Bí inár dTeannta » YouTube Logo Facebook Logo LinkedIn Logo Twitter Logo RSS icon
Baile Nuacht Nuacht WDC Comhdháil an Chraoibhín le Béim a Leagan ar Ról na Cruthaitheachta san Oideachas, sa Nuálaíocht, sa Gheilleagar agus sa tSochaí

Comhdháil an Chraoibhín le Béim a Leagan ar Ról na Cruthaitheachta san Oideachas, sa Nuálaíocht, sa Gheilleagar agus sa tSochaí

Priontáil

Comhdháil an Chraoibhín 2010Beidh Comhdháil an Chraoibhín 2010 ar siúl an 15 Deireadh Fómhair in Óstán Abbeyfield i mBealach an Doirín, Contae Ros Comáin.  Osclóidh Mary Hanafin, T.D., an tAire Turasóireachta, Cultúir agus Spóirt, an Chomhdháil go hoifigiúil, a leagfaidh béim ar Ról na Cruthaitheachta san Oideachas, sa Nuálaíocht, sa Gheilleagar agus sa tSochaí.
 
Is é seo an dara ceann de thrí Chomhdháil an Chraoibhín a dhíríonn ar Earnáil na Cruthaitheachta. Cuireann Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Ros Comáin an chomhdháil i láthair, i bpáirt le Coimisiún Forbartha an Iarthair (WDC).  Chuir an dá eagraíocht cruth úr ar an gComhdháil anuraidh mar dheis taighde ar Earnáil na Cruthaitheachta agus é ina sprioc go mbeidh tionchar ag torthaí an taighde ar bheartais agus ar chláir áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta.
 
Dhearbhaigh Frank Dawson, Bainisteoir Contae Ros Comáin, “Earnáil í seo lena ngabhann an-chumas forbartha do cheantair thuaithe agus uirbeacha araon agus bíonn tionchar dearfach aici ar an uile ghné dár sochaí agus dár ngeilleagar.  I dtaca le Comhdháil 2010, tá ealaíontóirí, lucht acadúla, polaiteoirí, tráchtairí agus comhlachtaí poiblí cruinnithe le chéile againn le scrúdú a dhéanamh ar cheithre ról ar leith na cruthaitheachta sa tsochaí agus Earnáil na Cruthaitheachta.  I gcuideachta na saineolaithe seo, táimid ag súil le plé ar na deiseanna atá ann dár Réigiún agus le léargas cuimsitheach a fháil ar an luach a chuireann an chruthaitheacht leis an tsochaí ionas go bhféadfaimid a ról a fhorbairt ina iomláine amach anseo.”
 
In 2008, sainaithníodh i staidéar WDC, ‘An tIarthar Cruthaitheach: Earnáil na Cruthaitheachta i Réigiún an Iarthair’, go raibh 4,779 gnólacht cruthaitheach ag feidhmiú i Réigiún an Iarthair agus go raibh níos mó ná 11,000 duine á bhfostú acu go díreach; b’ionann an láimhdeachas bliantúil agus €534 milliún.  Cuireann sé seo €270 milliún le holl-bhreisluach an gheilleagair réigiúnaigh. Mar sin de, cuireann an earnáil seo go mór leis an Réigiún ó thaobh an gheilleagair de, agus táimid den bharúil go bhféadfaí fás mór a chur fúithi, fiú agus an drochstaid atá ar an ngeilleagar san am i láthair.”
 
Beidh an Chomhdháil faoi chathaoirleacht an fhile agus an chraoltóra Theo Dorgan. Díreofar ar cheithre phríomhábhar inti agus beidh plé an phainéil ar siúl ina dhiaidh sin.
 
Tá saineolas agus sainléargas ar leith ag Kevin Stolarick, Stiúrthóir Taighde i Martin Prosperity Institute de chuid Richard Florida in Toronto ar an gcineál seo ábhair. Caithfidh sé súil ar ról earnáil na cruthaitheachta agus ar thionchair dhíreacha agus indíreacha gheilleagracha na cruthaitheachta ar earnálacha eile, macasamhail nuálaíochta tionsclaíche, turasóireachta agus Infheistíochta Dírí Eachtraí. Beidh Paul Young, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Cartoon Saloon agus an tAmharcealaíontóir, Sarah Browne, i gcuideachta Kevin.
 
Déanfaidh Joe Hallgarten, Stiúrthóir Clár le Creativity, Culture and Education, an RA, plé ar conas a dhéanann cruthaitheacht i scoileanna agus in ollscoileanna, caighdeán na múinteoireachta agus an curaclam a sholáthraítear, difear don dóigh a dtagann forbairt ar scileanna daoine óga, agus cé acu an mbeidh nó nach mbeidh na scileanna acu a bheidh de dhíth orthu le maireachtáil agus le hoibriú i rith a saoil. Beidh Ned Costello, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Chumann Ollscoileanna Éireann agus ball den Tascfhórsa Nuálaíochta Náisiúnta, agus Martin Drury, Stiúrthóir Ealaíon na Comhairle Ealaíon agus bunaitheoir The Ark, ar an bpainéal Oideachais freisin.
 
Beidh Michael John Gorman, Stiúrthóir an Ghailearaí Eolaíochta agus Justin Knecht ón Ionad um Nuálaíocht Deartha i Sligeach i gcuideachta Arantxa Mendiharat, Stiúrthóir Conexiones Improbables in Bilbao sa Spáinn. Tá clú ar Mendiharat ar fud an domhain as a cur chuige nuálach i leith an chruthaitheacht a chur le réimsí tionsclaíocha, sóisialta agus taighde.
 
Beidh Michael D. Higgins, T.D., ag caint ag an deireadh agus beidh Tania Banotti, Theatre Forum agus Dermot McLaughlin ó Iontaobhas Cultúir Bharra an Teampaill ina chuideachta. Beidh siad ag déanamh plé ar conas a théann an chruthaitheacht i gcion ar an uile ghné den tsochaí agus conas a bhaineann an tsochaí trí chéile sochar as a forbairt.
 
“Tá WDC i mbun oibre chun Réigiún an Iarthair a chur chun cinn agus chun mol na hÉireann maidir le hearnáil na cruthaitheachta a dhéanamh de, de bharr gurb eol dúinn, bunaithe ar chomparáidí idirnáisiúnta, go bhfuil sé de chumas ag Réigiún an Iarthair 2,000 post sa bhreis a chruthú in earnáil na cruthaitheachta.  Tá ríméad orainn arís bheith i gcomhpháirtíocht le hOifig Ealaíon Chomhairle Contae Ros Comáin le béim a leagan ar an iliomad deiseanna a bhaineann le hearnáil na cruthaitheachta; d’fhéadfadh fás mór teacht fúithi, cruthaíonn sí fostaíocht ardchaighdeáin, éascaíonn sí nuálaíocht in earnálacha eile, imríonn sí ról mór sóisialta agus féadfaidh sí forbairt tuaithe agus réigiúnach a spreagadh,” a dúirt Lisa McAllister ag an deireadh.
 
Beidh bunús na comhdhála i mbliana ar siúl ar an Aoine, an 15 Deireadh Fómhair. Reáchtálfar seirbhís speisialta Dé Sathairn, an 16 Deireadh Fómhair le 150 bliain ó tháinig Dubhghlas de hÍde ar an saol a chomóradh. Beidh searmanas comórtha leagtha fleisce ar siúl ag a áit churtha in Ionad Dubhghlas de hÍde in aice láimhe.
 
Más spéis leat áit a chur in áirithe nó tuilleadh faisnéise a fháil faoin gcomhdháil, lena n-áirítear beathaisnéisí na gcainteoirí agus na bpainéalaithe, téigh ar líne chuig www.roscommonarts.com/hyde
 .