Bí inár dTeannta » YouTube Logo Facebook Logo LinkedIn Logo Twitter Logo RSS icon
Baile Nuacht Nuacht WDC Insíonn an WDC le Coiste Oireachtais faoin gcaoi ar féidir leis an Iarthar cur le borradh náisiúnta.

Insíonn an WDC le Coiste Oireachtais faoin gcaoi ar féidir leis an Iarthar cur le borradh náisiúnta.

Priontáil

Leag Coimisiún Forbartha an Iarthair (WDC) amach a fhís do thodhchaí Réigiún an Iarthair do Chomhchoiste an Oireachtais ar na hEalaíona, Spórt, Turasóireacht, agus Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta Dé Céadaoin an 19 Samhain. 

Chuir an WDC béim ar rath fheachtas LookWest.ie a chur ar chumas os cionn 100 gnólacht agus 4,000 duine aonair a suim a chlárú maidir le bogadh go dtí an réigiún.  Leag an tUas. Buckley amach fís chomh maith do thodhchaí Réigiún an Iarthair mar seo a leanas:

  • Réigiún le bonneagar den scoth
  • Réigiún a bhaineann tairbhe as a shainiúlacht agus a bhuntáistí nádúrtha
  • Réigiún a chothaíonn braistint phobail, oidhreachta agus comhshaoil
  • Réigiún a spreagann cruthaitheacht agus fiontraíocht

Caithfear an réasúnacht taobh thiar de bhunú an WDC i 1997 a shainaithint, agus brú agus imní poiblí dian ag teacht chun cinn de bharr na tréimhse fada lag trá gheilleagraigh agus shóisialta i gcontaetha an iarthair. Dúirt an tUasal Buckley go bhfuil an éagothroime idir an tIarthar agus na réigiúin eile le sonrú go fóill in ainneoin dul chun cinn maith sa réigiún le deich mbliana anuas, agus nach mór díriú ar an réigiún go marthanach.
D’aithin an tUasal Buckley chomh maith na dúshláin mhóra atá os comhair an réigiúin, go háirithe leochaileacht a struchtúir fostaíochta, agus easpaí leathanbhanda agus iompair.  Ar a shon sin, ag tógáil ar an dul chun cinn atá déanta agus ar acmhainní nádúrtha an réigiúin, creideann an WDC go bhfuil cumas ollmhór i Réigiún an Iarthair le cur le borradh agus le haisghabháil náisiúnta, go háirithe trí úsáid fuinnimh in-athnuaite cosúil le gaoth, tonnta agus bithmhais – réimsí ar a bhfuil an WDC ag obair faoi láthair. 
Dúirt an tUasal Buckley, “Is é an dúshlán anois, níos mó ná riamh, leanúint ar aghaidh le hinfheistíocht i bhfiontraíocht inbhuanaithe sa réigiún.  Go dtí seo, d’infheistigh Ciste Infheistíochta an Iarthair €30.8m i 78 fiontar sa réigiún, ag cur le cruthú agus cothabháil níos mó ná 1,200 post sa réigiún agus is foinse ríthábhachtach caipitil é an Ciste go fóill do chuideachtaí ardchumais fáis na luathchéime i Réigiún an Iarthair.”