Bí inár dTeannta » YouTube Logo Facebook Logo LinkedIn Logo Twitter Logo RSS icon
Baile Nuacht Nuacht WDC Céad-chomhdháil “Íoctar mar a Úsáidtear” na hÉireann

Céad-chomhdháil “Íoctar mar a Úsáidtear” na hÉireann

Priontáil

 

Cuireann an tIar-Uachtarán, Dubhghlas de hÍde, an ‘Geilleagar Cruthaitheach’ Chun Cinn

“B’fhéidir go raibh an bhéim a leagadh  ar chruthaitheacht na hÉireann agus ar a ról i dtaca le todhchaí gheilleagrach na tíre a chinntiú ar cheann de na nithe ba shuntasaí sa chomhdháil a reáchtáladh in Farmleigh le gairid ar a ndearna ceannairí Éireannacha ó gach réimse den tsochaí agus ó gach cearn den domhan freastal,” dar le Lisa McAllister, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Choimisiún Forbartha an Iarthair (WDC). “Creideann WDC go mór ann agus is é sin an fáth ar chuireamar béim chomh mór air inár dtaighde agus inár gcláir forbartha beartais. Is daoine an-chruthaitheach muidne mar Éireannaigh agus meallann ár dtír go leor daoine cruthaitheacha eile ó gach cearn den domhan. Tá de chumas againn, leis an idirlíon go háirithe, bheith ina ionad cruthaitheachta domhanda, agus na mílte post inbhuanaithe a thabhairt isteach.


Bhí an tUasal McAllister ag fógairt liosta na gcainteoirí ag Comhdháil an Chraoibhín 2009 a bheidh ar siúl i mBealach an Doirín i gContae Ros Comáin idir Dé hAoine an 16 Deireadh Fómhair agus Dé Domhnaigh an 18 Deireadh Fómhair 2009.  Is é téama na comhdhála “An Cultúr agus an Geilleagar: An Chruthaitheacht agus an Nuálaíocht in Éirinn an Iar-bhorrtha” agus déanfar scrúdú agus plé ar ról agus ar chumas an gheilleagair chruthaithigh in Éirinn.
Lean sí uirthi, “Léiriú na haimsire é, le m’eolas, go mbeidh seo mar an chéad chomhdháil ‘íoctar mar a úsáidtear’ in Éirinn; beidh deis ag daoine na himeachtaí a roghnú ar mhaith leo freastal orthu gan íoc as na himeachtaí uile le linn na comhdhála.  Seo é leagan seo againne de na healaíona, sa chiall is leithne, a chur ar fáil do na daoine a bhfuil suim acu ann.”

Is é seo 22ú Comhdháil an Chraoibhín. Bhunaigh Comhairle Contae Ros Comáin í i 1988 d’fhonn saol, spéiseanna agus oidhreacht an Uachtaráin, an fhile agus an drámadóra, Dubhghlas de hÍde, a cheiliúradh. Ar na cainteoirí a bheidh ag an gcomhdháil, arna comhurrú ag Comhairle Contae Ros Comáin agus WDC, beidh   Martin Cullen, T.D., an tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, a chuirfidh an t-aitheasc oscailte i láthair i gcuideachta an Mhéara Tony Ward tráthnóna Dé hAoine. Ar na daoine a bheidh in éineacht leo i rith an deiridh sheachtaine beidh siad seo a leanas: Mícheál Ó Súilleabháin, Dámh Chruinne Éireann Rince agus Ceol/Cultúr Éireann; Finbarr Bradley, comhúdar “Capitalising on Culture, Competing on Difference”; Roger O'Keeffe, Ard-Stiúrthóireacht Oideachais agus Cultúir an Choimisiúin Eorpaigh; John Concannon, Fáilte Éireann; Sarah Glennie, Institiúid na Scannán, Éire; Garry Hynes, Cuideachta Amharclannaíochta an Druid; Michael John Gorman, an Gailearaí Eolaíochta; Stuart McLaughlin, Business to Arts; agus Alice Lyons, file agus amharcealaíontóir.

Tagairt is ea an rogha ‘íoctar mar a úsáidtear’ do gach “péire” léachta agus plé – beidh ceithre cinn díobh seo ar an Satharn agus beidh péire léachta/turas allamuigh maidin Dé Domhnaigh.

Beidh cumas gan sárú Mháirtín O’Connor, Chathal Hayden, Shéamie O’Dowd agus Jimmy Higgins ina mbuaicphointí i gCeolchoirm na Comhdhála oíche Dé Sathairn. Beidh an seandálaí Niall Brady ag caint ar lonnaíochtaí meánaoiseacha sa cheantar maidin Dé Domhnaigh agus ina dhiaidh sin beidh turas allamuigh chuig cuid de na suíomhanna in aice láimhe sa réigiún a bhfuil cáil air de bharr Dhúnfort Bhanríon Maedhbh chomh maith leis an Táin Bó Cuailinge a bhí á bhfiosrú ag an gClár Fionnachtana le ceithre bliana anuas.


Le breis faisnéise a fháil,
déan teagmháil le Philip Delamere, Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Ros Comáin, ag 09066 37285
Feic www.roscommonarts.com/hyde
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbat turscair, teastaíonn JavaScript le hé a fheiceáil .