|
Tá 11,000 fostaithe i ngeilleagar cruthaitheach i Réigiún an Iarthair cheana, “Tá ciall gheilleagrach ag baint le tacú leis an gcruthaitheacht” Nuair a chuirtear comparáidí idirnáisiúnta san áireamh, tá cumas ag Réigiún an Iarthair 2,000 post breise ar a laghad a chruthú in earnáil na cruthaitheachta, dar le Gillian Buckley, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Choimisiún Forbartha an Iarthair. Bhí an tUas. Buckley ag labhairt inniu (an 16 Feabhra 2009) ag seoladh tuarascáil an WDC “An tIarthar Cruthaitheach: Earnáil na Cruthaitheachta i Réigiún an Iarthair”, an chéad staidéar dá chineál a rinneadh in Éirinn. Dúirt sí freisin, “Tá 4,779 gnólacht cruthaitheach ag feidhmiú i Réigiún an Iarthair a bhfuil níos mó ná 11,000 duine á bhfostú acu go díreach nó 3% d’fhostaíocht iomlán an réigiúin. Cothaíonn sé seo láimhdeachas bliantúil €534m agus cuireann sé €270m go díreach le hOll-bhreisluach an gheilleagair réigiúnaigh. Tá sé mar sin ina mhórchuiditheoir geilleagrach don réigiún a chreidimid gur féidir leis fás go suntasach, fiú sna hamanna deacra geilleagracha seo.” Tagraíonn earnáil na cruthaitheachta do na gnólachtaí siúd is mó a bhraitheann ar chruthaitheacht dhaonna chun luach geilleagrach a ghiniúint, ó tháirgeadh teilifíse, ceol, amharclannaíocht, ailtireacht, dearadh grafach agus gailearaithe ealaíne. Lean an tUasal Buckley uirthi, “Le meánbhorradh bliantúil 8.7% i dtrádáil dhomhanda na n-earraí agus seirbhísí cruthaitheacha, beidh earnáil na cruthaitheachta chun tosaigh i dtógáil Gheilleagar Stuama na hÉireann mar go gcuireann sé deis ar fáil chun fiontair dhúchasacha faoi bhláth a fhorbairt. Má táimid leis an gcumas seo a thabhairt chun cinn, caithfimid tosú le tuiscint a fháil ar an staid reatha sa réigiún agus ar na dúshláin atá os comhair bhorradh na hearnála amach anseo. Is é sin an fáth gur choimisiúnaigh an WDC an taighde seo le hiniúchadh a dhéanamh ar earnáil cruthaitheachta an réigiúin agus chun na príomh-shaincheisteanna atá os comhair na ndaoine atá ag obair san earnáil a shainaithint.” Ag labhairt dó ag an seoladh dúirt an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, T.D. “Tá Coimisiún Forbartha an Iarthair ag iarraidh earnáil na cruthaitheachta a chur chun cinn sa chuid seo den tír, ní amháin mar go bhfuil tábhacht ar leith leis na healaíona i sícé agus i bhféiniúlacht ár náisiúin, ach tá an fhéidearthacht aici cur le forbairt inbhuanaithe fhadtéarmach an réigiúin seo atá tuaithe den chuid is mó. Go simplí, tá ciall gheilleagrach ag baint le tacaíocht a thabhairt don chruthaitheacht.” Léiríonn an tuarascáil gur gnólachtaí beaga a bhíonn i gceist leis na gnólachtaí cruthaitheacha i Réigiún an Iarthair de ghnáth. Tá 39% díobh féinfhostaithe agus cuireann sé seo ardleibhéal fiontraíochta i measc daoine cruthaitheach in iúl. De ghnáth, bíonn na daoine seo ardoilte agus léirigh staidéar ón AE go bhfuil céim ollscoile ag 47% de na daoine atá fostaithe san earnáil, atá i bhfad níos airde ná an fórsa saothair go ginearálta. Ag labhairt ag an seoladh chomh maith bhí Damini Kumar, dearthóir agus aireagóir a bhfuil dámhachtainí buaite aige, a roghnaíodh mar Ambasadóir an AE do Bhliain na Cruthaitheachta agus na Nuálaíochta a dúirt, “Táim ag súil le suim níos mó a mhúscailt i gcruthaitheacht agus meas ar a ról nuálaíochta ar feadh na Bliana Cruthaitheachta agus Nuálaíochta seo, go háirithe i measc daoine óga. Creidim go bhfuil sé seo fíorthábhachtach do thodhchaí agus do bhorradh an gheilleagair." Sa mhullach ar mhéid earnáil na cruthaitheachta i Réigiún an Iarthair a thomhas, léiríonn tuarascáil “An tIarthar Cruthaitheach” saincheisteanna tábhachtacha atá os comhair na hearnála. Áirítear leo seo leathanbhanda d’ardchaighdeán, easpa cur chun cinn san earnáil, rochtain ar mhargaí easpórtála, leibhéil ísle líonraithe idir gnólachtaí agus critéir cháilitheachta le haghaidh foinsí áirithe maoinithe. Tá an WDC dulta i bpáirt lena gcomhpháirtithe san earnáil chun na saincheisteanna seo a shainaithint agus leagtar amach sa tuarascáil sraith moltaí chun na dúshláin a shárú. Chríochnaigh an tUas. Grehan, “Is é atá foghlamtha againn go bhfuil Réigiún an Iarthair ina láthair fhoirfe le haghaidh tuilleadh leathnaithe san earnáil agus an réigiún, trína áilleacht nádúrtha agus a cháilíocht beatha, ag tabhairt inspioráide do chultúr cruthaitheachta. Creidimid gur féidir leis an réigiún leanúint ar aghaidh le daoine cruthaitheacha a mhealladh ón domhan mór, ar féidir leo fonn an domhain do dhearadh, ceol, scannáin, na meáin dhigiteacha agus na healaíona a shásamh agus iad ina gcónaí san Iarthar.” Tuairiscíonn Eileen Magnier, Comhfhreagraí an Iarthuaiscirt, gur léirigh staidéar Choimisiún Forbartha an Iarthair cumas cruthaitheach sa cheantar. Feic Tuairisc ar RTÉ Six One News ar an Iarthar Cruthaitheach:-
|