Bí inár dTeannta » YouTube Logo Facebook Logo LinkedIn Logo Twitter Logo RSS icon
Baile Nuacht Nuacht WDC Faigheann FMC-Tech an Ceann is Fearr ar fhorbróirí tuirbíní gaoithe na Boisnia agus na Heirseagaivéine le Dámhachtain Trádála Idirnáisiúnta is Fearr a ghnóthú

Faigheann FMC-Tech an Ceann is Fearr ar fhorbróirí tuirbíní gaoithe na Boisnia agus na Heirseagaivéine le Dámhachtain Trádála Idirnáisiúnta is Fearr a ghnóthú

Priontáil

Rinne FMC-Tech, a bhfuil a gceanncheathrú sa tSionna i gContae an Chláir, forbairt ar chóras cliste monatóireachta gréasáin le haghaidh ghréasán na bhfóntas. In ainneoin go raibh tréanchuideachta san iomaíocht leo – forbróirí tuirbíní gaoithe na Boisnia agus na Heirseagaivéine, Turbina IPD – ghnóthaigh FMC-Tech an ‘Dámhachtain Trádála Idirnáisiúnta is Fearr’ ag na Dámhachtainí um Nuálaíocht Fuinnimh a reáchtáladh i Manchain aréir.

Is í seo bliain tionscnaimh na nDámhachtainí a cheap an tIonad um Nuálaíocht Fuinnimh in Cheshire. Cothaíonn an tIonad seo an nuálaíocht agus cuireann sé tairseach ar fáil chun táirgí agus teicneolaíochtaí nua-aimseartha a chur chun cinn sa mhargadh.

Eangacha Cliste a Chumasú
Rinne FMC-Tech ceannródaíocht ar chóras cliste monatóireachta gréasáin le haghaidh úsáid fhorleathan i ngréasán na bhfóntas. Méadaíonn an teicneolaíocht cumas na gciorcad tarchuir agus seachadann sí faisnéis fíor-ama a theastaíonn le hoibriú scéimeanna “eangaí cliste” a chumasú, ag tabhairt tacaíochta do thabhairt isteach giniúint leictreachais in-athnuaite ghréasáin.

Buaiteoirí Dámhachtainí, FMC-TechDhearbhaigh Mike McCormack, Stiúrthóir Bainistíochta FMC-Tech aréir, “Ba mhaith liom buíochas mór a ghabháil leis an Ionad um Nuálaíocht Fuinnimh – bhí an méid an rinne siad sa tionscadal fíorthábhachtach i leith bhaint amach na dtorthaí seo. Táimid ag dúil go mór lenár gcóras a úsáid i ngréasán fóntas na RA agus na hEorpa.”

Tairseach chuig an tráchtálú:

Tá an tIonad um Nuálaíocht Fuinnimh ag cuardach gnólachtaí nó daoine a bhfuil smaoineamh maith acu i ndáil le táirgí nó seirbhísí fuinnimh ar mhaith leo rath tráchtála a dhéanamh de agus tá sé mar sprioc aige 30 cuideachta agus 100 post nua a chruthú faoin mbliain 2013.

Nascann sé aireagóirí aonair agus gnólachtaí beaga leis seo a leanas:

- Maoiniú deontais an tionscail, maoiniú cothromais agus maoiniú na hearnála poiblí

- Foirne taighde agus forbartha ó roinnt de na príomhchuideachtaí sa tionscal fuinnimh

- Tacaíocht theicniúil le teicneolaíochtaí nua a bhailíochtú

- Gréasán gairmiúil tacaíochta gnó

- Custaiméirí féideartha san earnáil fuinnimh

Fuair na Dámhachtainí um Nuálaíocht Fuinnimh tacaíocht ó na dreamanna seo a leanas: Northwest Regional Development Agency, Ciste Forbartha Réigiúnaí na hEorpa, Department of Energy and Climate Change, EA Technology Group, EA Technology Ventures, Energy Networks Association, Electricity North West, Envirolink Northwest, IET, Scottish Power, Scottish and Southern Energy agus UKTI.

Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh faisnéise faoi Bheartas Bonneagar Fuinnimh Choimisiún Forbartha an Iarthair (alt ó siliconrepublic.com)