Bí inár dTeannta » YouTube Logo Facebook Logo LinkedIn Logo Twitter Logo RSS icon
Baile Nuacht Nuacht WDC Ní Mór do Straitéisí Náisiúnta an Gheilleagair Dul i nGleic le Dúshláin Fostaíochta i gCeantair Lasmuigh de Chathracha Móra – WDC
Priontáil
Déardaoin, 21 Eanáir 2010 15:44

Ní Mór do Straitéisí Náisiúnta an Gheilleagair Dul i nGleic le Dúshláin Fostaíochta i gCeantair Lasmuigh de Chathracha Móra – WDC

Beidh call le gníomh comhbheartaithe má tá Réigiún an Iarthair, go háirithe an chuid thuaidh ina sonraítear sochaí thuaithe den chuid is mó, le dul i dtreo ‘geilleagar cliste’.  Mura dtarlaíonn a mhacasamhail, d’fhéadfadh na gnóthachain forbartha réigiúnaí a rinneadh le deich mbliana anuas bheith in aisce agus thiocfadh leis an mbearna idir oirthear agus iarthar na tíre leathnú níos mó agus ní bheadh Réigiún an Iarthair in ann cur leis an bhfás náisiúnta an oiread céanna.

Seo de réir thuarascáil nua Choimisiún Forbartha an Iarthair (WDC).  Déantar scrúdú sa tuarascáil, Obair san Iarthar: An Dúshlán Fostaíochta agus Dífhostaíochta i Réigiún an Iarthair, ar staid na fostaíochta agus na dífhostaíochta faoi láthair i Réigiún an Iarthair, déantar anailís inti ar na príomhdhúshláin atá ann dá thoradh agus luaitear moltaí inti faoi cad ba cheart a dhéanamh le fás a chur faoin réigiún amach anseo.

Mhaígh Lisa McAllister, Príomhfheidhmeannach WDC, “Tá sé de nós i mbeartais gheilleagracha agus réigiúnacha faoi láthair díriú níos mó ar ról agus ar chumas na gcathracha níos mó agus tagann an fócas seo ón dearcadh gur ionann forbairt réigiúnach chothromaithe agus athdháileadh acmhainní náisiúnta, seachas forbairt réigiúnach a shainaithint mar chuid lárnach d’fhás náisiúnta.”

Fuarthas amach sa tuarascáil go raibh an fás fostaíochta ní ba mhó idir 2000 agus 2009 sa réigiún le sonrú sna hearnálacha tógála, miondíola, mórdhíola agus seirbhísí poiblí.  Tháinig níos mó ná méadú faoi dhó ar an ráta dífhostaíochta i Réigiún an Iarthair ó 5.0% (Q1 2008) aníos go 10.8% (Q1 2009) i mbliain amháin.  Tháinig athrú ar struchtúr na fostaíochta sa réigiún chomh maith le deich mbliain anuas; is treise an fhostaíocht i gceantair uirbeacha ná mar atá sí i gceantair thuaithe. 

I rith na mblianta borrtha, i dteannta an mhéadaithe ar an bhfostaíocht, bhí feabhsúcháin mhóra ar oideachas fhórsa saothair an réigiúin agus tháinig ardú ar an sciar den daonra ag a raibh cáilíocht tríú leibhéal ó 18.9% aníos go 28.2% (2002-2008).  Luaitear sa tuarascáil go bhfuil bunachar níos láidre d’acmhainní daonna sa réigiún anois chun borradh geilleagrach a chur chun tosaigh.

Dhearbhaigh an tUasal McAllister freisin gur cuireadh in iúl sa tuarascáil go ginearálta nach bhfuil an réigiún (go háirithe ó thuaidh ó Chathair na Gaillimhe) chomh réidh céanna don bhogadh i dtreo geilleagar eolasbhunaithe nó ‘geilleagar cliste’ de bharr go bhfuil sciar níos airde den fhostaíocht atá ann le fáil in earnálacha lena mbaineann leibhéal scileanna níos ísle de gnáth, breisluach níos ísle agus níos mó i mbaol an chúlaithe eacnamaíochta agus go bhfuil sciar níos ísle ag oibriú in earnálacha lena mbaineann leibhéal scileanna níos airde agus breisluach ard (e.g. seirbhísí airgeadais, seirbhísí faisnéise agus seirbhísí cumarsáide) ná an chuid eile den Stát. 

Dúirt sí go bhfuil borradh Réigiún an Iarthair amach anseo ríthábhachtach don réigiún féin agus don tír trí chéile.  “D’fhéadfadh sé tarlú go mbeadh an réigiún ag brath ar aistrithe ón gcuid eile den tír faoi choinne a inbhuanaitheachta geilleagraí agus sóisialta mura ndéanfaí forbairt ar gheilleagar Réigiún an Iarthair.  Ar a shon sin, cuirfidh geilleagar réigiúnach beoga bríomhar le téarnamh náisiúnta.”

Lean an tUasal McAllister uirthi, “Ní rogha ceachtar/nó iad fás náisiúnta agus forbairt réigiúnach.  Mura gcuirfear ar chumas réigiún fás agus borradh, d’fhéadfadh níos mó dífhostaíochta bheith iontu ar feadh tréimhse ní b’fhaide agus bheadh sé ina bhunús le deacrachtaí móra do na daoine agus do na pobail bhuailte.”