Sheol Tionscadal Bithfhuinnimh na hEorpa Suíomh Gréasáin – www.raslres.eu |
|
|
Seolann Tionscadal Bithfhuinnimh na hEorpa Suíomh Gréasáin – www.raslres.eu Sheol foireann RASLRES suíomh gréasáin a dtionscadail, www.raslres.eu, inniu. Tá sé mar sprioc ag an tionscnamh RASLRES todhchaí a chruthú ina gcuirfidh acmhainní áitiúla bithfhuinnimh in-athnuaite poist áitiúla agus gréasán réigiúnach rathúil fuinnimh ar fáil. Is éard atá in RASLRES tionscadal ilnáisiúnta Eorpach bithfhuinnimh dar fiú €3 mhilliún faoi threorú Choimisiún Forbartha an Iarthair (WDC), Éire mar aon le comhpháirtithe sa tSualainn, in Albain agus i dTuaisceart Éireann. Tá an tionscnamh á mhaoiniú ag INTERREG IVB – Clár Imill Thuaidh. Agus é ag labhairt ag seoladh an tsuímh ghréasáin níos luaithe inniu, dúirt Ian Brannigan, WDC agus Ceannaire Tionscadail RASLRES, “A bhuíochas le seoladh www.raslres.eu, tugtar deis don chomhpháirtíocht Eorpach an fhaisnéis uile a bhaineann leis an tionscadal bithfhuinnimh RASLRES a lárú agus a scaipeadh, rud a chuirfidh an fhorbairt bheartaithe agus glacadh na dtreoirthionscadal tráchtála atá ar siúl i láthair na huaire chun cinn. Ní hamháin go gcuirfidh an suíomh gréasáin ar ár gcumas cumarsáid éifeachtúil a dhéanamh le daoine a bhfuil baint acu le fuinneamh adhmaid, le barra bithfhuinnimh agus le bithmhais mhara, ach iarrfaidh sé tuairimí go gníomhach ó dhaoine a mbeadh suim acu páirt a ghlacadh san earnáil fuinnimh in-athnuaite. “Lena chois sin, is uirlis í a chuirfidh ar ár gcumas foghlaim ó réitigh bhithfhuinnimh atá ann cheana féin, a chruthóidh nascálacha agus malartuithe faisnéise trasna teorainneacha tíortha Eorpacha, a léireoidh scéalta rathúla ón tionscadal RASLRES agus a spreagfaidh fás san earnáil fuinnimh in-athnuaite i réigiúin na gcomhpháirtithe,” a dúirt Brannigan freisin. Beartaítear go n-úsáidfidh na daoine seo a leanas suíomh gréasáin RASLRES:
Tuilleadh Faisnéise: Ian Brannigan |




