Bí inár dTeannta » YouTube Logo Facebook Logo LinkedIn Logo Twitter Logo RSS icon
Baile Nuacht Nuacht WDC Dea-nuacht í Seirbhís Nua Iarnróid na Gaillimhe-Luimnigh le haghaidh Forbairt Réigiúnach agus na Turasóireachta – WDC

Dea-nuacht í Seirbhís Nua Iarnróid na Gaillimhe-Luimnigh le haghaidh Forbairt Réigiúnach agus na Turasóireachta – WDC

Priontáil

Cuireann figiúirí WDC éileamh mór in iúl ar sheirbhísí iarnróid a shíneadh a fhad le Tuaim agus Clár Chlainne Mhuiris.

Rinne Coimisiún Forbartha an Iarthair (WDC) cur síos ar an tseirbhís nua iarnróid an mhí seo a cheanglaíonn Gaillimh le Luimneach mar chéim thábhachtach i dtreo forbairt réigiúnach chothromaithe.  Beidh an tseirbhís nua ina cabhair chun forbairt gheilleagrach a fhorbairt agus a chur chun cinn. Déanann an bealach úr seo freastal ar Luimneach, Droichead Abhann Uí gCearnaigh, Inis, an Gort, Ard Raithin, Creachmhaoil, Baile Átha an Rí agus ar Ghaillimh.  Dea-nuacht í freisin don earnáil turasóireachta sna bailte feadh an bhealaigh agus don cheantar máguaird tar éis bliain thar a bheith crua don turasóireacht in 2009.

Dúirt Lisa McAllister, Príomhfheidhmeannach WDC, faoin tseirbhís nua, “Ba mhaith le WDC comhghairdeas a dhéanamh le hIarnród Éireann agus leis an dúrud páirtithe leasmhara a d’oibrigh go dian leis an líne a athbhunú agus le seirbhísí nua a thabhairt isteach.  Tagann an bealach nua i ndiaidh atógáil na líne idir Inis agus Baile Átha an Rí tar éis bearna 30 bliain ó ritheadh na seirbhísí sceidealaithe deireanacha.  Is é seo an cineál forbairt bhonneagair a beartaíodh sa Straitéis Spáis Náisiúnta (NSS) ó thaobh iompar poiblí inbhuanaithe de a nascann lárionaid thábhachtacha le chéile ionas go mbeidh siad in ann forbairt níos mó ó thaobh an gheilleagair de.”

Dúirt Deirdre Frost, Anailísí Beartas WDC, “Cuirimid fáilte roimh an tseirbhís nua seo agus táimid dóchasach nach gcuirfear an chéad chéim eile idir Baile Átha an Rí agus Tuaim agus ar aghaidh go Clár Chlainne Mhuiris ar an méar fhada ainneoin na ndeacrachtaí geilleagracha i láthair na huaire.  Sainaithníodh patrúin thábhachtacha iompair i dtuarascáil WDC in 2009, ‘Taisteal chuig an Ionad Oibre agus Obaircheantair i Réigiún an Iarthair’, a léiríonn éileamh mór ar sheirbhísí iarnróid ó thuaidh ó Chathair na Gaillimhe.  Tacaíonn sé seo le cás Bhealach Iarnróid an Iarthair (WRC) a shíneadh a fhad le Tuaim agus Clár Chlainne Mhuiris a luaithe agus is féidir, ós rud é gur cuireadh in iúl sa tuarascáil go bhfuil níos mó daoine i mbun comaitéireachta go Cathair na Gaillimhe ó thuaisceart an chontae, mar shampla ó cheantar oibrithe Thuama, ná mar atá ó dheisceart an chontae; ceantar oibrithe an Ghoirt.  Léiríonn sé seo go mbeidh an-éileamh ar sheirbhísí iompair phoiblí isteach sa chathair ó thuaisceart an chontae, agus dar linn féin, neartaíonn sé an cás go mór faoi choinne na chéad chéime eile de Bhealach Iarnróid an Iarthair idir Baile Átha an Rí agus Tuaim agus ar aghaidh go Clár Chlainne Mhuiris.”

Cuirfear tús le seirbhís na Gaillimhe-Luimnigh le cúig sheirbhís sa dá threo gach lá (Luan go Satharn) agus ceithre sheirbhís sa dá threo ar an Domhnach.  Creideann WDC go mbainfidh anrud paisinéirí úsáid as an tseirbhís nua agus go bhfaighidh sé seo réidh le mórán aistear sa charr. “Táimid dóchasach freisin go gcuirfidh Iarnród Éireann seirbhísí comaitéireachta agus idirchathrach chun cinn agus táimid ag súil go n-ordófar rothstoc nua d’fhonn freastal ar na seirbhísí idirchathrach ar an líne.  Osclaíonn an tseirbhís nua an gréasán iarnróid in iarthar agus i ndeisceart na tíre, nascann sí Gaillimh agus Luimneach agus bailte feadh an bhealaigh le Corcaigh agus le Port Láirge, agus le Mala, le Trá Lí agus le Cill Airne freisin,” a mhaígh an tUasal freisin.

Osclófar an tseirbhís nua go hoifigiúil Dé Luain, an 29 Márta agus cuirfear tús leis na seirbhísí don phobal mór Dé Máirt, an 30 Márta. Maidir le lasta iarnróid, creideann WDC go gcuireann fairsingiú seirbhísí lasta iarnróid ó Mhaigh Eo, agus seirbhísí nua tugtha isteach in 2009 ó Bhéal an Átha, leis an gcás le haghaidh shíneadh WRC ó thuaidh go Tuaim agus go Clár Chlainne Mhuiris agus ar aghaidh go Sligeach.  “Creidimid go n-osclóidh sé seo bealaí nua lasta iarnróid ó dheas trí Inis agus Luimneach a fhad le calafoirt i bPort Láirge agus i Ros Láir, agus go dtabharfaidh sé deis d’úsáideoirí lasta an gréasán iarnróid timpeall Bhaile Átha Cliath atá ag éirí níos gnóthaí i rith an ama a sheachaint,” a dúirt an tUasal Frost ag an deireadh.