|
| Déardaoin, 01 Deireadh Fómhair 2009 08:22 | |
|
Faigheann an WDC €1 mhilliún chun an Earnáil Fuinneamh Adhmaid a Fhorbairt i Réigiún an Iarthair; tá deiseanna nua fiontair agus poist le fáil as acmhainní adhmaid Réigiún an Iarthair. Chinntigh Coimisiún Forbartha an Iarthair (WDC) maoiniú €1 mhilliún ón Aontas Eorpach (AE) leis an earnáil fuinneamh adhmaid i Réigiún an Iarthair a fhorbairt. Tacóidh an maoiniú, cuid de thionscadal AE ar fiú €2.8 milliún é thar trí bliana, le feirmeoirí, le fiontair thuaithe agus le pobail tuaithe leis an earnáil teas adhmaid a mhéadú. D’fhógair an tUasal Éamon Ó Cuív, T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an maoiniú ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta i mBaile Átha Í. Dúirt an tAire Ó Cuív, “Fáiltím roimh an maoiniú seo le cuidiú le forbairt na hearnála fuinneamh adhmaid. Cuid d’obair an WDC is ea a chinntiú go gcuireann Réigiún an Iarthair luach ar a acmhainní nádúrtha flúirseacha agus tá an earnáil fuinnimh in-athnuaite lárnach le haghaidh borradh geilleagrach. Mar fhoinse fuinnimh, tá adhmad an-indéanta do dhaoine atá ina gcónaí i gceantair thuaithe agus méadóidh an tionscadal úsáid teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite i ngeilleagair thuaithe, agus beidh réimse tionchair gheilleagracha mar thoradh orthu lena n-áirítear cruthú agus coinneáil fostaíochta, agus ceannródaíocht coincheapa nua gnó agus táirgí. Beidh tionchar dearfach ag an méadú i roghnú fuinnimh in-athnuaite ar iomaíochas réigiúnach, nuálaíocht agus éagsúlú gníomhaíocht gheilleagrach i gceantair thuaithe.” Dúirt Ian Brannigan, Bainisteoir Forbartha ag an WDC, “Tá fuinneamh in-athnuaite ina réimse fíorthábhachtach do bhorradh geilleagrach, agus cé go bhfuil 40% d’acmhainní adhmaid na hÉireann i Réigiún an Iarthair, tá an margadh fuinneamh adhmaid tearcfhorbartha i gcomparáid le leibhéil idirnáisiúnta. Cuirfidh an tionscadal seo oiliúint, comhairle agus tacaíocht ar fáil d’fheirmeoirí, do ghnólachtaí beaga feirmeoireachta agus d’úinéirí foraoisí príobháideacha le cuidiú leo a n-acmhainní foraoiseachta a athrú ina bhfiontair a ghineann ioncam agus deiseanna poist.” “Tá sé léirithe ag ár dtaighde go bhfuil roinnt bacainní go dtí seo i bhfás an mhargaidh le haghaidh breosla adhmaid lena n-áirítear leibhéil ísle muiníne sa mhargadh, easpa faisnéise faoin margadh agus scileanna teicniúla agus gnó teoranta. Ceadóidh maoiniú an AE dúinn dul i ngleic go gníomhach leis na saincheisteanna seo chun úsáid teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite a mhéadú i ngeilleagair thuaithe,” a dúirt sé freisin. Gheobhaidh an tionscadal, Chur Chuige Réigiúnach chun Réitigh Áitiúla Fuinnimh In-athnuaite a Spreagadh (RASLRES), maoiniú iomlán €2.8 milliún, faoi Chlár Forimill Thuaidh AE INTERREG, ina n-áirítear comhpháirtithe idirnáisiúnta as Tuaisceart Éireann, Albain, an tSualainn, an Fhionlainn agus Oileáin Fharó. Tá €1 mhilliún faighte ag an WDC mar phríomh-chomhpháirtí an tionscadail do na contaetha a leanas i Réigiún an Iarthair in Éirinn: Dún na nGall, Sligeach, Liatroim, Ros Comáin, Maigh Eo, Gaillimh agus an Clár. Mhínigh Bernadette Phelan, Feidhmeannach Forbartha Réigiúnaí ag an WDC an méid a leanas, “Cuireadh go leor plandálacha foraoiseachta san Iarthar i rith na 1980idí agus 1990idí. Tá an acmhainn seo, dá bhrí sin ag aois oiriúnach don chéad tanúchán agus tanúcháin eile dá éis, mar sin tá an tionscadal an-tráthúil. Cruthóidh forbairt mhargadh an fhuinnimh adhmaid margadh le haghaidh na dtanúchán foraoiseachta seo agus spreagfaidh sé feirmeoirí le bainistiú gníomhach a dhéanamh ar a bhforaoiseacht agus beidh fómhar adhmaid níos fearr dá bharr nuair a bheidh na crainn lánaibí.” Deir an tUas. Phelan gur tréith lárnach d’fhuinneamh adhmaid is ea go bhfuil ‘lúbanna áitiúla’ éilimh agus soláthair ann i gceantair gheografacha ar leith. Tá ardleibhéal gníomhaíochta dúchasaí sna ‘lúba áitiúla’ seo agus dá bhrí sin coinnítear céatadán ard den bhrabús go háitiúil. Deir sí go bhfuil ceangail láidir ag gníomhaíocht gheilleagrach san earnáil leis an ngeilleagar réigiúnach ina bhfuil an acmhainn nádúrtha (an breosla) agus an margadh suite. Áireofar sa tionscadal seo feachtas feasachta agus faisnéise chun aird a tharraingt ar na deiseanna le haghaidh táirgeoirí breosla mar aon le faisnéis le haghaidh úsáideoirí deiridh faoi na buntáistí a bhaineann le fuinneamh adhmaid a úsáid. “Do scoileanna, ospidéil, óstáin agus monarchana, cuirfidh an tionscadal comhairle agus saineolas neamhchlaonta ar fáil maidir le hindéantacht chun adhmad a úsáid chun a riachtanais fuinnimh a shásamh,” a dúirt sí, leis. “Faoi láthair, táimid ag cur bailchríche ar na sonraí lenár gcomhpháirtithe idirnáisiúnta agus Rúnaíocht AE INTERREG agus beidh fáil ar shuíomh gréasáin nua an tionscadail sna seachtainí amach romhainn. Faoi thús 2010 tosóimid ag rollú amach na seirbhísí tacaíochta éagsúla d’earnáil fuinneamh adhmaid an réigiúin agus foilseoimid faisnéis sna meáin áitiúla faoin gcaoi ar féidir le daoine bheith páirteach. Ag deireadh an lae, braithfidh rath an tionscadail ar rannpháirtíocht na hearnála foraoiseachta feirme agus úsáideoirí deiridh ag obair i gcomhar linn,” a dúirt sí. De réir mar a fhorbraíonn an earnáil, áireofar tairbhithe eile ar nós conraitheoirí foraoiseachta, cuideachtaí tarlaithe chun breosla adhmaid a iompar ó fhoinse go húsáideoir deiridh agus pluiméirí, innealtóirí agus conraitheoirí leictreacha chun coirí agus córais stórála breosla a shuiteáil cosúil le sadhlanna, gaistí agus córais láimhsithe. D’fhás an maoiniú ón tionscadal straitéiseach fuinneamh adhmaid réigiúnach atá treoraithe ag an WDC ó 2007 nuair a thug sé le chéile páirtithe leasmhara poiblí agus príobháideacha chun plean fadtéarmach a fhorbairt. D’oibrigh sé go dlúth le hÚdarás na Gaeltachta, Teagasc, Fuinneamh Inmharthana Éireann (SEI), an Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia, an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha mar aon le húinéirí príobháideacha foraoise agus pobail áitiúla. Léiríonn taighde an WDC go bhféadfadh an tIarthar acmhainn dhúchasach inbhuanaithe in-athnuaite fuinnimh a fhorbairt a chuirfeadh 11% de riachtanais teasa an réigiúin ar fáil faoin mbliain 2020 agus suas le 900 post breise a chruthú. Chun 11% de riachtanais teasa an réigiúin a sholáthar theastódh 470,000 tonna de bhreosla adhmaid, ghinfí €15 mhilliún breise don gheilleagar agus chuirfí €1.7 milliún ar fáil d’earnáil feirmeoireachta an Iarthair gach bliain. Scaipfí na poist a chruthófaí thar an slabhra soláthair ar fad ó úinéirí foraoisí príobháideacha, chuig cuideachtaí lastais, go pluiméireacht, innealtóireacht, agus cuideachtaí leictreacha. Anuas air sin, b’ionann na hastuithe measta CO2 a shábhálfaí gach bliain agus níos mó ná 92,000 carr a bhaint de na bóithre in iarthar na hÉireann. Chríochnaigh an tUas. Phelan ag rá go n-ardóidh forbairt na hearnála fuinneamh adhmaid feasacht ar an ngeilleagar carbóin agus iompraíochtaí íogaire comhshaoil - le haghaidh daoine aonair agus fiontair - lena n-áirítear úsáid níos leithne teicneolaíochtaí glasa a théann chun tairbhe an gheilleagair agus an chomhshaoil chomh maith leis na tairbhí geilleagracha agus na deiseanna chun fostaíocht a chruthú. Má mian leat níos mó a fháil amach faoin tionscadal, déan teagmháil le Bernadette Phelan, Feidhmeannach Forbartha Réigiúnaí, WDC, Teil.: 094 986 1441, ríomhphost Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbat turscair, teastaíonn JavaScript le hé a fheiceáil . |




