí a dhéanann freastal ar 40,000 turasóir gach bliain. Éiríonn linn díolacháin dhíreacha a dhéanamh tríd an ionad cuairteoirí, chomh maith lenár ngnólacht margaíochta dírí ar líne ag a bhfuil daoine agus an margadh corparáideach ina sprioc. Tá gnólacht shubstaintiúil easpórtála againn anois. Déantar thart ar 60% dár ndíolacháin éisc dheataithe a easpórtáil agus tá a ghaire atá sinn le hAerfort na Sionainne ina mhórbhuntáiste i dtaca leis an ngnó easpórtála seo a bhreisiú.” Tríd is tríd, creideann an chuideachta gur beag difríochta atá idir a gcuid costas oibríochtúil agus iad sin a bhíonn ag gnólachtaí i gceantair níos uirbí.

I 1997, bhí seisear ball foirne ag an gcuideachta; tá 15 oibrí bhuana acu anois chomh maith le deichniúr breise a fhostaítear san am is gnóthaí. Ó Éirinn agus ó áiteanna thar lear iad na fostaithe agus cónaíonn siad uile i Lios Dúin Bhearna nó laistigh de 20 míle. Dúirt Peter an méid a leanas, “Ní furasta de shíor an fhoireann a theastaíonn uainn a fháil ach tá na daoine a bhog ó Bhaile Átha Cliath ríshásta. Is í an cháilíocht beatha an ní is mó a mheallann iad.”

Tá cáilíochtaí tríú leibhéal ag an bhfoireann bhainistíochta uile – dioplóma nó céim, agus baineann tábhacht don ghnólacht le breisoiliúint leanúnach na foirne. Fuair an Burren Smokehouse rochtain ar oiliúint fhairsing trí Chlár Skillnets ar a ndéanann an Rialtas maoiniú. Sa mhullach air sin, d’oibrigh fochéimithe ó Ollscoil Luimnigh leis an gcuideachta i ndáil le tionscadail taighde ar an margadh.

Fuair an chuideachta maoiniú ó ghníomhaireachtaí áirithe thar na blianta, agus is riachtanas leanúnach é maoiniú de bharr go bhfuil sé de rún ag an ngnólacht fairsingiú agus nuáil go teicniúil le bheith iomaíoch i gcónaí. I measc na bhfoinsí de mhaoiniú stáit bhí Leader agus Forbairt Shionainne.

Agus é ag labhairt faoi fhorbairt, dúirt Peter, “Rinneamar nuáil fhairsing tríd síos na mblianta, go háirithe i limistéar na Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide (ICT) agus in 2002 thugamar faoi atheagrú fairsing agus ríomhairiú ár gcóras. Chuir na córais nua mórfheabhas ar éifeachtacht an ghnólachta, chomh maith leis an méid is féidir a láimhseáil.”

Ina theannta sin, níor baineadh dóthain leasa as bunachar sonraí teagmhálaithe custaiméara ná as treochtaí díolacháin an ghnólachta. Chuir an córas nua uirlisí bogearraí ar fáil le fiosrú níos fearr a dhéanamh ar an mbunachar sonraí agus le feachtais díolacháin a eagrú. “Chuir sé seo mórfheabhas ar an rath a bhí orainn i margaíocht dhíreach,” a dúirt Peter. “Is féidir linn anois glacadh le hordú nua agus an táirge mar aon leis an gcáipéisíocht tacaíochta a bheith réidh le haghaidh loingseoireachta laistigh de 30 nóiméad.”

Is é straitéis an Burren Smokehouse don todhchaí díriú ar mhargaíocht dhíreach táirgí ardluacha.