|
Fearann WDC Fáilte roimh Thuarascáil an Tascfhórsa Nuálaíochta agus iarrann siad ar Nuálaíocht le cur le Láidreachtaí Réigiúnacha Tá fáilte curtha ag Coimisiún Forbartha an Iarthair (WDC) roimh fhoilseachán Nuálaíocht Éireann: Tuarascáil ón Tascfhórsa Nuálaíochta – tuarascáil Thascfhórsa an Rialtais maidir le Mol Idirnáisiúnta Forbartha Nuálaíochta a dhéanamh d’Éirinn. Deis mhór í do Réigiún an Iarthair cur lena láidreachtaí agus leis an méid nuálaíochta atá in Éirinn a neartú.
Dúirt Lisa McAllister, Príomhfheidhmeannach WDC, faoin tuarascáil, “Cuirimid fáilte roimh chuid mhór de na moltaí a luaitear sa tuarascáil; tá roinnt acu comhsheasmhach le moltaí roimhe seo ó WDC. Mar shampla, d’fhoilsíomar ‘An tIarthar Cruthaitheach’ go luath in 2009. Sainaithníodh san fhoilseachán seo neart an Réigiúin in earnáil na cruthaitheachta (tá 11,000 duine á bhfostú inti sa Réigiún) agus an cumas atá aici fás amach anseo. Creidimid gur ríthábhachtach é an chruthaitheacht a cheangal le hoideachas bunscoile agus meánscoile ionas go dtiocfaidh fás faoin earnáil sa réigiún agus ar fud na tíre. Tá bunphrionsabal leagtha amach ag an Tascfhórsa Nuálaíochta anois mar ‘chóras oideachais a chothaíonn smaointeoireacht neamhspleách, cruthaitheacht agus nuálaíocht...’ a chreideann WDC atá ina chéim an-dearfach chun tosaigh leis an earnáil seo a fhás a bhfuil an-chumas aici sa réigiún.
“Creideann WDC go daingean gur gá fiontraithe agus nuálaithe an réigiúin amach anseo a chothú tríd an gcóras oideachais agus tacú leo. Is ábhar ar leith áthais dúinne go dtuigeann an Tascfhórsa Nuálaíochta nach mór ‘...aigní ealaíonta cultúrtha cruthaitheacha’ a chur i lár gnó nuálach,” ar sí.
Ina theannta sin, leagann tuarascáil an Tascfhórsa béim ar an ngá le rochtain níos fearr a chur ar fáil ar chaipiteal fiontair d’fhonn tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí nuálacha. Ón mbliain 2001 i leith, d’infheistigh Ciste Infheistíochta WDC caipiteal fiontair dar fiú cóir a bheith €37 milliún i Réigiún an Iarthair, go mór mór i ngnólachtaí dúchasacha eolasbhunaithe an-nuálach. “Creideann WDC go bhfuil géarghá le rochtain leantach ar chaipiteal fiontair ionas go bhféadfaidh gnólachtaí nuálacha i Réigiún an Iarthair leanúint ar aghaidh i gcroílár na nuálaíochta in Éirinn. Tá feidhm lárnach ag an Stát chun seo a bhaint amach, go háirithe i dtaca le luath-infheistíochtaí síolchaipitil a theastaíonn ó fhiontraithe fíornuálach,” arsa an tUasal McAllister.
Mhol WDC ina n-aighneacht chuig an Tascfhórsa Nuálaíochta anuraidh gur cheart go n-áireofaí le tacaíocht agus beartas nuálaíochta díriú ar shócmhainní agus ar láidreachtaí réigiúnacha. Is iomaí buntáiste ag Réigiún an Iarthair i réimsí fearacht eolaíochtaí beatha, an fhuinnimh in-athnuaite agus na dtionscal cruthaitheach. “Ligfeadh ionaid réigiúnacha nuálaíochta, a chuireann le láidreachtaí réigiúnacha den sórt sin, do bhaint amach iomlán chumas geilleagrach na n-earnálacha seo, chomh maith le méadú ar an méid a dhéanann an Réigiún ar son na nuálaíochta náisiúnta,” ar sí.
Sainmhíníonn Pauline White, Anailísí Beartais WDC, an nuálaíocht mar shlite nua chun rudaí a dhéanamh, slite nua chun smaoineamh faoi rudaí, táirgí nua, próisis nua nó struchtúir nua eagraíochtúla. Luaigh sí tuarascáil na hEagraíochta um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta le gairid, Regions Matter, a leagann béim ar an gceangal idir an méid nuálaíochta i réigiún áirithe agus a fheidhmíocht gheilleagrach. Leag sí béim ar na difríochtaí móra idir cumas nuálach na réigiún laistigh d’Éirinn san am i láthair agus ar an dóigh a bhfuil tionchar díreach aige seo ar an oiread forbartha a shonraítear i réigiúin. “Go bunúsach, ní fheidhmíonn réigiúin ag a bhfuil cumas níos laige nuálaíochta chomh maith agus a fheidhmíonn réigiúin eile,” ar sí.
Creideann WDC má tá ‘Oileán na Nuálaíochta’ a dhéanamh d’Éirinn, go bhfuil sé riachtanach go sainaithneofar agus go gcuirfear le láidreachtaí réigiúnacha i mbeartais nuálaíochta agus i dtacaíocht. Ní mór machnamh a dhéanamh ar an méid is féidir le hionaid níos lú agus le ceantair thuaithe a dhéanamh i dtaca le cuspóirí náisiúnta nuálaíochta, agus ról ríthábhachtach na nuálaíochta i dtodhchaí gheilleagrach na limistéar sin, agus cur chuige a leagan amach leis an nuálaíocht a mhéadú.
Leagadh béim i dtuarascáil WDC ó mhí na Nollag 2009, Obair san Iarthar, ar na dúshláin fostaíochta agus gheilleagracha atá roimh Réigiún an Iarthair i láthair na huaire. Sa mhullach air sin, leagadh béim ar chumas taighde agus nuálaíochta an Réigiúin mar thoisc ríthábhachtach chun dul i ngleic leis na dúshláin seo agus poist a chruthú. “Tá feabhas mór tagtha ar acmhainn dhaonna Réigiún an Iarthair le blianta beaga anuas. Caithimid oibriú leis an acmhainn fhíorthábhachtach seo a choinneáil, mar i ndeireadh na dála, is iad na daoine an acmhainn is tábhachtaí faoi choinne na nuálaíochta,” a dúirt an tUasal White ag an deireadh.
Íoslódáil an tuarascáil An tIarthar Cruthaitheach anseo (PDF 1.9Mb) Íoslódáil an tuarascáil Obair san Iarthar anseo (PDF 5.2Mb)
|