Bí inár dTeannta » YouTube Logo Facebook Logo LinkedIn Logo Twitter Logo RSS icon
Baile Príobháideachas

Ráiteas Príobháideachais

Priontáil

Tá LookWest.ie tiomanta do chosaint do phríobháideachais agus d’fhorbairt teicneolaíochta a thugann an t-eispéireas ar líne is cumhachtaí agus is sábháilte duit. Tá feidhm ag an Ráiteas Príobháideachais seo le suíomh gréasáin LookWest.ie agus rialaíonn sé bailiú sonraí agus úsáid. Má úsáideann tú suíomh gréasáin LookWest.ie, toilíonn tú leis na cleachtais sonraí a mhínítear sa ráiteas seo.

Bailiú d’Fhaisnéise Pearsanta

Bailíonn LookWest.ie faisnéis inaitheanta phearsanta, amhail do sheoladh ríomhphoist, d’ainm, do sheoladh baile nó oibre agus d’uimhir ghutháin. Ina theannta sin, bailíonn LookWest.ie faisnéis dhéimeagrafach gan ainm, nach mbaineann leatsa amháin, amhail do chód ZIP, d’aois, d’inscne, do roghanna, do shuimeanna agus na rudaí is fearr leat.

Bailíonn LookWest.ie faisnéis faoi chrua-earraí agus faoi bhogearraí do ríomhaire go huathoibríoch freisin. D’fhéadfadh a leanas bheith san áireamh leis an bhfaisnéis seo: do sheoladh IP, an cineál brabhsálaí, ainmneacha fearainn, amanna rochtana agus seoltaí suíomhanna gréasáin tagartha. Baineann LookWest.ie úsáid as an bhfaisnéis seo faoi choinne an tseirbhís a oibriú, an caighdeán seirbhíse a choinneáil agus staitisticí ginearálta a chur ar fáil i dtaca le húsáid an tsuímh ghréasáin, LookWest.ie.

Cuimhnigh má nochtann tú faisnéis inaitheanta phearsanta nó sonraí íogair phearsanta go díreach trí chláir phoiblí teachtaireachtaí LookWest.ie, d’fhéadfadh daoine eile an fhaisnéis seo a bhailiú agus a úsáid. Nóta: Ní léann LookWest.ie aon chuid de do chumarsáid phríobháideach ar líne.

Spreagann LookWest.ie thú athbhreithniú a dhéanamh ar ráitis phríobháideachais na suíomhanna gréasáin a nascann tú leo ó LookWest.ie ionas go dtuigfidh tú conas a bhailíonn, a úsáideann agus a roinneann na suíomhanna gréasáin sin d’fhaisnéis. Níl LookWest.ie freagrach as na ráitis phríobháideachais nó as an ábhar eile ar shuíomhanna gréasáin lasmuigh de LookWest.ie agus de líonra suíomhanna gréasáin LookWest.ie.

Úsáid d’Fhaisnéise Pearsanta

Bailíonn agus úsáideann LookWest.ie d’fhaisnéis phearsanta le suíomh gréasáin LookWest.ie a oibriú agus leis na seirbhísí a iarrann tú a sholáthar. Ina theannta sin, baineann LookWest.ie úsáid as d’fhaisnéis inaitheanta phearsanta chun tú a chur ar an eolas faoi tháirgí nó faoi sheirbhísí eile ó LookWest.ie agus óna gcuid cleamhnaithe. D’fhéadfadh LookWest.ie dul i dteagmháil leat trí shuirbhéanna le taighde a dhéanamh ar do thuairim faoi sheirbhísí reatha nó faoi sheirbhísí nua a d’fhéadfaí a thairiscint.

Ní dhíolann, ní léasaíonn ná ní ligeann LookWest.ie ar cíos a liostaí custaiméirí do thríú páirtithe. D’fhéadfadh LookWest.ie, nó a gcuid comhpháirtithe, dul i dteagmháil leat ó am go chéile faoi thairiscint ar leith a d’fhéadfadh bheith ina hábhar spéise suit. Ina theannta sin, d’fhéadfadh LookWest.ie do shonraí a roinnt le comhpháirtithe iontaofa chun tú a chur ar an eolas faoi tháirgí nó faoi sheirbhísí eile ó LookWest.ie agus óna gcuid cleamhnaithe, chun cuidiú linn tabhairt faoi anailís staitisticí, chun ríomhphost a chur chugat nó chun litir a chur chugat sa phost, chun tacaíocht custaiméirí a sholáthar, nó chun seachadtaí a eagrú. Tá toirmeasc ar na tríú páirtithe sin úsáid a bhaint as d’fhaisnéis phearsanta, ach amháin chun na seirbhísí seo a chur ar fáil do LookWest.ie, agus ceanglaítear orthu rúndacht d’fhaisnéise a choinneáil.

Ní úsáideann ná ní nochtann LookWest.ie faisnéis íogair phearsanta, fearacht cine, creidimh nó roghanna polaitiúla, gan do thoiliú follasach.

Coinníonn LookWest taifead ar na suíomhanna gréasáin agus ar na leathanaigh a dtugann ár gcustaiméirí cuairt orthu laistigh de LookWest.ie, d’fhonn a fháil amach cad iad na seirbhísí LookWest.ie is mó éileamh. Baintear úsáid as na sonraí seo le fógraíocht agus le hábhar saincheaptha a sholáthar laistigh de LookWest.ie do chustaiméirí a gcuireann a n-iompraíocht in iúl go bhfuil suim acu i réimse ábhair ar leith.

Ní nochtfaidh suíomhanna gréasáin LookWest.ie d’fhaisnéis phearsanta, gan aon fhógra a thabhairt, ach amháin má cheanglaíonn an dlí orthu amhlaidh a dhéanamh nó má chreideann siad de mheon macánta gur gá an gníomh sin a dhéanamh: (a) chun forógraí an dlí a chomhlíonadh nó chun an próiseas dlí ar LookWest.ie nó ar an suíomh a chomhlíonadh; (b) chun cearta agus maoin LookWest.ie a chaomhnú agus a chosaint; agus (c) chun gníomhú faoi chúinsí práinneacha le sábháilteacht phearsanta úsáideoirí LookWest.ie, nó an phobail mhóir a chaomhnú.

Úsáid Fianán

Baineann suíomh gréasáin LookWest.ie úsáid as “fianáin” le cuidiú leat d’eispéireas ar líne a oiriúnú duit. Is é is fianán ann téacschomhad a chuireann freastalaí leathanaigh ghréasáin ar do dhiosca crua. Ní féidir fianáin a úsáid le ríomhchláir a rith ná le víris a sheachadadh ar do ríomhaire. Sanntar fianáin duitse go huathúil, agus ní féidir ach le freastalaí gréasáin san fhearann a d’eisigh an fianán duitse iad a léamh.

Tá sábháil ama ar cheann de na príomhchuspóirí a ghabhann le fianáin. Is é is cuspóir le fianán insint don fhreastalaí gréasáin gur fhill tú ar leathanach ar leith. Mar shampla, má chuireann tú leathanaigh LookWest in oiriúint, nó má chláraíonn tú le suíomh nó le seirbhísí LookWest.ie, cuidíonn fianán le LookWest.ie d’fhaisnéis shonrach a mheabhrú faoi choinne cuairteanna dá éis. Déanann sé seo taifead d’fhaisnéise pearsanta níos simplí, dála seoltaí billeála, seoltaí poist agus araile. Nuair a fhilleann tú ar an suíomh gréasáin céanna LookWest.ie, féadfaidh an fhaisnéis a sholáthair tú roimhe a aisghabháil ionas gur féidir leat gnéithe LookWest.ie a shaincheap tú a úsáid go héasca.

Tá sé de rogha agat glacadh le fianáin nó a dhiúltú dóibh. Glacann an chuid is mó de bhrabhsálaithe gréasáin fianáin go huathoibríoch, ach bítear in ann an socrú brabhsálaí a mhionathrú de ghnáth le fianáin a dhiúltú más rogha leat. Má chinneann tú fianáin a dhiúltú, b’fhéidir nach mbeidh tú in ann úsáid iomlán a bhaint as na gnéithe idirghníomhacha de chuid sheirbhísí LookWest.ie nó de chuid na suíomhanna gréasáin a dtugann tú cuairt orthu.

Slándáil d’Fhaisnéise Pearsanta

Cinntíonn LookWest.ie slándáil d’fhaisnéise pearsanta ó rochtain, ó úsáid nó ó nochtadh neamhúdaraithe. Cinntíonn LookWest.ie slándáil na faisnéise inaitheanta pearsanta a sholáthraíonn tú ar fhreastalaithe ríomhaire i dtimpeallacht rialaithe shlán, arna cosaint ó rochtain, ó úsáid nó ó nochtadh neamhúdaraithe. Nuair a tharchuirtear faisnéis phearsanta (macasamhail uimhir chárta creidmheasa) chuig suíomhanna gréasáin eile, déantar í a chosaint trí úsáid a bhaint as criptiú, amhail prótacal Sraith Soicéad Slán (SSL).

Athruithe ar an Ráiteas seo

Nuashonróidh LookWest.ie an Ráiteas Príobháideachais seo ó am go ham le haiseolas ó chuideachtaí agus ó chustaiméirí a chur in iúl. Molann LookWest.ie duit athbhreithniú a dhéanamh ar an Ráiteas seo corruair le tuairim a fháil faoi conas a chosnaíonn LookWest.ie do chuid faisnéise.

Teagmháil

Is maith le LookWest.ie do thuairimí a fháil faoin Ráiteas Príobháideachais seo. Déan teagmháil le LookWest.ie má cheapann tú nár chloígh LookWest.ie leis an Ráiteas seo. Déanfaimid iarrachtaí réasúnta tráchtála leis an bhfadhb a mheas agus a dheisiú go gasta.