Bí inár dTeannta » YouTube Logo Facebook Logo LinkedIn Logo Twitter Logo RSS icon
Baile Nuacht Nuacht WDC Ba chóir go dtabharfadh Críoch Aigéanrás Volvo Beocht do Chumas Fóillíochta Mara Réigiún an Iarthair - WDC

Ba chóir go dtabharfadh Críoch Aigéanrás Volvo Beocht do Chumas Fóillíochta Mara Réigiún an Iarthair - WDC

Priontáil

Tá áthas ar Choimisiún Forbartha an Iarthair le fógra an lae inniu go bhfuil Aigéanrás Volvo ag críochnú i nGaillimh in 2012 agus féachann siad air mar dheis iontach chun cumas gníomhaíochtaí fóillíochta mara i Réigiún an Iarthair a athbheochan.

Ag fáiltiú roimh an bhfógra, dúirt Lisa McAllister, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an WDC: “Táimid iomlán sásta gur roghnaíodh Gaillimh mar cheann scríbe an rása. Roghnaíodh Gaillimh de bharr comhpháirtíocht phoiblí agus phríobháideach a sheachadfaidh ioncaim shubstaintiúla turasóireachta ní amháin i Réigiún an Iarthair ach don oileán ina iomláine.”

Deir an WDC, i dtuarascáil dar teideal Obair san Iarthar: An Dúshlán Fostaíochta agus Dífhostaíochta i Réigiún an Iarthair, go bhfuil ocht n-earnáil ann ina bhfuil láidreachtaí comparáideacha ag Réigiún an Iarthair d’fhonn dul i ngleic leis na dúshláin shuntasacha fostaíochta atá roimh an réigiún. Sainaithníodh turasóireacht agus fóillíocht mhara orthu sin. Éilíodh comhordú níos fearr na gcomhlachtaí poiblí ag leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil sa tuarascáil má tá borradh le teacht ar an earnáil seo. “Ní féidir liom smaoineamh ar chatalaíoch níos mó chun an leibhéal comhordaithe a theastaíonn a thabhairt chun cinn ná an fógra a rinneadh inniu,” a deir McAllister.

Bhí baint mhór ag an WDC le stad na Gaillimhe in 2009 agus faoi láthair tá sé ag tacú go gníomhach le Foireann Let’s do it Galway chun Rás Mótarbhád Timpeall na hÉireann 2010 a óstáil. Aithníonn an WDC an cumas ollmhór atá ag baint le himeachtaí cosúil leis seo a óstáil do Réigiún an Iarthair agus ba chóir tacú go láidir leo siúd a bhaineann le himeachtaí mar seo a thabhairt chuig an réigiún.