Bí inár dTeannta » YouTube Logo Facebook Logo LinkedIn Logo Twitter Logo RSS icon
Baile PEL Recycling Equipment, Maigh Eo

Cás-staidéar – PEL Recycling Equipment, Maigh Eo

Priontáil

“Bhunaigh mé PEL, cuideachta a bhíonn ina gcomhpháirtí le cliaint lena gcuid costas diúscartha dramhaíola a laghdú,” a mhíníonn Tommy.

“Déanaimid an méid seo trí riachtanais ár gcuid cliant a thuiscint agus a mheasúnú agus trí réitigh nuálacha um láimhseáil dramhaíola a sheachadadh; go hachomair, cuireann PEL ionad ilfhreastail ar fáil a thugann ráthaíocht costais diúscartha dramhaíola a laghdú,” ar sé.   Rinneadh ceannródaí an mhargaidh de PEL laistigh de dhornán blianta i ndearadh, i ndéanamh agus i soláthar brúiteoirí buidéal, dlúthóirí bosca bruscair, trealamh um laghdú ábhair phlaistigh agus chairtchláir, aonaid diúscartha bia chomh maith le trealamh eile do chustaiméirí ar fud na RA agus na hÉireann.

Dhá phríomhghné is cúis lena rath, dar le Tommy – “nuálaíocht mar aon le seirbhís agus le tacaíocht iardhíola atá dírithe ar an gcustaiméir.” Bhí Tommy ina iomaitheoir sa chomórtas ceannais ‘Fiontraí Óg na Bliana Ernst agus Young’ (‘Ernst & Young Entrepreneur of the Year’) agus chuir an méid seo an chuideachta os comhair na meán agus chuir sé an gnólacht ar bhealach a leasa sa mhargadh easpórtála.

Deir Tommy an méid a leanas maidir leis seo, “Cé gur bhliain dhúshlánach a bhí in 2009 don uile ghnólacht,  bhaineamar leas as staid an gheilleagair in PEL lenár dtáirgí a chur chun cinn dár gcliaint lena gcuid costas a laghdú trína líon dramhaíola a laghdú. In ionad déileáil le 2009 mar bhliain dheacair, ghlacamar leis mar dhúshlán agus rinneamar ár straitéis díolacháin a athrú agus chuir sé seo ar bhealach ár leasa sinn. Tá dóchas againn go mbeidh 2010 ina bhliain thorthúil agus tá coinne againn le borradh suntasach sa bhliain amach romhainn – mar a tharlaíonn sé, bainfidh ár dtáirgí an Ísiltír agus Málta amach den chéad uair in 2010.”

Chinn Griffith PEL a bhunú i mBalla ar chúpla cúis agus i measc na mórchúiseanna bhí na costais bhunaigh agus oibriúcháin níos ísle.  I dteannta an mhéid sin, bhí rochtain aige ar fhoireann cháilithe agus tá 11 duine fostaithe aige i ndisciplíní idir innealtóireacht mheicniúil, staidéar gnó agus mhargaíocht.  Baineann an fhoireann tairbhe as comaitéireacht níos fusa, tithíocht níos saoire, costais mhaireachtála níos ísle chomh maith le níos lú struis agus is dóigh le Tommy go gcruthaíonn an méid seo “atmaisféar níos fearr mar aon le táirgiúlacht níos fearr dá thairbhe!” Tá súil aige cur go mór leis an líon foirne sna blianta amach romhainn agus braitheann sé go mbeidh feidhm mhór ag teacht ar na daoine cearta i mborradh na cuideachta.

Chruthaigh Tommy dea-chaidreamh le gnólachtaí eile go háitiúil, go réigiúnach agus níos faide i gcéin.  Baineann tábhacht leis na gréasáin seo agus deir sé, “Bhain mé tairbhe as taithí dhaoine eile le breis forbartha a dhéanamh ar mo ghnólacht féin.  Sa mhullach air sin, chruthaigh ár rath poist i ngnólachtaí eile go háitiúil.” I dteannta an mhéid sin, chruthaigh Tommy caidreamh leis an Ionad Nuálaíocht Ghnó (IiBC) ag GMIT Mhaigh Eo, áit a raibh sé ag léachtóireacht ar a gclár ‘Meanma na Fiontraíochta’ (‘Spirit of Entrepreneurship’).

Mórbhuntáiste do PEL is ea an bonneagar feabhsaithe sa chontae agus sa réigiún.  Cruthaíodh nár bhain costas daor le lóistíocht don chuideachta agus tá trí aerfort i ngaireacht 45 nóiméad ó áis PEL i mBalla.  Is fusa i bhfad taisteal le casadh le cliaint san RA a bhuíochas lena ghaire atá Aerfort Iarthar na hÉireann agus tá rochtain mhaith ar an gcuid eile den tír leis.

Tá borradh suntasach ar na bacáin in PEL sna cúig bliana amach romhainn. Bainfear leas as caidreamh reatha le Bord Fiontar Contae Mhaigh Eo agus le Fiontraíocht Éireann le tacaíocht a thabhairt don bhorradh sin thar lear agus le hé a éascú.