|
Tá cumas ar leith ag fiontair chruthaitheacha, dála na meán digiteach, scannán, ealaíne, dearaidh agus na Gaeilge i dtaca le forbairt gheilleagrach amach anseo i Réigiún an Iarthair. Sin de réir Choimisiún Forbartha an Iarthair (WDC) atá ag cur straitéise le chéile le haghaidh gheilleagar cruthaitheach an réigiúin i gcomhar le gnólachtaí réigiúnacha agus le meitheal ardleibhéil. Agus í ag caint ar an tionscnamh, leag Gillian Buckley, Príomhfheidhmeannach WDC, béim ar an bhfás atá ag teacht ar thábhacht an gheilleagair chruthaithigh go náisiúnta, agus do Réigiún an Iarthair go háirithe. “Tá geilleagair atá ag teacht chun cinn ag dul san iomaíocht le hÉirinn le haghaidh post. Mar thoradh air seo, is tábhachtaí arís do Réigiún an Iarthair an cineál seo iomaíochais do ghnólachtaí sa gheilleagar cruthaitheach, toisc go mbíonn sé níos deacra poist san earnáil seo a chur as áit.” Choinnigh sí uirthi, “Leis na glúine anuas, bhí daoine ealaíonta agus cruthaitheacha tarraingthe chuig Réigiún an Iarthair, agus a bhuíochas le dul chun cinn sa teileachumarsáid agus sa bhonneagar lena mbaineann le gairid, tá an-chumas ann le poist a chruthú tríd an gcruthaitheacht, trí scileanna agus trí thallann. Ar fhiontair an gheilleagair chruthaithigh atá ann tá ailtireacht, ealaín, ceardaíocht, dearadh, scannáin, bogearraí, ceol, na taibh-ealaíona, teilifís agus raidió. “Is eol dúinn ó chásanna sa RA agus i SAM go bhfuil tionscail chruthaitheacha tábhachtach do gheilleagair tuaithe, le haghaidh nuálaíochta, taighde agus fostaíochta agus le haghaidh forbairt réigiúnach trí chéile. Lena tionchar ar Réigiún an Iarthair a mheas, choimisiúnaíomar taighde agus chuireamar meitheal ardleibhéil le chéile ar a bhfuil leasanna gníomhaireachtaí stáit, ealaíontóirí, na meán digiteach, scannán, dearaidh agus na Gaeilge chun straitéis agus plean gníomhaíochta a leagan amach leis an earnáil a fhorbairt.” Choimisiúnaigh WDC staidéar ar scóip agus ar chomhdhéanamh earnáil na cruthaitheachta sa réigiún chun cuidiú le tús a chur leis na himeachtaí. Rinneadh plé ar thorthaí tosaigh an taighde le gairid ag ceardlann i Mainistir na Búille i gContae Ros Comáin. Dúirt Ian Brannigan, Bainisteoir Forbartha WDC, “Labhraíomar le beagnach 350 fiontar cruthaitheach san Iarthar mar chuid dár dtaighde. D’eagraíomar ceardlanna le gnólachtaí cruthaitheacha agus le páirtithe leasmhara freisin leis an todhchaí a phleanáil, ós rud é go bhfuil an-chumas ag an earnáil. Tugann an taighde le fios go bhfuil deiseanna ann le haghaidh fás mór agus ba mhaith linn a chinntiú go mbeidh plean agus straitéis réigiúnach againn le leas a bhaint as na deiseanna sin.” Cuireann taighde na Náisiún Aontaithe in iúl gurbh ionann trádáil earraí agus seirbhísí cruthaitheacha agus cóir a bheith 3.4% den trádáil dhomhanda in 2005; b’fhiú $424 billiún í seo. Beidh an obair atá á déanamh ag WDC ina láimh chúnta chun béim a leagan ar luach geilleagrach agus ar thábhacht an gheilleagair chruthaithigh i Réigiún an Iarthair agus seolfar í níos moille in 2008.
|