Éilíonn an WDC agus Saineolaithe Nuálaíochta OÉ Gaillimh Straitéis Náisiúnta chun Earnáil na Cruthaitheachta a Fhorbairt |
|
|
Tá forbairt ar straitéis chomhtháite náisiúnta éilithe ag Coimisiún Forbartha an Iarthair (WDC) agus ag an Ionad um Nuálaíocht agus Athrú Struchtúrach (CISC) ag OÉ Gaillimh chun earnáil na cruthaitheachta a fhorbairt agus todhchaí geilleagair chliste a spreagadh. Éilíodh an méid sin ag seimineár dar teideal ‘Tionscail Chruthaitheacha, Nuálaíocht & an Geilleagar Cliste’ (‘Creative Industries, Innovation & the Smart Economy’) a reáchtáladh ag OÉ Gaillimh ar ar fhreastal déantóirí beartas agus cleachtóirí ó earnáil na cruthaitheachta. Sainaithníonn an Chreat um Gheilleagar Cliste, a sheol an Rialtas i Nollaig 2008, an earnáil chruthaitheach, chultúrtha agus ealaíona ina earnáil thábhachtach d’aisghabháil náisiúnta agus geilleagar níos déine ó thaobh eolais agus nuálaíochta a thógáil. Ag labhairt ag an seimineár, dúirt Lisa McAllister, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an WDC: “Ba chóir cruthaitheacht a chur i gcroílár geilleagair chliste, áit a mbeidh cruthú saibhris á spreagadh níos mó ag smaointe, nithe doláimhsithe agus cur i bhfeidhm cruthaitheach Teicneolaíocht Faisnéise agus Chumarsáide. Cé go bhfuilimid comhfhiosach ar shrianta geilleagracha i láthair na huaire, creideann an WDC go gcuirfidh beartas náisiúnta chun an earnáil a fhorbairt torthaí geilleagracha fadtéarmacha ar fáil do Réigiún an Iarthair agus don gheilleagar náisiúnta. Creidimid chomh maith gur chóir infheistíocht i mbonneagar a áireamh i gcinntí beartais amach anseo chun gur féidir le gnólachtaí cruthaitheacha a lonnaíonn anseo rochtain a fháil ar mhargaí idirnáisiúnta, go fisiciúil trí naisc aeir, bóthair agus iarnróid agus go fíorúil trí leathanbhanda tapa, saor chun braistint imeallach a laghdú.” Dúirt an Dr James Cunningham, Stiúrthóir an Ionaid Nuálaíochta & Athrú Struchtúrach ag OÉ Gaillimh: “Tá cineál agus eagrúchán gníomhaíocht nuálaíochta ag athrú agus cuidíonn forbairt earnála tionscail chruthaitheacha iomaíocha idirnáisiúnta le hinfheistíocht san earnáil phríobháideach agus phoiblí i dtaighde, i bhforbairt agus i nuálaíocht (RDI) a chothú. Chuirfeadh forbairt beartais náisiúnta do na tionscail chruthaitheacha fócas ar fáil chun gníomh a chumasú agus chun tábhacht na dtionscal cruthaitheach do shochaí agus do ghnó na hÉireann a aithint.” Dúirt an Dr Cunningham chomh maith: “Láidreodh, dhoimhneoidh agus leathnódh tacaíochtaí beartais agus infheistíocht i bhforbairt na dtionscal cruthaitheach scileanna agus tallann daoine aonair agus eagraíochtaí. Thacódh sé seo chomh maith, ar bhealach inbhuanaithe, le leathnú ábaltacht agus cumas nuálaíochta atá ina ghné thábhachtach de gheilleagar cliste a thógáil.” Chualathas ag an seimineár faoi thaighde a rinne an WDC chun iniúchadh a dhéanamh ar mhéid earnáil na cruthaitheachta i Réigiún an Iarthair agus chun na príomh-shaincheisteanna os comhair na ndaoine atá ag obair san earnáil a shainaithint. Meastar go raibh 4,779 gnólacht cruthaitheach ag feidhmiú i Réigiún an Iarthair in 2008 agus go raibh níos mó ná 11,000 duine á bhfostú acu go díreach. Chothaigh sé seo láimhdeachas bliantúil €534m agus chuir sé €270m go díreach le hOll-bhreisluach an gheilleagair réigiúnaigh. Léirigh an taighde gur iondúil gur gnólachtaí beaga a bhíonn i gceist leis na gnólachtaí cruthaitheacha i Réigiún an Iarthair agus go bhfuil ardleibhéal fiontraíochta i measc daoine cruthaitheacha agus 39% díobh féinfhostaithe. Tá tromlach Réigiún an Iarthair faoin tuath agus 68% den daonra ina gcónaí i gceantair thuaithe agus gan ach roinnt lárionaid mhóra sa réigiún. Feictear tallann chruthaitheach mar shócmhainn i réigiún tuaithe agus chualathas éilimh ag an seimineár chun tallann chruthaitheach a choinneáil agus a mhealladh mar go bhfuil tallann chruthaitheach ar cheann de na príomhréimsí do bhorradh geilleagrach féideartha. Lean an tUasal McAllister uirthi: “Tig le hearnáil cruthaitheachta láidir sa réigiún smaointeoireacht chruthaitheach a spreagadh chomh maith in earnálacha eile chomh maith le bealaí smaointeoireachta nua agus bealaí nua chun rudaí a dhéanamh a chothú.” Chuir an tOllamh Robert Huggins as Ollscoil na Breataine Bige agus Stiúrthóir an Centre for International Competitiveness i láthair fianaise idirnáisiúnta ar na naisc idir iomaíochas agus cruthaitheacht. Mhínigh sé go bhfuil iomaíochas á thomhas níos mó i dtéarmaí cruthaitheachta, eolais agus coinníollacha comhshaoil, seachas ar shaibhreas carntha amháin agus nach feiniméan uirbeach amháin atá i gcruthaitheacht. Dúradh ag an seimineár go bhfuil Tionscail Chruthaitheacha agus an Geilleagar Cliste réasúnta nua i ndíospóireachtaí beartais agus go bhfuil an tseanscoilt idir na ‘tionscail chultúrtha’ agus ‘tionscail gheilleagracha’ ag laghdú, agus taighde ag léiriú an méid a chuireann cruthaitheacht dúchais a fhaightear i gceantair thuaithe le feidhmíocht gheilleagrach an réigiúin.
|





