Bí inár dTeannta » YouTube Logo Facebook Logo LinkedIn Logo Twitter Logo RSS icon
Baile Téarmaí

Coinníollacha Úsáide

Priontáil

COMHAONTÚ IDIR AN tÚSÁIDEOIR AGUS LookWest.ie

Is éard atá ar shuíomh gréasáin LookWest.ie. leathanaigh éagsúla ghréasáin a fheidhmíonn LookWest.ie.

Tairgtear suíomh gréasáin LookWest.ie duit ar choinníoll do ghlactha gan mionathrú ar théarmaí, ar choinníollacha agus ar fhógraí a fhaightear anseo. Is ionann tú bheith ag úsáid suíomh gréasáin LookWest.ie agus do chomhaontú leis na téarmaí, na coinníollacha agus na fógraí uile sin.

MIONATHRÚ AR NA COINNÍOLLACHA ÚSÁIDE SEO

Coimeádann LookWest.ie an ceart chucu féin na téarmaí, na coinníollacha agus na fógraí a athrú faoina dtairgtear suíomh gréasáin LookWest.ie, lena n-áirítear na táillí a bhaineann le húsáid shuíomh gréasáin LookWest.ie, ach gan a bheith teoranta dó sin.

NAISC LE SUÍOMHANNA TRÍÚ PÁIRTÍ

D’fhéadfadh naisc le suíomhanna gréasáin eile (“Suíomhanna Nasctha”) bheith ar shuíomh gréasáin LookWest.ie. Níl na Suíomhanna Nasctha faoi rialú LookWest.ie agus níl siad freagrach as ábhar aon Suímh Nasctha, lena n-áirítear, gan teorainn, aon nasc a fhaightear i Suíomh Nasctha, ná aon athruithe ná nuashonruithe ar Shuíomh Nasctha. Níl LookWest.ie freagrach as craoladh ar an ngréasán ná as aon chineál eile tarchuir a fhaightear ó aon Suíomh Nasctha. Tá LookWest.ie ag tabhairt na nasc seo duit mar áis amháin, agus ní chuireann áireamh nasc ar bith formhuiniú LookWest.ie in iúl ar an suíomh ná ar aon bhaint lena oibreoirí.

COSC AR ÚSÁID NEAMHDHLEATHACH NÓ THOIRMISCTHE

Mar choinníoll den úsáid a bhaineann tú as suíomh gréasáin LookWest.ie, dearbhaíonn tú do LookWest.ie nach mbainfidh tú úsáid as suíomh gréasáin LookWest.ie le haghaidh aon chuspóra neamhdhleathaigh ná thoirmiscthe de réir na dtéarmaí, na gcoinníollacha agus na bhfógraí seo. Ní cheadaítear úsáid a bhaint as suíomh gréasáin LookWest.ie ar aon bhealach a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do shuíomh gréasáin LookWest.ie, nó a d’fhéadfadh é a dhíchumasú, a ró-ualú nó a lagú, nó a d’fhéadfadh cur isteach ar úsáid agus ar thaitneamh aon pháirtí eile as suíomh gréasáin LookWest.ie. Ní cheadaítear aon ábhair ná faisnéis a fháil ná ní cheadaítear iarracht a dhéanamh aon ábhair nó faisnéis a fháil ar aon bhealach nach gcuirtear ar fáil nó nach soláthraítear dó d’aon ghnó trí shuíomhanna gréasáin LookWest.ie.

USÁID SEIRBHÍSÍ CUMARSÁIDE

D’fhéadfadh seirbhísí clár fógraí, limistéir chomhrá, grúpaí nuachta, fóraim, pobail, leathanaigh phearsanta ghréasáin, féilirí agus/nó áiseanna eile teachtaireachta nó cumarsáide bheith ar shuíomh gréasáin LookWest.ie chun ligean duit teagmháil a dhéanamh leis an bpobal mór nó le grúpa (“Seirbhísí Cumarsáide” le chéile); comhaontaíonn tú gan na Seirbhísí Cumarsáide a úsáid ach le teachtaireachtaí agus le hábhar a phostáil, a sheoladh agus a fháil atá cuí agus a bhaineann leis an tSeirbhís Chumarsáide ar leith. Mar shampla, gan teorainn, comhaontaíonn tú nach ndéanfaidh tú na nithe a leanas agus úsáid á baint as Seirbhís Chumarsáide:

  • Cearta dlí (fearacht ceart príobháideachais agus poiblíochta) daoine eile a chlúmhilleadh, mí-úsáid a bhaint astu, a chiapadh, stalcaireacht a dhéanamh orthu, bagairt orthu nó a shárú ar aon bhealach eile.
  • Aon topaic, ainm, ábhar nó faisnéis neamhoiriúnach, ghraosta, chlúmhillteach, sháraitheach, shalach, mhígheanasach nó neamhdhleathach a fhoilsiú, a phostáil, a uaslódáil, a scaipeadh nó a leathadh.
  • Comhaid a uaslódáil ina bhfuil bogearraí nó aon ábhar eile faoi chosaint dlíthe maoine intleachtúla (nó ag cearta príobháideachais agus poiblíochta) ach amháin más leatsa nó má rialaíonn tú na cearta sin nó má fuair tú na toilithe riachtanacha uile.
  • Comhaid a uaslódáil ina bhfuil víris, comhaid thruaillithe, nó aon bhogearraí nó ríomhchláir eile dá samhail a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh d’oibriú ríomhaire duine eile.
  • Aon earraí nó seirbhísí a fhógairt nó a thairiscint chun ceannaigh nó díola le haghaidh aon chuspóra gnó, ach amháin má cheadaíonn an tSeirbhís Chumarsáide teachtaireachtaí den sórt sin go sonrach.
  • Suirbhéanna, comórtais, scéimeanna pirimide nó litreacha slabhrach a dhéanamh nó a sheoladh ar aghaidh.
  • Aon chomhad a íoslódáil a chuir úsáideoir eile Seirbhís Chumarsáide suas arb eol duit, nó ar cheart gurb eol duit go réasúnta, nach féidir á dháileadh sa tslí sin de réir an dlí.
  • Aon lua údair, fógraí dlí nó fógraí eile cuí nó ainmniúcháin nó lipéid dílsithe de bhunús nó d’fhoinse bogearraí nó ábhair eile atá i gcomhad a uaslódáiltear a fhalsú nó a scriosadh.
  • Aon úsáideoir eile a theorannú nó a chosc ó úsáid agus ó shult a bhaint as na Seirbhísí Cumarsáide.
  • Aon chód iompraíochta nó treoirlínte eile a d’fhéadfadh bheith infheidhme le haghaidh aon Seirbhís Cumarsáide ar leith a shárú.
  • Faisnéis faoi dhaoine eile a shábháil nó a bhailiú ar shlí eile, lena n-áirítear seoltaí ríomhphoist, gan a dtoiliú a fháil.
  • Aon dlíthe nó rialacháin infheidhme a shárú.

Níl aon oibleagáid ar LookWest.ie monatóireacht a dhéanamh ar na Seirbhísí Cumarsáide. Ar a shon sin, coimeádann LookWest.ie an ceart chucu féin athbhreithniú a dhéanamh ar ábhair a phostáiltear ar Sheirbhís Chumarsáide agus le haon ábhair a bhaint dá rogha féin. Coimeádann LookWest.ie an ceart chucu féin do rochtain ar aon Seirbhís Chumarsáide nó orthu uile a scor ag aon am gan fógra a thabhairt ar aon chúis.

Coimeádann LookWest.ie an ceart chucu féin i gcónaí aon fhaisnéis a nochtadh de réir mar is cuí le haon dlí, rialachán, phróiseas dlí nó iarratas infheidhme rialtais a chomhlíonadh, nó le haon fhaisnéis nó ábhair a chur in eagar, a dhiúltú a phostáil nó a bhaint, go hiomlán nó go páirteach, de rogha LookWest.ie amháin.

Bí cúramach i gcónaí agus tú ag scaoileadh faisnéis phearsanta aitheantais fút féin nó faoi do pháistí in aon Seirbhís Chumarsáide. Ní rialaíonn ná ní fhormhuiníonn LookWest.ie an t-ábhar, na teachtaireachtaí ná an fhaisnéis a fhaightear in aon Seirbhís Chumarsáide, agus dá bhrí sin, séanann LookWest.ie go sonrach aon dliteanas i ndáil leis na Seirbhísí Cumarsáide agus le haon ghníomhartha a éiríonn as do rannpháirtíocht in aon Seirbhís Chumarsáide. Ní urlabhraithe údaraithe LookWest.ie iad bainisteoirí agus óstaigh, agus ní gá gurb ionann a dtuairimí agus tuairimí LookWest.ie.

D’fhéadfadh ábhair a uaslódáiltear ar Sheirbhís Chumarsáide bheith faoi réir teorainneacha postáilte úsáide, atáirgthe agus/nó scaipthe. Tusa is freagrach as na teorainneacha sin a chomhlíonadh má íoslódálann tú na hábhair.

ÁBHAIR A SHOLÁTHRAÍTEAR DO Lookwest.ie NÓ A PHOSTÁILTEAR AR AON suíomh gréasáin Lookwest.ie

Ní éilíonn LookWest.ie úinéireacht ar na hábhair a sholáthraíonn tú do LookWest.ie (lena n-áirítear aiseolas agus tuairimí) nó a phostálann, a uaslódálann, a ionchuireann nó a chuireann tú ar aon suíomh gréasáin LookWest.ie nó a gcuid seirbhísí lena mbaineann (“Moltaí” le chéile). Ar a shon sin, trí do Mholadh a phostáil, a uaslódáil, a ionchur, a sholáthar nó a chur isteach, tá tú ag tabhairt ceada do LookWest.ie, dá gcuideachtaí cleamhnaithe agus dá bhfocheadúnais riachtanacha, do Mholadh a úsáid le haghaidh oibriú a ngnó Idirlín, lena n-áirítear, gan teorainn, na cearta a bhaineann le cóipeáil, dáileadh, tarchur, taispeáint phoiblí, feidhmiú poiblí, atáirgeadh, eagrú, aistriú agus athfhormáidiú do Mholta, agus le d’ainm a fhoilsiú i dtaca le do Mholadh.

Ní íocfar aon chúiteamh i ndáil le húsáid do Mholta, faoi mar a fhoráiltear anseo. Níl aon oibleagáid ar LookWest.ie aon Mholadh a d’fhéadfá a sholáthar a phostáil nó a úsáid agus d’fhéadfaidís aon Mholadh a bhaint ag aon am de rogha LookWest.ie amháin.

Trí do Mholadh a phostáil, a uaslódáil, a ionchur, a sholáthar nó a chur isteach, tá tú ag cur in iúl gur leatsa nó go rialaíonn tú ar shlí eile na cearta uile a ghabhann le do Mholadh faoi mar a mhínítear sa chuid seo, lena n-áirítear, gan teorainn, na cearta uile is cuí le ligean duit na Moltaí a sholáthar, a phostáil, a uaslódáil, a ionchur nó a chur isteach.

SÉANADH DLITEANAIS

D’fhéadfadh míchruinneas nó earráidí cló bheith i bhfaisnéis, i mbogearraí, i dtáirgí agus i seirbhísí a áirítear nó a chuirtear ar fáil trí shuíomh gréasáin LookWest.ie. Cuirtear athruithe ar an bhfaisnéis anseo ó am go chéile. D’fhéadfadh LookWest.ie agus/nó a soláthróirí feabhsúcháin agus/nó athruithe a dhéanamh ar shuíomh gréasáin LookWest.ie ag aon am. Ní ceart brath ar chomhairle a fhaightear trí shuíomh gréasáin LookWest.ie le haghaidh cinntí pearsanta, leighis, dlí ná airgeadais agus ba cheart duit dul i gcomhairle le duine gairmiúil cuí le haghaidh comhairle shonrach a oireann do do chás.

Ní dhéanann LookWest.ie agus/nó a soláthróirí uiríll i dtaobh oiriúnacht, iontaofacht, infhaighteacht, thráthúlacht agus bheachtas na faisnéise, na mbogearraí, na dtáirgí, na seirbhísí agus na ngrafaicí lena mbaineann a fhaightear ar shuíomh gréasáin LookWest.ie chun aon chríche. A mhéid ar fad a cheadaítear ag dlí infheidhme, soláthraítear an fhaisnéis, na bogearraí, na táirgí, na seirbhísí agus na grafaicí sin lena mbaineann “mar atá sé” gan aon bharánta nó coinníoll d’aon chineál. Séanann LookWest.ie agus/nó a soláthróirí gach baránta agus coinníoll anseo i ndáil leis an bhfaisnéis, na bogearraí, na táirgí, na seirbhísí agus na grafaicí seo lena mbaineann, lena n-áirítear gach baránta nó coinníoll intuigthe indíoltachta, oiriúnachta le haghaidh cuspóra ar leith, teidil agus neamhsháraithe.

A mhéid ar fad a cheadaítear ag dlí infheidhme, ní bheidh LookWest.ie agus/nó a soláthróirí i gcás ar bith faoi dhliteanas aon damáistí díreacha, indíreacha, pionósacha, teagmhasacha, speisialta, iarmhartacha nó damáistí d’aon sórt, lena n-áirítear, gan teorainn, damáistí le haghaidh caillteanas úsáide, sonraí nó brabús a éiríonn as úsáid nó feidhmíocht shuíomh gréasáin LookWest.ie a bhaineann le húsáid nó feidhmíocht shuíomh gréasáin LookWest.ie ar aon slí, le moill nó neamhábaltacht chun úsáid a bhaint as suíomh gréasáin LookWest.ie nó seirbhísí lena mbaineann, soláthar nó teip ar sholáthar seirbhísí, nó le haghaidh aon fhaisnéise, bhogearraí, táirgí, seirbhísí agus ghrafaicí lena mbaineann a fhaightear trí shuíomh gréasáin LookWest.ie, nó a éiríonn as úsáid shuíomh gréasáin LookWest.ie ar aon slí eile, cibé acu bunaithe ar chonradh, tort, faillí, dliteanas docht nó eile, fiú amháin má cuireadh comhairle ar LookWest.ie nó ar aon cheann dá soláthróirí faoi fhéidearthacht damáistí. Siocair nach gceadaíonn roinnt stát/dlínsí eisiamh ná teorannú dliteanais le haghaidh damáistí iarmhartacha ná teagmhasacha, b’fhéidir nach mbeidh feidhm ag an teorannú thuas leatsa. Má bhíonn tú míshásta le haon chuid de shuíomh gréasáin LookWest.ie, nó le haon cheann de na coinníollacha úsáide seo, is é an t-aon réiteach eisiach atá ann úsáid as suíomh gréasáin LookWest.ie a scor.

SCOR/SRIAN AR ROCHTAIN

Coimeádann LookWest.ie an ceart chucu féin, dá rogha féin, do rochtain ar shuíomh gréasáin LookWest.ie agus ar na seirbhísí lena mbaineann nó ar aon chuid díobh a scor ag aon am, gan fógra a thabhairt. GINEARÁLTA A mhéid ar fad a cheadaítear ag an dlí, tá an comhaontú seo arna rialú ag dlíthe Stát Washington, S.A.M. agus toilíonn tú leis seo le dlínse eisiach agus le hionad na gcúirteanna in King County, Washington, S.A.M. i ngach díospóid a éiríonn as úsáid shuíomh gréasáin LookWest.ie nó a bhaineann le húsáid shuíomh gréasáin LookWest.ie. Tá úsáid shuíomh gréasáin LookWest.ie neamhúdaraithe in aon dlínse nach dtugann éifeacht do gach foráil sna téarmaí agus coinníollacha seo, lena n-áirítear, gan teorainn, an mhír seo. Comhaontaíonn tú nach bhfuil aon chomhfhiontar, chomhpháirtíocht, chaidreamh fostaíochta ná chaidreamh gníomhaireachta idir tú féin agus LookWest.ie mar thoradh ar an gcomhaontú seo ná ar úsáid shuíomh gréasáin LookWest.ie. Tá feidhmiú LookWest.ie sa chomhaontú seo faoi réir dlíthe reatha agus próiseas dlí, agus níl aon ní sa chomhaontú seo de mhaolú ar cheart LookWest.ie iarratais nó riachtanais rialtais, chúirte agus fhorfheidhmiú an dlí a chomhlíonadh a bhaineann leis an úsáid a bhaineann tú as suíomh gréasáin LookWest.ie nó le faisnéis a sholáthraítear do LookWest.ie nó a bhailíonn LookWest.ie i ndáil leis an úsáid sin. Má chinntear go bhfuil aon chuid den chomhaontú seo neamhbhailí nó neamh-infheidhmithe de bhun dlí infheidhme, lena n-áirítear, gan teorainn, séanadh baránta agus na teorainneacha dliteanais a leagtar amach thuas, measfar go mbeidh an fhoráil neamhbhailí nó neamh-infheidhmithe dímholta in ionad foráil bhailí infheidhmithe is cosúla le mian na bunfhorála agus beidh éifeacht leis an gcuid eile den chomhaontú. Mura sonraítear a mhalairt anseo, is ionann an comhaontú seo agus an comhaontú iomlán idir an t-úsáideoir agus LookWest.ie i ndáil le suíomh gréasáin LookWest.ie agus cuirtear é in ionad gach cumarsáide agus togra roimhe seo agus na gceann comhaimseartha, cibé acu leictreonach, ó bhéal nó scríofa, idir an t-úsáideoir agus LookWest.ie i ndáil le suíomh gréasáin LookWest.ie. Beidh leagan clóite den chomhaontú seo agus d’aon fhógra a dhéanfar i bhfoirm leictreonach inghlactha in imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin bunaithe ar an gcomhaontú seo nó a bhaineann leis an gcomhaontú sa mhéid céanna agus faoi réir na gcoinníollacha céanna le cáipéisí agus le taifid ghnó eile a cruthaíodh agus a coinníodh i bhfoirm chlóite i dtús báire. Is áil leis na páirtithe go ndréachtófar an comhaontú seo agus na cáipéisí uile lena mbaineann i mBéarla.

CÓIPCHEART AGUS FÓGRAÍ TRÁDMHAIRC:

Tá an t-ábhar uile ar shuíomh gréasáin LookWest.ie: faoi Chóipcheart 2002-2009 Coimisiúin Forbartha an Iarthair agus/nó a soláthróirí. Gach ceart ar cosaint.

TRÁDMHARCANNA

D’fhéadfadh ainmneacha cuideachtaí agus táirgí iarbhíre a luaitear anseo bheith mar thrádmharcanna a n-úinéirí faoi seach.

Is samhailteach na cuideachtaí, eagraíochtaí, táirgí, daoine agus imeachtaí samplacha a léirítear anseo. Ní bheartaítear aon bhaint le haon fhíorchuideachta, fhíoreagraíocht, fhíortháirge, fhíordhuine nó fhíorimeacht a chur in iúl ná ní cheart tátal a bhaint as.

Tá gach ceart nach mbronntar go sainráite anseo ar cosaint.

FÓGRAÍ AGUS NÓS IMEACHTA LE hÉILEAMH A DHÉANAMH AR SHÁRÚ CÓIPCHIRT

De bhun Theideal 17, Cód na Stát Aontaithe, Alt 512©(2), ba cheart fógraí faoi éileamh sáraithe cóipchirt faoi dhlí cóipchirt na Stát Aontaithe a chur chuig Gníomhaí Sainithe an tSoláthróra Seirbhíse. NÍ FHREAGRÓFAR FIOSRÚCHÁIN NACH mBAINEANN LEIS AN NÓS IMEACHTA A LEANAS Feic Fógraí agus Nós imeachta le hÉileamh a Dhéanamh ar Shárú Cóipchirt.