Léiríonn Tuarascáil nua an WDC Patrúin Thábhachtacha in Éileamh Iompair |
|
|
Léiríonn Tuarascáil nua an WDC Patrúin Thábhachtacha in Éileamh Iompair i gCathair agus i gContae na Gaillimhe Cónaíonn breis agus an ceathrú cuid de na hoibrithe ar fad i Réigiún an Iarthair, ó Dhún na nGall go dtí an Clár, in obaircheantar chathair na Gaillimhe. Tá leibhéal níos airde oideachais ar oibrithe a chónaíonn in obaircheantar chathair na Gaillimhe ná an meán náisiúnta: - Coimisiún Forbartha an Iarthair. Ba chóir sonraí nua a léiríonn patrúin taistil oibrithe chuig an obair i nGaillimh a úsáid chun cinntí pleanála amach anseo a chur le chéile agus chun an ceantar a chur chun cinn mar láthair fiontair. Seo de réir thuarascáil nua Choimisiún Forbartha an Iarthair (WDC) ina ndéantar anailísiú ar shonraí Daonáirimh nár eisíodh roimhe seo chun staidéar domhain a chur ar fáil ar phátrúin taistil chuig cathair na Gaillimhe. Ag labhairt ag seoladh na tuarascála, dúirt Lisa McAllister, Príomhoifigeach Feidhmeannach an WDC, “Is faisnéis an-luachmhar atá anseo mar cuireann sí anailís ar fáil ar phríomhthreochtaí agus sainaithníonn sí patrúin iompair láidre. Beidh luach ar leith aige do dhéantóirí beartais chun gur féidir cinntí a dhéanamh amach anseo faoi bhonneagar iompair réigiúnach agus faoi láthair fiontair bunaithe ar shonraí láidre. “Léiríonn an tuarascáil roinnt torthaí suimiúla cosúil le go bhfuil níos mó daoine i mbun comaitéireachta go Cathair na Gaillimhe ó thuaisceart an chontae, mar shampla ó obaircheantar Thuama, ná mar atá ó dheisceart an chontae; obaircheantar an Ghoirt. Léiríonn sé seo go mbeidh éileamh níos mó ar sheirbhísí iompair phoiblí isteach sa chathair ó thuaisceart an chontae, agus dar linn féin, neartaíonn sé an cás faoi choinne na chéad chéime eile de Bhealach Iarnróid an Iarthair idir Baile Átha an Rí agus Tuaim agus ar aghaidh go Clár Chlainne Mhuiris,” a deir sí chomh maith. Léiríonn an tuarascáil, ‘Taisteal chuig an Ionad Oibre agus Obaircheantair i Réigiún an Iarthair’, obaircheantar fairsing chathair na Gaillimhe agus léirítear inti an soláthar fórsa oibre atá ar fáil timpeall ar chathair na Gaillimhe. Deir an WDC go gcuireann sé anailís fianaisebhunaithe ar fáil ar cheart a úsáid agus cinnteoireacht réigiúnach beartais á dhéanamh, agus go mbeidh sé ina fhoinse thábhachtach faisnéise d’fhostóirí, do ghníomhaireachtaí forbartha stáit agus d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha. Dúirt an tUas. McAllister nach raibh mórán ar eolas maidir le patrúin chomaitéireachta áitiúla agus réigiúnacha in Iarthar na hÉireann, cé go bhfuil mórán díospóireachta déanta ar phatrúin chomaitéireachta i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath. “Líonann an tuarascáil seo an bhearna sin agus cuireann sé tuiscint i bhfad níos fearr ar fáil maidir leis na háiteanna ina bhfuil daoine ag cónaí agus ag obair chomh maith leis an gcineál oibre a dhéanann daoine, agus cuidíonn an t-eolas seo ar fad le bearta do láthair fiontair, mar aon le riachtanais oideachas agus oiliúna agus riachtanais iompair a shainaithint,” a dúirt sí. Dúirt Deirdre Frost, Anailísí Beartais ag an WDC, a d’oibrigh ar an tuarascáil, “Clúdaíonn obaircheantar chathair na Gaillimhe an contae agus síneann sé chuig deisceart chontae Mhaigh Eo agus tuaisceart chontae an Chláir. Is ón gceantar seo a tharraingíonn cathair na Gaillimhe formhór a soláthair lucht oibre. Tá a fhios againn go bhfuil daoine sásta turais fhada a dhéanamh chun fostaíocht a rochtain i gcathair na Gaillimhe. Mar shampla léiríonn an tuarascáil go ndearna 230 duine comaitéireacht ó obaircheantar Chaisleán an Bharraigh chuig cathair na Gaillimhe le hobair,” a dúirt an tUas. Frost. Thug Frost le fios, “Le deich mbliana anuas, d’athraigh patrúin taisteal chuig an obair go mór agus nuair a smaoinímid siar chuig buaic an Tíogair Cheiltigh bhí scuainí fada tráchta ag buaicamanna ar bhóithre isteach na cathrach ina gcomhartha soiléir i nGaillimh. Cuireann na sonraí nua seo deis ar fáil tionchar bheith acu ar chinntí pleanála iompair amach anseo chun nach rachaimid ar ais chuig na scuainí fada tráchta sin agus an geilleagar ag teacht chuige féin.” Aimsíodh ann chomh maith go bhfuil próifíl aoise obaircheantar chathair na Gaillimhe ar cheann de na próifílí is óige i Réigiún an Iarthair agus go bhfuil leibhéal níos airde oideachais ar oibrithe a chónaíonn in obaircheantar chathair na Gaillimhe ná an meán náisiúnta. Chríochnaigh sí, “Fáiltímid roimh chinneadh na Príomh-Oifige Staidrimh (CSO) sonraí a ligean amach don staidéar seo a léiríonn go bhfuil cumas ollmhór ag Réigiún an Iarthair bheith ina gheilleagar cliste go réigiúnach a chothóidh aisghabháil na hÉireann chuig borradh geilleagrach.” Críoch Faisnéis Chúlra Sainaithníonn an tuarascáil reatha 45 obaircheantar i Réigiún an Iarthair (contaetha Dhún na nGall, Shligigh, Liatroma, Ros Comáin, Mhaigh Eo, an Gaillimhe agus an Chláir) agus cuireann sé próifíl mhionsonraithe ar an margadh saothair ar fáil do seacht mbaile; an baile is mó i ngach ceann de seacht contae i Réigiún an Iarthair; Gaillimh, Inis, Sligeach, Leitir Ceanainn, Caisleán an Bharraigh, Ros Comáin agus Cora Droma Rúisc.
|




