Bí inár dTeannta » YouTube Logo Facebook Logo LinkedIn Logo Twitter Logo RSS icon
Baile Nuacht
Priontáil
Dé Máirt, 17 Lúnasa 2010 11:37

Tá sé fógartha ag Coimisiún Forbartha an Iarthair (WDC) go bhfuil sé ag tacú le ceardlanna pleanála gnó Fhéile Icarus a reáchtálfar i gConamara ar an 27 agus 28 Lúnasa 2010. Tabharfaidh na ceardlanna lae iomláin bunús tacaíochta d’fhiontraithe, gnólachtaí tosaithe, nuálaithe agus daoine cruthaitheacha chun a ndúshláin straitéiseacha a shainaithint agus bealaí praiticiúla a cheapadh chun a gcumas gnó a fhuascailt.

“De bharr na straitéise atá againn chun earnáil na cruthaitheachta a chur chun cinn agus a fhorbairt i Réigiún an Iarthair, táimid sásta tacú le tionscadal Fhéile Icarus,” a dúirt Joanne Grehan, Feidhmeannach Forbartha Réigiúnach sa WDC.  

“Léirigh ár staidéar in 2009 ‘An tIarthar Cruthaitheach: Earnáil na Cruthaitheachta i Réigiún an Iarthair’, go raibh 4,779 gnólacht cruthaitheach ag feidhmiú i Réigiún an Iarthair agus go raibh níos mó ná 11,000 duine á bhfostú acu go díreach. Cothaíonn sé seo láimhdeachas bliantúil €534m agus cuireann sé €270m go díreach le hOll-bhreisluach an gheilleagair réigiúnaigh. Mar sin, is mórchuiditheoir geilleagrach atá ann don réigiún a chreidimid gur féidir borradh suntasach a chur faoi, agus tá imeachtaí cosúil le Féile Icarus lárnach chun an borradh sin a thiomáint,” a dúirt sí chomh maith.

Dúirt fógróir Fhéile Icarus, Chris Mortimer, “Tá fiontraithe tiomnaithe ag a bpaisean agus foghlaimíonn siad óna dteipeanna. Tríd an imeacht seo, táimid ag déanamh iarrachta na nithe sin a úsáid agus pleananna infheidhmithe a chur le chéile a bhainfidh tairbhe as an bpaisean.” Lean sé ar aghaidh, “Ní dhíríonn cláir oiliúna traidisiúnta ar na gnéithe seo, ach tá Féile Icarus ag díriú ar iad a úsáid mar phreabchlár do ghnó agus pleanáil chruthaitheach.”

Le linn na ceardlainne, oibreoidh na rannpháirtithe trí roinnt ceisteanna tábhachtacha gnó, ag tarraingt ó shaineolas agus léargais an ghrúpa. Forbróidh na toscairí ar fad ‘plean eitilte’, agus sainaithneoidh siad comhpháirtí, lena gcomhoibreoidh siad tar éis an imeachta, agus iad ag forfheidhmiú a bpleananna gnímh.

“Glacann Féile Icarus le cur chuige uathúil a chuidíonn le fiontraithe trí iad a spreagadh le foghlaim trí na díospóireachtaí piara éascaithe seo agus struchtúr soiléir, smacht agus tairiscint luacha mar thaca.   Trí thacú le fiontraithe cosúil leo seo agus a smaointe a iompú ina ngnólachtaí inmharthana, bogaimid níos gaire do chumas Réigiún an Iarthair le 2,000 post breise ar a laghad a chruthú in earnáil na cruthaitheachta a fhíorú,” a dúirt an tUas. Grehan.

Tógann Féile Icarus inspioráid ó scéal Gréagach Icarus a rinne sciatháin dá chuid féin chun éalú, ach thit sé ón aer agus bhásaigh sé de bharr gur eitil sé róghar don ghrian.

“Tá go leor le foghlaim ag fiontraithe nua-aimseartha ó Icarus,” a dúirt Chris Mortimer. “Bhí an paisean ag Icarus dul ar aghaidh agus bhí an chruthaitheacht aige réiteach nuálach a cheapadh. An botún is mó a rinne sé nár aithin sé nuair a bhí ag teip air agus a fhócas a athrú dá réir. Mar fhiontraithe, tá a fhios againn gur féidir le teip bheith ina chatalaíoch iontach d’athrú a dhéanamh, ach caithfimid bheith ionraic faoin áit a bhfuil scóip ann d’fheabhsú.”

Cuireann na ceardlanna deis ar fáil na fo-ghrúpaí ar fad atá sa gheilleagar cruthaitheach a thabhairt le chéile. Tá ticéid don ócáid ar fáil ar €19.50 in aghaidh an lae agus is féidir iad a cheannach ag www.feileicarus.com.

Le tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le do thoil le:

Joanne Grehan, Coimisiún Forbartha an Iarthair, 086 856 5802

Chris Mortimer, Féile Icarus, 087 096 3818

Bernadette Mullarkey, Bane Mullarkey, 086 806 2540