Bí inár dTeannta » YouTube Logo Facebook Logo LinkedIn Logo Twitter Logo RSS icon
Baile Nuacht Nuacht WDC RASLRES: Cur Chuige Réigiúnach le Réitigh Fuinnimh In-athnuaite a Spreagadh

RASLRES: Cur Chuige Réigiúnach le Réitigh Fuinnimh In-athnuaite a Spreagadh

Priontáil

Tá Réigiún Iarthar na hÉireann réidh le tairbhe a bhaint as an tionscadal bithfhuinnimh ilnáisiúnta ar fiú beagnach €3 mhilliún é, faoi threoir Choimisiún Forbartha an Iarthair. Is tionscnamh Eoraipmhaoinithe atá i dtionscadal RASLRES a dhíríonn ar thairbhe a thabhairt chuig Réigiún an Iarthair i roinnt réimsí ríthábhachtacha a bhaineann le bithmhais in-athnuaite, is iad sin soláthar fuinnimh áitiúil ó fhoinsí áitiúla agus poist inbhuanaithe a chur ar fáil i gceantair thuaithe. Ag cruinniú de na páirtithe leasmhara réigiúnacha i gCora Droma Rúisc an 12 Márta, tugadh le fios go raibh timpeall 125 fiosrúchán faighte ag an WDC cheana féin faoi bheith páirteach i dtionscadal RASLRES ó ghnólachtaí agus ó eagraíochtaí réigiúnacha, rud a chur iontas agus áthas ar na comhpháirtithe dar le Ian Brannigan, Bainisteoir Forbartha Réigiúnaí don WDC.

“Tá an tsuim i rannpháirtíocht sa tionscadal nuálach seo san Iarthar soiléir ón gcaint atá tarraingthe aige. Feicimid RASLRES mar chéim chun ceantair thuaithe a chumasú chun a n-acmhainní nádúrtha a úsáid chun forbairt gheilleagrach inbhuanaithe a chruthú agus cuidiú le hÉirinn spriocanna astuithe a bhaint amach ag an am céanna.”

Mhínigh Bernadette Phelan, Feidhmeannach Forbartha Réigiúnaí ag an WDC an méid a leanas, “Cuireadh go leor plandálacha foraoiseachta san Iarthar i rith na 1980idí agus 1990idí. Tá an acmhainn seo, dá bhrí sin ag aois oiriúnach don chéad tanúchán agus tanúcháin eile dá éis, mar sin tá an tionscadal an-tráthúil. Cruthóidh forbairt mhargadh an fhuinnimh adhmaid margadh le haghaidh na dtanúchán foraoiseachta seo agus spreagfaidh sé feirmeoirí le bainistiú gníomhach a dhéanamh ar a bhforaoiseacht agus beidh fómhar adhmaid níos fearr dá bharr nuair a bheidh na crainn lánaibí.”

Léiríonn taighde an WDC go bhféadfadh an tIarthar acmhainn dhúchasach inbhuanaithe in-athnuaite fuinnimh a fhorbairt a chuirfeadh 11% de riachtanais teasa an réigiúin ar fáil faoin mbliain 2020 agus suas le 900 post breise a chruthú. Chun 11% de riachtanais teasa an réigiúin a sholáthar theastódh 470,000 tonna de bhreosla adhmaid, ghinfí €15 mhilliún breise don gheilleagar agus chuirfí €1.7 milliún ar fáil d’earnáil feirmeoireachta an Iarthair gach bliain. Scaipfí na poist a chruthófaí thar an slabhra soláthair ar fad ó úinéirí foraoisí príobháideacha, chuig cuideachtaí lastais, go pluiméireacht, innealtóireacht, agus cuideachtaí leictreacha. Anuas air sin, b’ionann na hastuithe measta CO2 a shábhálfaí gach bliain agus baint níos mó ná 92,000 carr de na bóithre in iarthar na hÉireann.

De bharr an ardleibhéil suime atá léirithe i rannpháirtíocht i dtionscadal RASLRES cheana féin, dúirt Brannigan go bhfuiltear ag lorg léirithe suime foirmiúla anois ó shaothróirí adhmaid, soláthróirí nó úsáideoirí deiridh féideartha fuinneamh adhmaid. Ghríosaigh Brannigan daoine, áfach, a léirithe suime a chur isteach láithreach trí theagmháil a dhéanamh le Ian Brannigan ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbat turscair, teastaíonn JavaScript le hé a fheiceáil .