Bí inár dTeannta » YouTube Logo Facebook Logo LinkedIn Logo Twitter Logo RSS icon
Baile Nuacht Nuacht WDC Caithfear tús áite a thabhairt do Bheartas Réigiúnach i gCúlú Geilleagrach
Priontáil
Dé Luain, 19 Iúil 2010 09:57

Réigiúin Iarthair na hÉireannNíl acmhainní na réigiún is lú forbairt á n-úsáid go hiomlán.  Ach cuirfidh sé leis an mborradh geilleagrach náisiúnta, má úsáidtear na hacmhainní agus an cumas féideartha seo nár úsáideadh sna réigiúin cosúil le Réigiún an Iarthair.  Is cur amú tallainne agus deise atá ann mura bhfíoraítear cumas na réigiúin ar fad.  Tá an méid seo le feiceáil in Cén Fáth a bhfuil na Réigiúin Tábhachtach? Cuir chuig nua maidir le Beartas Réigiúnach, Nóta Beartais a d’fhoilsigh Coimisiún Forbartha an Iarthair (WDC) inniu. 

Dúirt an Dr Helen McHenry, Anailísí Beartas le WDC: “Má tá borradh náisiúnta uainn, caithfimid infheistíocht a dhéanamh inár réigiúin.  Gheobhaidh an tír ar fad tairbhí as borradh a thabhairt chuig na réigiúin is lú forbairt.  Léiríodh é seo i dtuarascálacha a d’fhoilsigh an OECD le gairid.” Tá na réigiúin réidh le freagairt, mar a chonacthas sa bhorradh a tharla i rith an bhorrtha mhóir.  I Réigiún an Iarthair, mar shampla, tháinig ardú ar rannpháirtíocht an fhórsa saothair ó 56% go 61% i rith na tréimhse ina raibh borradh geilleagrach an-tapa idir 2000-2007.  Creideann an WDC anois go bhfuil sé tábhachtach a chinntiú nach gcailltear an dul chun cinn a rinneadh i rith na tréimhse sin.

“Go minic, meastar go bhfuil níos mó ‘cumais’ ag réigiúin áirithe thar a chéile, níor chóir go n-úsáidfí é seo le comhdhlúthú infheistíochta sna réigiúin sin a dhlisteanú,” a dúir sí freisin.  “Ní leor acmhainní a choinneáil in áit amháin chun borradh náisiúnta marthanach a fháil.  Tiocfaidh an tairbhe iomlán is mó ó shócmhainní na réigiún tuaithe agus uirbeach a úsáid.” Deir an WDC go bhfuil forbairtí iompair agus bonneagair eile ríthábhachtach le haghaidh forbairt réigiúnach ach nach leor iad leo féin.  Caithfear infheistíocht i mbonneagar a chothabháil agus a nascadh le hinfheistíocht i bpríomhphrionsabail an fhiontair, na fostaíochta agus an oideachais, mar aon spreagadh nuálaíochta.  “D’aimsigh an OECD go mbíonn borradh réigiúnach agus náisiúnta ann nuair a oibríonn na gnéithe seo le chéile,” a dúirt an Dr McHenry.

“Tá beartas réigiúnach ábhartha do gach beartas.  Tá gá le pearsa aonair inaitheanta ag leibhéal náisiúnta chun beartas réigiúnach a chomhordú má tá sé le bheith iomlán éifeachtach.”  Chríochnaigh an Dr McHenry: “Tá ról ríthábhachtach le himirt ag beartas poiblí i bhforbairt gach réigiún agus le cuidiú leo a gcumas a bhaint amach. Níl aon chur chuige aonair ann a oibreoidh do gach réigiún ach má tá beartas réigiúnach éifeachtach, tabharfaidh sé difríochtaí san áireamh agus beidh tír níos fearr ann dá bharr ina mbeidh roghanna níos fearr dúinn go léir.”

Is é an chéad cheann de shraith Nótaí Beartais an WDC atá sa Nóta Beartais a léireoidh agus a thabharfaidh plé agus anailís ar na saincheisteanna beartais réigiúnacha. Is féidir an cháipéis bheartais iomlán a fháil anseo

Le tuilleadh faisnéise a fháil, déan teagmháil leis:
An Dr Helen McHenry, Anailísí Beartais, Coimisiún Forbartha an Iarthair.  0949861441