|
| Dé Céadaoin, 30 Meitheamh 2010 08:42 | |
|
Tugann an Chomhpháirtíocht Ghael-Mheiriceánach $11,500 SAM do Scoileanna i Maigh Eo Fuair cúig scoil i gContae Mhaigh Eo maoiniú $11,500 SAM eatarthu ón gComhpháirtíocht Ghael-Mheiriceánach faoina gcláir ‘Leabharlann agus Eolaíocht Bunscoile’. Bainfear úsáid as an maoiniú le leabhair, le hábhair léitheoireachta agus le hábhair eolaíochta a cheannach. Tá trí cinn de na cúig scoil i mBéal Átha na Muice – Scoil Náisiúnta Chill Lasrach, Scoil Náisiúnta Mhílic agus Scoil Náisiúnta na Cúile Móire – agus tá dhá cheann i dTuar Mhic Éadaigh – Scoil Náisiúnta Thuar Mhic Éadaigh agus iar-bhunscoil Choláiste Mhuire. Bhí beirt fhear a bhfuil dlúthbhaint acu le Maigh Eo – Jim Durkan as Béal Átha na Muice ó dhúchas agus Patrick Heneghan ar tháinig a shinsearaigh ó Thuar Mhic Éadaigh – fíorthábhachtach maidir le cinneadh na Comhpháirtíochta Gael-Mheiriceánaí maoiniú a thabhairt do chúig scoil i gContae Mhaigh Eo. Tá an tUasal Durkan agus an tUasal Heneghan lonnaithe in Chicago agus is baill ghníomhacha iad den Chomhpháirtíocht. Thug Patrick Heneghan agus Chris Kozicki seiceanna do phríomhoidí na gcúig scoil ar son na Comhpháirtíochta Gael-Mheiriceánaí. Labhair John Cribbin, Cathaoirleach Chomhairle Contae Mhaigh Eo, ag an mbronnadh: “Ar son phríomhoidí, mhúinteoir, thuismitheoirí agus dhaltaí na gcúig scoil, ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil le Jim Durkan, le Patrick Heneghan, le Chris Kozicki agus leis an gComhpháirtíocht Ghael-Mheiriceánach níos leithne as a dtabhartas flaithiúil. Cúnamh mór a bheidh ann do na cúig scoil ádhúla.” D’fhear Peter Hynes, Bainisteoir Contae Mhaigh Eo, fáilte roimh na tabhartais mar “fhíorléiriú ar na nascálacha a tháthaíonn diaspóra Mhaigh Eo ar fud na cruinne le chéile.” Dúirt Joanne Grehan ó Choimisiún Forbartha an Iarthair (WDC): “Is dearbhchara í an Chomhpháirtíocht Ghael-Mheiriceánach le Contae Mhaigh Eo agus le hÉirinn. Trínár gcuid oibre ar LookWest.ie, tá an WDC ag cothú caidrimh leis an diaspóra Éireannach agus é mar sprioc infheistíocht isteach i Réigiún an Iarthair a mhéadú. Is ríthábhachtach iad eagraíochtaí fearacht na Comhpháirtíochta Gael-Mheiriceánaí chun cuidiú linn dul i dteagmháil le hÉireannaigh thar lear ar bhealaí nuálacha. Is sócmhainn é an diaspóra do Mhaigh Eo agus do Réigiún an Iarthair agus ba dheas linn naisc a neartú idir easaoránaigh an-rathúla agus na gnólachtaí agus tionscadail nuálacha atá i mbun feidhme i Réigiún an Iarthair.” Dúirt Mary Sugrue McAleer, Leas-Uachtarán na Comhpháirtíochta Gael-Mheiriceánaí, “Tá lúcháir orainn gur chruinníomar an t-airgead seo do scoileanna i Maigh Eo agus ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le Jim Durkan agus Patrick Heneghan as ucht an comórtas gailf a eagrú i Chicago ar na mallaibh. Tá os cionn 10,000 ball againn ar fud na Stát Aontaithe agus cruinníonn an Chomhpháirtíocht Ghael-Mheiriceánach airgead chun tacaíocht a thabhairt do dheiseanna oideachais, do chruthú post agus do thionscadail trasphobail in Éirinn, ó thuaidh agus ó dheas ón teorainn.” Bhí baill den Chomhpháirtíocht Ghael-Mheiriceánach freagrach as deontais arbh fhiú níos mó ná $16 mhilliún iad do thionscnaimh oideachais na hÉireann go nuige seo mar chuid dá dtacaíocht leanúnach do scoileanna in Éirinn. Oibríonn an Chomhpháirtíocht go dlúth leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta le cláir agus le scoileanna oiriúnacha a shainaithint le haghaidh maoiniú. Le tuilleadh faisnéise a fháil, déan teagmháil leis na daoine a leanas: Joanne Grehan, Coimisiún Forbartha an Iarthair, 086 856 5802 nó Angela Bane, Bane Mullarkey, 087 286 5217 |




