Is moladh d’iarnród agus gnólachtaí san iarthar atá sa bhealach lasta iarnróid nua idir Maigh Eo agus Baile Átha Cliath. |
|
|
Is moladh d’iarnród agus gnólachtaí san iarthar atá sa bhealach lasta iarnróid nua idir Maigh Eo agus Baile Átha Cliath: Bainfidh an tseirbhís nua 2,000 trucail lasta den bhóthar. Dúirt Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Choimisiúin Forbartha an Iarthair (WDC), Lisa McAllister go léiríonn an tseirbhís lasta iarnróid nua ó Bhéal an Átha i gContae Mhaigh Eo chuig Caladh Bhaile Átha Cliath inmharthanacht gheilleagrach lasta iarnróid agus léiríonn sé na tionscail dinimiciúla easpórtáilte i Maigh Eo. Cuireadh tús leis an tseirbhís nua, a éascóidh easpórtálacha an 19 Lúnasa 19th agus rithfidh sé faoi dhó sa tseachtain ar dtús idir Calafort Bhaile Átha Cliath agus Béal an Átha. Tá sé pleanáilte an tseirbhís a mhéadú go dtí seirbhís laethúil laistigh de shé mhí. Dúirt McAllister, “Is forbairt mhór í seo i dtreo lorg carbóin a laghdú mar go n-úsáidfear an trealamh gabhdáin ar fad ar bhonn ‘turas fillte’, dá bhrí sin tógfaidh sé trácht lasta iomlán agus folamh ó ghréasán bóithre na hÉireann. Léiríonn meastacháin go sábhálfaidh an tseirbhís seo suas le 5.5 milliún ciliméadar bóthair gach bliain agus laghdóidh sí astuithe CO2 suas le 2,750 tonna.” Dúirt sí go léiríonn staitisticí gur bealach iompar lasta níos sábháilte atá san iarnród ná an bóthar, agus go mbeidh gar do 2,000 gluaiseacht trucail idir Baile Átha Cliath agus Béal an Átha á mbaint den bhóthar go bliantúil ar dtús. Dúirt an tUas. McAllister go bhfuil an-áthas ar an WDC faoin tseirbhís lasta iarnróid nua a chuideoidh leis an mborradh easpórtála a theastaíonn ón tír chun éirí as an ísliú sa gheilleagar. Is athrú ollmhór atá sa tseirbhís nua do thrácht lasta iarnróid san Iarthar, ag tógáil feithiclí earraí troma de ghréasán bóithre plódaithe. Chomh maith le dul ar ais chuig traenacha gabhdáin chuig Calafort Bhaile Átha Cliath, láidríonn an tseirbhís nua stádas Bhéal an Átha mar mhórmhol lasta iarnróid. Tá an tseirbhís nua sa mhullach ar an tseirbhís reatha idir Béal an Átha agus Calafort Phort Láirge (a théann trí Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath) ag iompar laínadhmaid do Choillte ó Bhéal an Átha go Phort Láirge. Tá an WDC ag éileamh go leanúnach go ndéanfaí athscrúdú ar na deiseanna atá ann do níos mó lasta iarnróid, ag aithint a shárthaifid chomhshaoil agus a shárthaifid sábháilteachta. Dúirt an tUas. McAllister, “Cé nach mbeidh an oiread cumas ag Éirinn, oileán beag, do bhorradh suntasach i lasta iarnróid, tá scóip ann a sciar módal a ardú, agus líon mór trucail a bhaint den ghréasán plódaithe (nó de mhionbhóithre) agus an gréasán iarnróid a úsáid chun airgead a ghiniúint d’Iarnród Éireann. Go deimhin, is dócha go gceanglóidh beartas na hEorpa orainn scrúdú a dhéanamh ar gach deis chun lasta iarnróid a chur chun cinn.” Rinne an WDC comhghairdeas leo siúd ar fad a bhí páirteach in obair chun roghanna lasta iarnróid a scrúdú, go háirithe Cumann Onnmhaireoirí na hÉireann a d’éascaigh tabhairt isteach an bhealaigh nua. Dúirt Deirdre Frost, Anailísí Beartas ag an WDC an méid a leanas, “Ó bunaíodh an WDC tá sé aitheanta againn go bhfuil cumas ann níos mó lastas a iompar ar ár ngréasán iarnróid. Léiríonn an cineál seo seirbhíse nua go bhfuil éileamh i Réigiún an Iarthair a chuideoidh le cumas táirgiúlachta an réigiúin a dhéanamh níos mó agus a cheadóidh don réigiún cur le borradh geilleagrach náisiúnta. Áiríodh inár n-obair aighneachtaí chuig an Athbhreithniú Straitéiseach Iarnróid agus rannpháirtíocht sa Ghrúpa-oibre Saineolach ar Bhealach Iarnróid an Iarthair.” |




