Bí inár dTeannta » YouTube Logo Facebook Logo LinkedIn Logo Twitter Logo RSS icon
Baile Nuacht Nuacht WDC Deiseanna fiontair san earnáil fuinneamh adhmaid.

Deiseanna fiontair san earnáil fuinneamh adhmaid.

Priontáil

Tugann WDC cuireadh d’fhiontraithe agus d’eagraíochtaí forbartha pobail chuig ceardlann.

Beidh Coimisiún Forbartha an Iarthair (WDC) ina n-óstaigh do cheardlann fuinneamh adhmaid d’fhiontraithe, don lucht gnó agus d’eagraíochtaí a bhíonn ag plé le forbairt pobail agus áitiúil an 3 Nollaig in Óstán Baile Chláir na Gaillimhe.
Pléifidh an cheardlann deiseanna fiontraíochta fuinneamh adhmaid agus na príomhthosca a mbíonn tionchar acu ar fhorbairt na hearnála, agus cuirfear torthaí dhá thionscadal bhainteacha atá díreach críochnaithe ag an WDC i láthair. 
“Beidh an cheardlann ina hábhar spéise do phobail áitiúla, do chuideachtaí LEADER, do chomharchumainn agus d’údaráis áitiúla le tuairim a fháil ar conas is féidir leo earraíocht a bhaint as na deiseanna san earnáil. Ina theannta sin, féadfaidh fiontraithe agus an lucht gnó samplaí rathúla a chloisteáil faoi ghnólachtaí nua fuinneamh adhmaid agus léargas a fháil ar ról na ngníomhaireachtaí poiblí,” a dúirt Gillian Buckley, Príomhfheidhmeannach WDC.
“Má dhéanann Réigiún an Iarthair forbairt ar earnáil bheoga fuinneamh adhmaid, beidh sé ina láimh chúnta leis an bhforbairt tuaithe a spreagadh agus le poist a chruthú, agus is an-tráthúil ar fad an cheardlann seo dá bharr.  Is leochaileach é struchtúr fostaíochta an réigiúin; bhí méadú 59% ar an mBeo-Chlár le dhá mhí dhéag anuas agus bhí an méadú i gcás na bhfear ní ba mhó ag 72%.  Cruthaíonn acmhainní adhmaid an réigiúin deiseanna nua poist agus fiontair,” ar sí.
Dúirt Ian Brannigan, Bainisteoir Forbartha WDC, “Tá an cheardlann ina cuid dár n-obair chun an earnáil fuinnimh in-athnuaite a fhorbairt.  Réimse é seo a thagann le láidreachtaí nádúrtha an réigiúin.  Measann ár dtaighde go bhféadfadh úsáid as adhmad chun fuinneamh teasa a tháirgeadh bheith ina bhunús le €15 mhilliún sa bhreis don gheilleagar in aghaidh na bliana faoin mbliain 2020. Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh sé suas le 900 post breise a chruthú i gceantair thuaithe agus €1.7 milliún a chur ar fáil gach bliain d’earnáil feirmeoireachta an Iarthair.  Anuas air sin, b’ionann na hastuithe measta CO2 a shábhálfaí gach bliain agus níos mó ná 92,000 carr a bhaint de na bóithre.”
Tá an margadh fuinneamh adhmaid in Éirinn sách tearcfhorbartha i gcomparáid le tíortha eile.  Ar a shon sin, tá an-deis ag Réigiún an Iarthair sochar a bhaint as an acmhainn in-athnuaite de dheasca go bhfuil 40% d’acmhainní adhmaid na hÉireann le fáil ann.  D’fhéadfadh an tIarthar acmhainn dhúchasach inbhuanaithe in-athnuaite fuinnimh a fhorbairt a chuirfeadh 11% de riachtanais teasa an réigiúin ar fáil faoin mbliain 2020. 
Mhaígh Bernadette Phelan, Feidhmeannach Forbartha Réigiúnaí WDC, “Léiríodh i dtaighde a rinneamar roimhe seo go bhfuil sé de chumas ag Réigiún an Iarthair níos mó ná 470,000 tona breosla adhmaid a sholáthar gach bliain faoin mbliain 2020. Is leor sin chun de bhreis ar 800 meánúsáideoir agus mórúsáideoir teasa a théamh, ar nós ospidéal, óstán, linnte snámha, tithe altranais agus mórbhloic oifige.  Cuirfear torthaí na hoibre a rinne an WDC i gcomhar le Comhairle Contae Dhún na nGall agus le hÚdarás na Gaeltachta i láthair ag an gceardlann.  Sa mhullach air sin, seolfaimid dhá leabhrán faisnéise ag an gceardlann – Fuinneamh Adhmaid agus Fiontar Pobail: Treoir (‘Wood Energy and Community Enterprise: A Guide’) agus Fuinneamh Adhmaid agus Údaráis Áitiúla: Cás-staidéar Dhún na nGall (‘Wood Energy and Local Authorities: Donegal Case Study’).”
Beidh seastán ag Teagasc, Cumann Bithfhuinnimh na hÉireann, an Chomhairle Náisiúnta um Thaighde agus Forbairt Foraoise (COFORD) agus Fuinneamh Inmharthana Éireann (SEI) ag an gceardlann agus beidh a bhfoireann ar fáil le fiosrúcháin a phlé.
Beidh sé saor in aisce freastal ar an gceardlann, ach ní bheidh ach líon teoranta spásanna ann. Mar sin de, ba cheart do dhaoine dul i dteagmháil le Mary Keaveney ag 094 986 1441 nó ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbat turscair, teastaíonn JavaScript le hé a fheiceáil   faoin 27 Samhain.