Bí inár dTeannta » YouTube Logo Facebook Logo LinkedIn Logo Twitter Logo RSS icon
Baile Nuacht Nuacht WDC Deir an WDC go n-éascóidh an Scéim Náisiúnta Leathanbhanda forbairt gheilleagrach i Réigiún tuaithe an Iarthair

Deir an WDC go n-éascóidh an Scéim Náisiúnta Leathanbhanda forbairt gheilleagrach i Réigiún tuaithe an Iarthair

Priontáil

Níos mó deiseanna a fháil má athraítear chuig teilifís dhigiteach

D’fháiltigh Coimisiún Forbartha an Iarthair (WDC) roimh Scéim Náisiúnta Leathanbhanda an Rialtais a fheicfidh leathanbhanda i ngach cuid de Réigiún an Iarthair faoi Mheán Fómhair 2010. “Tugann leathanbhanda tairbhí suntasacha do ghnólachtaí tuaithe agus pobail agus dá bhrí sin is fógra dearfach é seo.
Gheobhaidh daoine atá ina gcónaí i gceantair thuaithe rochtain ar sheirbhísí ar líne, agus de bharr leathanbhanda beidh níos mó daoine in ann gnólachtaí a rith ón mbaile agus teile-obair a dhéanamh.  Is rogha mhealltach atá i dteile-obair, go háirithe in amanna lag trá gheilleagraigh d’úinéirí gnó agus a bhfostaithe.  Tig leis forchostais agus costais fuinnimh a laghdú d’fhostaithe agus costais taistil a laghdú d’fhostaithe.  Rachaidh sé chun tairbhe an chomhshaoil chomh maith le níos lú turas carr ag laghdú astuithe carbóin,” a dúirt Patricia O’Hara, Bainisteoir Beartais ag an WDC.
Cuireann an WDC, a bhfuil ról láidir aige chun leathanbhanda a fháil do cheantair thuaithe, béim ar an tacaíocht ar féidir le leathanbhanda a thabhairt d’inmharthanacht agus iomaíochas post atá ann agus bacainn mhór a bhaint d’infheistíocht agus poist nua a mhealladh chuig ceantair thuaithe.  “Tá sé ríthábhachtach chun Éire a chur sa gheilleagar eolais nó cliste,” a deir an Dr O’Hara chomh maith.
“Go náisiúnta, cónaíonn 39% de na daoine i gceantair thuaithe ach tá an figiúr do Réigiún an Iarthair i bhfad níos airde ag 68%.  Go dtí seo, ní dhearnadh freastal rómhaith ar an Réigiún agus ceangal leathanbhanda ag níos lú ná 20% de na teaghlaigh, mar sin tá an fógra seo suntasach don Iarthar go háirithe,” a dúirt sí leis.
“Ó 2000, tá béim curtha ag an WDC ar an tábhacht a bhaineann le leathanbhanda agus dá bhrí sin is céim sa treo cheart atá san fhógra don gheilleagar tuaithe.  Tig le fiontair thuaithe díriú anois ar mhargaí idirnáisiúnta agus dul in iomaíocht le gnólachtaí i gceantair uirbeacha, a raibh buntáiste iomaíoch suntasach acu go dtí seo.  Bheadh roinnt buarthaí orainn, áfach, mar gheall ar roinnt de na luais atá á gcur ar fáil agus chuirfimis béim ar go mbeadh siad dóthanach do riachtanais ghnó, agus le haghaidh gréasáin den chéad ghlúin eile cosúil le teilifís agus fís ardghléine,” a dúirt an Dr O’Hara.
Mhínigh sí go bhféadfadh an t-athrú ó theilifís analóige go digiteach, atá pleanáilte in 2012, deis a chur ar fáil le dul i ngleic leis na fadhbanna luais agus caighdeán na seirbhíse. 
“Mar gheall ar an athrú go teilifís dhigiteach beidh 25-30% de chumas speictream an raidió sa bhanna craoltóireachta UHF saor.  D’fhéadfadh sé seo bheith ar fáil chun leathanbhanda d’ardchaighdeán a chur ar fáil i gceantair thuaithe. Creideann an WDC gur deis nach bhfacthas cheana atá san athrú seo chun an ‘bhearna spásúil dhigiteach’ a líonadh agus go bhféadfadh leathanbhanda tuaithe ardluais bheith ina thoradh dearfach ar an athrú.  Bhíomar sásta tagairt a fheiceáil dó seo i gcáipéis athnuachan an gheilleagrach ón Rialtas le déanaí Geilleagar Cliste na hÉireann a thógáil,” a dúirt an Dr O’Hara mar chonclúid.