|
Déardaoin, 19 Lúnasa 2010 08:07 |
|

Fógraíodh buaiteoirí Chomórtas Grianghraf LookWest.ie ‘Glac Blúire de Shligeach sa Samhradh’ inniu tar éis taispeántais den fhiche grianghraf is fearr a thaispeáint ag Capture Gallery, an t-aon spás taispeántais grianghraf mínealaín i Sligeach. Is í Laura Hunt an buaiteoir foriomlán lena seat de ‘Léim Samhraidh’ a tógadh ar na dumhcha ag an Leathros sa ghrian, agus bhí Radka Bartova sa dara háit le ‘Seisiún Ceoil Samhraidh ar Thrá an Leathrois’. Chun an chuid eile de na hiontrálacha agus de na grianghraif ón mbronnadh duaiseanna a fheiceáil tabhair cuairt ar ár leathanach Facebook. “Bhí os cionn 500 iontráil againn don chomórtas grianghraf ó dhaoine áitiúla agus ó chuairteoirí a bhí ag glacadh grianghraf timpeall ar Shligeach i rith mhí Iúil,” a dúirt Joanne Grehan, Feidhmeannach Forbartha Réigiúnach ag Coimisiún Forbartha an Iarthair (WDC).
“Bhí an comórtas agus an taispeántas mar chuid de thionscnamh LookWest.ie de chuid WDC chun Réigiún an Iarthair a chur chun cinn mar áit iontach le cónaí ann, le hoibriú ann agus le gnó a dhéanamh ann. Bhí caighdeán na grianghrafadóireachta an-ard agus áiríodh i measc na n-iontrálacha CLG Shligigh, imeachtaí ag Lios an Daill le Leonard Cohen agus Westlife agus gan dabht an ghrian álainn samhraidh.
“Cuireadh fáilte roimh bhaill an phobail vótáil do na híomhánna ab fhearr leo ón 20 grianghraf a bhí ar an ngearrliosta, arna roghnú ag painéal de grianghrafadóirí i Sligeach. Bhí vótáil ar siúl sa Capture Gallery agus ar líne trí LookWest.ie agus cláraíodh beagnach 1,000 vóta don chomórtas le daoine timpeall na cruinne ag vótáil,” a deir Joanne. Is dalta gnóthach 16 bliana d’aois í an buaiteoir Laura Hunt, atá an-bhainteach le hAmharclann Óige Chontae Shligigh, grianghrafadóireacht, obair dheonach le féilte áitiúla agus bheith in siúlóir scodalach. Tá sí díreach tagtha ar ais ón Iodáil tar éis páirt a ghlacadh i malartú idirchultúrtha. Tá buaiteoir an dara duais, Radka Bartova, arb as Poblacht na Seice í ó dhúchas ina cónaí agus ag obair i Sligeach le ceithre bliana anuas. Rinne Radka staidéar ar thurasóireacht ach is í an ghrianghrafadóireacht an paisean atá aici. Fuair Laura Hunt netbook ó Fastcom, soláthróirí leathanbhanda áitiúil agus fuair Radka Bartova a tháinig sa dara háit dearbhán ó KoKo Latte Boutique Café and Lounge. Tugadh priontaí dá ngrianghraif do na hiontrálaithe ar fad le tabhairt abhaile.
“Ní fhéadfaí comórtais cosúil leis seo a reáchtáil gan cúnamh agus tacaíocht comhpháirtithe agus urraitheoirí agus táimid fíorbhuíoch de Capture Gallery, Fastcom, KoKo Latte Boutique Café and Lounge, Printfix agus Cumann Lucht Trádála Shligigh a chuidigh linn an comórtas a dhéanamh chomh maith is a bhí sé,” a chríochnaigh an tUas. Grehan.
|